Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brian Imperator Scotorum
Title
Brian Imperator Scotorum
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tAonmhadh Ceann ar Fhichid. Brian Imperator Scotorum. Thagadh taoisigh na Lochlannach go Ceann Coradh leis. Ba bheag ortha Brian, acht ní leigidís ortha é. Thagadh Maelmhuire, Rí Laighean, ann go minic, agus i gceann dá chuairtibh d'éirigh iomarbhaidh idir é féin agus Murchadh os cionn cláir fithchille. Is feárr do léirighis an fhoireann fithchille sin 'ná mar léirighis na Lochlannaigh i nGleann Madhma, adubhairt Murchadh. B'fhéidir go léireochainn níos feárr an chéad uair eile iad, adeir Maelmhuire, agus d'fhág sé an rígh-theach lá'r n-a bhárach gan slán 'fhágaint ag éinne. Chuir Brian teachtaire 'na dhiaidh. Chas Maelmhuire ar an dteachtaire sin agus thug buille mairbhtheach sa cheann dó. Ghluais sé air thré Laighnibh 'gá leathadh go bhfuair sé easonóir i gCeann Coradh, agus d'éirigh na Laighnigh leis agus chabhruigh Lochlannaigh Átha Cliath leo go héascaidh. Chromadar láithreach ar an Midhe do chreachadh. Chosain Maelsheachlainn é féin ortha go tréan. Bhíodar ró-líonmhar dhó, ámh, agus d'iarr sé cabhair an Áird-Ríogh fá dheireadh. Ba shearbh le Brian an t-éirghe amach so Laigheanach is Lochlannach, mar níor theastuigh troid uaidh níos mó. Shíligh sé nách raibh ann acht bladhm do rachadh i n-éag i gcionn tamaill, acht mar sin féin nuair iarr an rí cúige a chabhair bhí sé riachtanach air í 'thabhairt dó. Cuirfeam díng treasna a gcasáin, ar seisean, agus ghluais sé soir ó thuaidh ar tí teacht idir iad is Bhaile Átha Cliath. Ní heol dom aon ghluaiseacht eile luaidhte 'nár stair chomh tiugh léi siúd munab í gluaiseacht Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ar a thuras go Ceann tSáile ins an mbliadhain 1602. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services