Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An tAonmhadh Ceann ar Fhichid.
Brian Imperator Scotorum.
(Ar leanamhaint)
Chuaidh Brian 's a shluagh ó Cheann Coradh go teorainn
Átha Cliath fá dhá lá, thré bhóithribh boga sa gheimhreadh,
le súil go mbéarfaidhe ar an mbealach ar Mhaelmhuire
is ar Lochlannaibh. Scuireadar soin as Mhaelsheach-
lainn i n-am tráth, agus sceinneadar ar gcúl. Bhí a
gceann gluaiste thairis slán acht ghnídh sé brus dá
sluaighthibh deiridh, agus lean sé ar an arm tosaigh go hÁth
Cliath. Ní raibh uain ar an ndún soin do thógáil sul
ar tháinig síon is fliuchán na Nodlag, agus d'fhill Brian
go Ceann Coradh ar lorg lóin.
Ní túisce bheidh nóiníní an earraigh ag cur a gcluas
thríd an mbán 'ná go mbeidh an chú chraosach úd ar an
dtáirsigh againn arís, arsa Maelmhuire. Do b'fhior dhó
soin.
Cuireadh gairm scoile amach ar faid Éireann, 'ghá
fhógairt go raibh éirghe amach sa tír agus go raibh sé
riachtanach ar gach duine cabhrughadh leis an Áird-Rígh.
D'fhreagair na Connachtaigh mar ba ghnáthach riamh leo
nuair do bhí cabhair ó Áird-Rígh Éireann. Níor
chorruigh taoisigh Uladh cos, agus ní raibh aon chlaidheamh
amháin as an gCúige sin i gCluain Tairbh. Bhí Brian go
carthannach leo i gcomhnaidhe, acht níor bha dhá dtreibh
féin é, agus bhíodh éad ortha le haon Áird-Rígh eile acht
ceann dá muinntir féin. Ar a shon soin is eile, is
mór é cáil is ceannas Chúige Uladh i stair na
hÉireann. Ba mhór é a n-easnamh i gCluain Tairbh, agus
bhí Muimhnigh is Connachtaigh droch-aigeantach dóibh 'na
thaobh soin go ceann i bhfad 'na dhiaidh súd — rud do
ghnídh máchaill mhór do'n tír ar feadh na mbliadhanta
bhí chughainn.
Má bhí Brian ag ullmhughadh ar feadh an gheimhridh úd,
ní raibh a namhaid díomhaoin. Chuireadar fios ar
fhearaibh cogaidh go Sasana, go Frainnc is go hAlmáin.
Bhí na Lochlannaigh chomh láidir sin ar mhór-thír na
hEorpa fá'n am so gur thiomáin Sbhégin, rí Danar,
cabhlach mór go dtí Sasana le díoghal do bhaint amach
i dtaobh beart feill d'imir Sasanaigh ar Lochlannachaibh,
agus do scrios sé an tír sin le faobhar claidhimh is
dóighteán ó'n dtaobh thuaidh go dtí an taobh theas, agus
chuir Cnút, a mhac féin, mar rí ar an dtír go léir.
Stiúruigh Cnút seo na mílte Lochlannach is Sasanach
fá dhéin Átha Cliath, agus Sígurd is Amhlaoibh is Bruadar
mar cheannaibh ortha. Thréig na Lochlannaigh seo an
Chríostaidheacht agus d'iompuigheadar 'na bPágánachaibh.
Chualaidh Brian Bóirmhe an tóir do bhí chuige agus i
n-ionad eagla 'theacht air is amhlaidh d'éirigh a bhruth is
a mhisneach. Ní raibh aige acht Connachtaigh is Muimhnigh
is Midhigh, agus dream de Ghaedhealaibh calma Alban do
tháinig chum cabhartha na hÉireann lá an ghábhaidh. An
méid do bhí aige, ámh, níor bh'fhurusta iad do shárughadh.
Do b'fhiú eisean iad agus do b'fhiú iad-san eisean. Féach
ar fhuighleach Dáil gCais ar a dturas a bhaile thré Chill
Dara d'éis éirligh Chluain Tairbh, iad go tuirseach ag
iomchar a bhfear gcréachta, nuair d'éirigh a namhaid,
Mac Giolla Pádraig, ar an mbealach rómpa.
Gheobham thar a gcorpaibh, adeir Donnchadh mac Bhriain,
acht beirtear ar dtúis na fir chréachta ar gcúl i
dtaisce agus cuirtear gárda fear claidheamh 'ghá
gcosnamh. Ar mh'anam nach mar sin do bheidh, adeir
gach gaiscidheach de'n dream gcréachta, acht cuirtear
cúnach fuar fliuch le n-ár gcneadhaibh teo, tugthar
claidhmhte dhúinn, buailtear staiceacha sa talamh
agus ceangaltar 'nár seasamh leo sinn-ne. Is mar
sin do chomhraiceocham, agus is feáirrde misneach
ár mbráithre ár gcongnamh! Ní fhuil a leithéid sin de
bhárr-ghaisce luaidhte i stair an tsaoghail, agus níor
bh'iongnadh nuair do chonnaic na Laighnigh an radharc
soin gur obadar an cath.
Is iad a leithéidí sin d'fhearaibh do bhí ag meath, agus
do bheadh mar sclábhuidhthe ag Lochlannaibh muna mbeadh
gur éirigh an ceann-feadhna do dhlúthuigh le chéile iad,
mar ní raibh ortha acht ceall stiúrthóra.
Mhachtnuigheas im' aigne ar Bhrian Bóirmhe agus ar
chionnus do sheasuigheann sé i gcomórtas leis na
fearaibh meanman is mó tábhacht i stair an domhain.
Ní dóigh liom go sáruigheann aon aca eisean. Thosnuigh
sé gan puinn cumhachta; bhí namhaid 'na choinnibh do
bhuaidh ar gach tír eile gur chuir sé chuige,
agus bhí an namhaid sin níos treise aimsir
Bhriain ná fá mar a bhí sé riamh roimhe sin.
'Na theannta soin bhí taoisigh is ríghthe Éireann i
gcoinnibh Bhriain go ceann i bhfad, is éad ortha leis.
Mar sin féin, gan coir fola ná feill, gan beart mhio-
náireach i n-aghaidh carad ná namhad, d'éirigh sé féin agus
tharraing sé leis Éire go dtí go raibh a hainm uasal agus
a ainm féin fá mheas i ngach rígh-theach ó'n nGréig go
Frainnc. Deirthear nár chóir dó an ríoghacht do bhaint
de Mhaelsheachlainn, agus gur thug an bheart soin droch-
thaithighe do thaoiseachaibh eile i ndiaidh a bháis. Ní
móide 'ná go bhfuil beagán de'n fhírinne sa méid sin,
acht ní áirighim go raibh aon chuma eile do réir na
haimsire úd ar ríoghacht dhaingean do dhéanamh
d'Éirinn. Do ghnídh Brian ríoghacht iomlán di, agus dá
maireadh a mhac, Murchadh, is é is dóichíghe go mbeadh
sliocht a shleachta mar ríghthibh ar Éirinn indiu.
Do loit éirghe amach mhí-ádhmarach Mhaelmhuire
Laighean an gnó gur chaith Brian a shaoghal chum a
dhéanta. Dhíol an fealltóir sin as a dhroch-bheart
len' anam i gCluain Tairbh.
Beidh cuimhne an chatha soin go bráthach i nÉirinn,
acht ní thabharfam-na acht súil-fhéachaint air fá mar is
gnáthach linn le cath.
Chruinnigh na Muimhnigh is na Connachtaigh i dtosach
earraigh ins an mbl. 1014 ag Ceann Coradh.
Ní raibh bruighean i nÉirinn le chúig bhliadhnaibh déag
roimhe sin. Bhí trácht ar chathaibh i mbéal gach éinne agus
bhailigh sean-daoine is mná is leinbh ar bhóithribh ó Cheann
Coradh go Baile Átha Cliath ag feitheamh go bhfeicfidís
gluaiseacht Bhriain. Cualathas siotraigh capall, cual-
athas coiscéim coisidhthe, connacathas soillse is tril-
seáin ar áthaibh na Life istoidhche agus scáil na bhfear is
na gcapall ar uiscíbh na habhann ar nós samhaileacha
ó'n saoghal eile.
Nuair do cualathas stoc-airm Bhriain go moch ar
faithche Átha Cliath bhí a fhios ag Lochlannaibh go rabhthas
chucha.
Do réir an áirimh is cruinne do b'é líon airm
Bhriain is Mhaeilsheachlainn deich míle fichead fear, agus
fá mar thuigim bhí breis is dá fhichid míle fear 'na
gcoinnibh.
Chuir Brian an ceanntar ó Pháirc an Fhinn-Uisce go
Binn éadair fá theine, agus chuir an méid sin ar dearg-
bhuile na Lochlannaigh suidhte timcheall Dhúin Átha
Cliath — an ball céadna mar a bhfuil an caisleán
gallda indiu.
Bhris na Lochlannaigh amach fá n-a dhéin 'na dtrí
ronnaibh. Bhí arm na hÉireann 'na dtrí ronnaibh mar
an gcéadna, a nÁird-Rí agus a dtaoisigh cogaidh ar a
gceann. Nuair do ghluaiseadar le héirghe an lae ó
fhaithche Átha Cliath ba gheall le coill ag druidim leat
iad, agus bhíodar chomh comhthromach cóirighthe sin go ndeir
sean-úghdar go dtiomáinfidhe carbad cogaidh ar a
gceannaibh. Choisc Brian iad i ngearracht urchair
sleaga do Lochlannaibh, agus labhair do ghuth árd ó mhuin
capaill, agus ba gheall le congnamh mílte fear dóibh an
ghuth soin.
D'árduigh sé os a gcomhair an chrois, dubhairt leo
gur bh'é an lá so Aoine an Chéasta, an lá fuair a
Slánuightheoir bás ar a son. Chuir sé i gcuimhne dhóibh
gur bhuaidh a n-aithreacha ar a ghualainn féin i Sail-
chómhaid sé bliadhna is dá fhichid roimhe sin, agus nár thug
na Gaedhil riamh ó shoin cúl ar Lochlannaibh. Dhírigh sé
a chlaidheamh chum na gcéadta barcanna dubha do líon
cuan Bhaile Átha Cliath, agus d'iarr sé geall ar a laochaibh
ná leigfidís aithid de'n dream do tháinig anall ar na
barcannaibh dubha slán ar n-ais. D'fhreagair na
Gaedhil é le trí gáir catha do cualathas i bhFinn Gall.
Stiúróchad-sa sibh indiu fá mar do stiúruigheas
riamh sibh, adeir sé go dán. D'iarr Murchadh air,
fá mar iarr go minic le seachtmhain roimhe sin, ar
athchuinge Dé leigean dó féin an t-airm do sheoladh
sa cath, agus bhailigh a ghaolta 'na timcheall ar an
athchuinge chéadna. Ghéill sé dóibh go dúr fá dheireadh.
Gidh go raibh sé trí bliadhna déag is trí fichid bhí sé
láidir cuthaigh fós, acht mar sin féin bhí faitchíos ar a
ghaoltaibh go muirbheochaidhe sa chath é, agus go mbeadh
Éire scriosta go deo dá n-imtheochadh aon nídh air.
Dhírigh sé a chlaidheamh fá dhéin na námhad agus labhair
sé arís: — Sin é an Lochlannach os bhur gcomhair; sin é
meirge na hÉireann os bhur gcionn; sin é Murchadh
ar bhur gceann. Ar aghaidh! ar aghaidh, i n-ainm Dé is
Mhuire!
Léim Dál gCais ar aghaidh le liúgh; chrith an bán
fútha; bhuaileadar le fuaim i gcoinnibh bhuidhne laoch
lúirighthe Lochlannach do bailigheadh thar lear ar son a
ngaisce — dhá mhíle fear toghtha a líon so, agus Sígurd is
Bruadar ar a gceann. Chrom Brian ar mhuin a
chapaill, d'fhéach sé i ndiaidh na bhfear, is bhuail a
chroidhe is dubhairt an croidhe nách truagh gan mé ar
a gceann! D'fhair sé iad, is d'éist sé le fóbairt
tuaghanna faobhracha Dáil gCais ag cantain ar lúir-
eachaibh Gall mar a bheadh gliadar órd na gcéadta
gabha ag bualadh barraí iarainn. Chonnaic sé beárna
briste thríd an mbuidhin ghlais eachtrannach, chonnaic
sé Murchadh ag brúchtadh thríd an mbeárnain úd is ag
casadh ar n-ais arís le fothram ar nós gála gaoithe
thré choilltibh tiugha.
Bhailigh a ghárda timcheall ar an Áird-Rígh is thóg-
adar leo ar gcúl é. Socruigheadh peiliúr fá n-a
ghlúnaibh 'na chábán, agus chrom sé ar shailmeacha do rádh,
mar ní raibh an paidrín mar ghnás ann go ceann cúpla
céad bliadhan 'na dhiaidh súd.
Conán Maol.