Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Brian Imperator Scotorum (Ar leanamhaint)
Title
Éire - Brian Imperator Scotorum (Ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tAonmhadh Ceann ar Fhichid. Brian Imperator Scotorum. (Ar leanamhaint) Chuaidh Brian 's a shluagh ó Cheann Coradh go teorainn Átha Cliath fá dhá lá, thré bhóithribh boga sa gheimhreadh, le súil go mbéarfaidhe ar an mbealach ar Mhaelmhuire is ar Lochlannaibh. Scuireadar soin as Mhaelsheach- lainn i n-am tráth, agus sceinneadar ar gcúl. Bhí a gceann gluaiste thairis slán acht ghnídh sé brus dá sluaighthibh deiridh, agus lean sé ar an arm tosaigh go hÁth Cliath. Ní raibh uain ar an ndún soin do thógáil sul ar tháinig síon is fliuchán na Nodlag, agus d'fhill Brian go Ceann Coradh ar lorg lóin. Ní túisce bheidh nóiníní an earraigh ag cur a gcluas thríd an mbán 'ná go mbeidh an chú chraosach úd ar an dtáirsigh againn arís, arsa Maelmhuire. Do b'fhior dhó soin. Cuireadh gairm scoile amach ar faid Éireann, 'ghá fhógairt go raibh éirghe amach sa tír agus go raibh sé riachtanach ar gach duine cabhrughadh leis an Áird-Rígh. D'fhreagair na Connachtaigh mar ba ghnáthach riamh leo nuair do bhí cabhair ó Áird-Rígh Éireann. Níor chorruigh taoisigh Uladh cos, agus ní raibh aon chlaidheamh amháin as an gCúige sin i gCluain Tairbh. Bhí Brian go carthannach leo i gcomhnaidhe, acht níor bha dhá dtreibh féin é, agus bhíodh éad ortha le haon Áird-Rígh eile acht ceann dá muinntir féin. Ar a shon soin is eile, is mór é cáil is ceannas Chúige Uladh i stair na hÉireann. Ba mhór é a n-easnamh i gCluain Tairbh, agus bhí Muimhnigh is Connachtaigh droch-aigeantach dóibh 'na thaobh soin go ceann i bhfad 'na dhiaidh súd — rud do ghnídh máchaill mhór do'n tír ar feadh na mbliadhanta bhí chughainn. Má bhí Brian ag ullmhughadh ar feadh an gheimhridh úd, ní raibh a namhaid díomhaoin. Chuireadar fios ar fhearaibh cogaidh go Sasana, go Frainnc is go hAlmáin. Bhí na Lochlannaigh chomh láidir sin ar mhór-thír na hEorpa fá'n am so gur thiomáin Sbhégin, rí Danar, cabhlach mór go dtí Sasana le díoghal do bhaint amach i dtaobh beart feill d'imir Sasanaigh ar Lochlannachaibh, agus do scrios sé an tír sin le faobhar claidhimh is dóighteán ó'n dtaobh thuaidh go dtí an taobh theas, agus chuir Cnút, a mhac féin, mar rí ar an dtír go léir. Stiúruigh Cnút seo na mílte Lochlannach is Sasanach fá dhéin Átha Cliath, agus Sígurd is Amhlaoibh is Bruadar mar cheannaibh ortha. Thréig na Lochlannaigh seo an Chríostaidheacht agus d'iompuigheadar 'na bPágánachaibh. Chualaidh Brian Bóirmhe an tóir do bhí chuige agus i n-ionad eagla 'theacht air is amhlaidh d'éirigh a bhruth is a mhisneach. Ní raibh aige acht Connachtaigh is Muimhnigh is Midhigh, agus dream de Ghaedhealaibh calma Alban do tháinig chum cabhartha na hÉireann lá an ghábhaidh. An méid do bhí aige, ámh, níor bh'fhurusta iad do shárughadh. Do b'fhiú eisean iad agus do b'fhiú iad-san eisean. Féach ar fhuighleach Dáil gCais ar a dturas a bhaile thré Chill Dara d'éis éirligh Chluain Tairbh, iad go tuirseach ag iomchar a bhfear gcréachta, nuair d'éirigh a namhaid, Mac Giolla Pádraig, ar an mbealach rómpa. Gheobham thar a gcorpaibh, adeir Donnchadh mac Bhriain, acht beirtear ar dtúis na fir chréachta ar gcúl i dtaisce agus cuirtear gárda fear claidheamh 'ghá gcosnamh. Ar mh'anam nach mar sin do bheidh, adeir gach gaiscidheach de'n dream gcréachta, acht cuirtear cúnach fuar fliuch le n-ár gcneadhaibh teo, tugthar claidhmhte dhúinn, buailtear staiceacha sa talamh agus ceangaltar 'nár seasamh leo sinn-ne. Is mar sin do chomhraiceocham, agus is feáirrde misneach ár mbráithre ár gcongnamh! Ní fhuil a leithéid sin de bhárr-ghaisce luaidhte i stair an tsaoghail, agus níor bh'iongnadh nuair do chonnaic na Laighnigh an radharc soin gur obadar an cath. Is iad a leithéidí sin d'fhearaibh do bhí ag meath, agus do bheadh mar sclábhuidhthe ag Lochlannaibh muna mbeadh gur éirigh an ceann-feadhna do dhlúthuigh le chéile iad, mar ní raibh ortha acht ceall stiúrthóra. Mhachtnuigheas im' aigne ar Bhrian Bóirmhe agus ar chionnus do sheasuigheann sé i gcomórtas leis na fearaibh meanman is mó tábhacht i stair an domhain. Ní dóigh liom go sáruigheann aon aca eisean. Thosnuigh sé gan puinn cumhachta; bhí namhaid 'na choinnibh do bhuaidh ar gach tír eile gur chuir sé chuige, agus bhí an namhaid sin níos treise aimsir Bhriain ná fá mar a bhí sé riamh roimhe sin. 'Na theannta soin bhí taoisigh is ríghthe Éireann i gcoinnibh Bhriain go ceann i bhfad, is éad ortha leis. Mar sin féin, gan coir fola ná feill, gan beart mhio- náireach i n-aghaidh carad ná namhad, d'éirigh sé féin agus tharraing sé leis Éire go dtí go raibh a hainm uasal agus a ainm féin fá mheas i ngach rígh-theach ó'n nGréig go Frainnc. Deirthear nár chóir dó an ríoghacht do bhaint de Mhaelsheachlainn, agus gur thug an bheart soin droch- thaithighe do thaoiseachaibh eile i ndiaidh a bháis. Ní móide 'ná go bhfuil beagán de'n fhírinne sa méid sin, acht ní áirighim go raibh aon chuma eile do réir na haimsire úd ar ríoghacht dhaingean do dhéanamh d'Éirinn. Do ghnídh Brian ríoghacht iomlán di, agus dá maireadh a mhac, Murchadh, is é is dóichíghe go mbeadh sliocht a shleachta mar ríghthibh ar Éirinn indiu. Do loit éirghe amach mhí-ádhmarach Mhaelmhuire Laighean an gnó gur chaith Brian a shaoghal chum a dhéanta. Dhíol an fealltóir sin as a dhroch-bheart len' anam i gCluain Tairbh. Beidh cuimhne an chatha soin go bráthach i nÉirinn, acht ní thabharfam-na acht súil-fhéachaint air fá mar is gnáthach linn le cath. Chruinnigh na Muimhnigh is na Connachtaigh i dtosach earraigh ins an mbl. 1014 ag Ceann Coradh. Ní raibh bruighean i nÉirinn le chúig bhliadhnaibh déag roimhe sin. Bhí trácht ar chathaibh i mbéal gach éinne agus bhailigh sean-daoine is mná is leinbh ar bhóithribh ó Cheann Coradh go Baile Átha Cliath ag feitheamh go bhfeicfidís gluaiseacht Bhriain. Cualathas siotraigh capall, cual- athas coiscéim coisidhthe, connacathas soillse is tril- seáin ar áthaibh na Life istoidhche agus scáil na bhfear is na gcapall ar uiscíbh na habhann ar nós samhaileacha ó'n saoghal eile. Nuair do cualathas stoc-airm Bhriain go moch ar faithche Átha Cliath bhí a fhios ag Lochlannaibh go rabhthas chucha. Do réir an áirimh is cruinne do b'é líon airm Bhriain is Mhaeilsheachlainn deich míle fichead fear, agus fá mar thuigim bhí breis is dá fhichid míle fear 'na gcoinnibh. Chuir Brian an ceanntar ó Pháirc an Fhinn-Uisce go Binn éadair fá theine, agus chuir an méid sin ar dearg- bhuile na Lochlannaigh suidhte timcheall Dhúin Átha Cliath — an ball céadna mar a bhfuil an caisleán gallda indiu. Bhris na Lochlannaigh amach fá n-a dhéin 'na dtrí ronnaibh. Bhí arm na hÉireann 'na dtrí ronnaibh mar an gcéadna, a nÁird-Rí agus a dtaoisigh cogaidh ar a gceann. Nuair do ghluaiseadar le héirghe an lae ó fhaithche Átha Cliath ba gheall le coill ag druidim leat iad, agus bhíodar chomh comhthromach cóirighthe sin go ndeir sean-úghdar go dtiomáinfidhe carbad cogaidh ar a gceannaibh. Choisc Brian iad i ngearracht urchair sleaga do Lochlannaibh, agus labhair do ghuth árd ó mhuin capaill, agus ba gheall le congnamh mílte fear dóibh an ghuth soin. D'árduigh sé os a gcomhair an chrois, dubhairt leo gur bh'é an lá so Aoine an Chéasta, an lá fuair a Slánuightheoir bás ar a son. Chuir sé i gcuimhne dhóibh gur bhuaidh a n-aithreacha ar a ghualainn féin i Sail- chómhaid sé bliadhna is dá fhichid roimhe sin, agus nár thug na Gaedhil riamh ó shoin cúl ar Lochlannaibh. Dhírigh sé a chlaidheamh chum na gcéadta barcanna dubha do líon cuan Bhaile Átha Cliath, agus d'iarr sé geall ar a laochaibh ná leigfidís aithid de'n dream do tháinig anall ar na barcannaibh dubha slán ar n-ais. D'fhreagair na Gaedhil é le trí gáir catha do cualathas i bhFinn Gall. Stiúróchad-sa sibh indiu fá mar do stiúruigheas riamh sibh, adeir sé go dán. D'iarr Murchadh air, fá mar iarr go minic le seachtmhain roimhe sin, ar athchuinge Dé leigean dó féin an t-airm do sheoladh sa cath, agus bhailigh a ghaolta 'na timcheall ar an athchuinge chéadna. Ghéill sé dóibh go dúr fá dheireadh. Gidh go raibh sé trí bliadhna déag is trí fichid bhí sé láidir cuthaigh fós, acht mar sin féin bhí faitchíos ar a ghaoltaibh go muirbheochaidhe sa chath é, agus go mbeadh Éire scriosta go deo dá n-imtheochadh aon nídh air. Dhírigh sé a chlaidheamh fá dhéin na námhad agus labhair sé arís: — Sin é an Lochlannach os bhur gcomhair; sin é meirge na hÉireann os bhur gcionn; sin é Murchadh ar bhur gceann. Ar aghaidh! ar aghaidh, i n-ainm Dé is Mhuire! Léim Dál gCais ar aghaidh le liúgh; chrith an bán fútha; bhuaileadar le fuaim i gcoinnibh bhuidhne laoch lúirighthe Lochlannach do bailigheadh thar lear ar son a ngaisce — dhá mhíle fear toghtha a líon so, agus Sígurd is Bruadar ar a gceann. Chrom Brian ar mhuin a chapaill, d'fhéach sé i ndiaidh na bhfear, is bhuail a chroidhe is dubhairt an croidhe nách truagh gan mé ar a gceann! D'fhair sé iad, is d'éist sé le fóbairt tuaghanna faobhracha Dáil gCais ag cantain ar lúir- eachaibh Gall mar a bheadh gliadar órd na gcéadta gabha ag bualadh barraí iarainn. Chonnaic sé beárna briste thríd an mbuidhin ghlais eachtrannach, chonnaic sé Murchadh ag brúchtadh thríd an mbeárnain úd is ag casadh ar n-ais arís le fothram ar nós gála gaoithe thré choilltibh tiugha. Bhailigh a ghárda timcheall ar an Áird-Rígh is thóg- adar leo ar gcúl é. Socruigheadh peiliúr fá n-a ghlúnaibh 'na chábán, agus chrom sé ar shailmeacha do rádh, mar ní raibh an paidrín mar ghnás ann go ceann cúpla céad bliadhan 'na dhiaidh súd. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services