Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An tAonmhadh Ceann ar Fhichid.
Brian Imperator Scotorum.
Thagadh taoisigh na Lochlannach go Ceann Coradh leis.
Ba bheag ortha Brian, acht ní leigidís ortha é. Thagadh
Maelmhuire, Rí Laighean, ann go minic, agus i gceann dá
chuairtibh d'éirigh iomarbhaidh idir é féin agus Murchadh os
cionn cláir fithchille. Is feárr do léirighis an fhoireann
fithchille sin 'ná mar léirighis na Lochlannaigh i nGleann
Madhma, adubhairt Murchadh. B'fhéidir go léireochainn
níos feárr an chéad uair eile iad, adeir Maelmhuire,
agus d'fhág sé an rígh-theach lá'r n-a bhárach gan slán
'fhágaint ag éinne. Chuir Brian teachtaire 'na dhiaidh.
Chas Maelmhuire ar an dteachtaire sin agus thug buille
mairbhtheach sa cheann dó.
Ghluais sé air thré Laighnibh 'gá leathadh go bhfuair sé
easonóir i gCeann Coradh, agus d'éirigh na Laighnigh leis agus
chabhruigh Lochlannaigh Átha Cliath leo go héascaidh.
Chromadar láithreach ar an Midhe do chreachadh.
Chosain Maelsheachlainn é féin ortha go tréan.
Bhíodar ró-líonmhar dhó, ámh, agus d'iarr sé cabhair an
Áird-Ríogh fá dheireadh.
Ba shearbh le Brian an t-éirghe amach so Laigheanach
is Lochlannach, mar níor theastuigh troid uaidh níos mó.
Shíligh sé nách raibh ann acht bladhm do rachadh i n-éag i
gcionn tamaill, acht mar sin féin nuair iarr an rí
cúige a chabhair bhí sé riachtanach air í 'thabhairt dó.
Cuirfeam díng treasna a gcasáin, ar seisean, agus
ghluais sé soir ó thuaidh ar tí teacht idir iad is Bhaile
Átha Cliath. Ní heol dom aon ghluaiseacht eile
luaidhte 'nár stair chomh tiugh léi siúd munab í
gluaiseacht Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ar a thuras go
Ceann tSáile ins an mbliadhain 1602.
Conán Maol.