Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Brian Imperator Scotorum
Title
Éire - Brian Imperator Scotorum
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tAonmhadh Ceann ar Fhichid. Brian Imperator Scotorum. Is sean-fhocal é gur feárr an mhaith atá 'ná an mhaith a bhí, agus mar a chéile sin is measa an t-olc atá 'ná an t-olc a bhí. Is feárr é cuimhneamh na nGaedheal ar fhóirneart is ar ghéarleanmhain an tSasanaigh 'ná ar dhroch-úsáid an Lochlannaigh, agus dá réir sin is deacair dúinne a mheas indiu cad é an t-áthas is an t-atal do bhí ar ár n-aithreachaibh nuair do cuireadh an Lochlannach borb úd fá chois. Ní raibh gíog as d'éis chatha Ghleann Madhma agus ní raibh uaidh acht síothcháin do dhéanamh le Brian agus rud do dhéanamh air. Bhí sé i gcumas Bhriain é 'chaitheamh ar mhullach cinn isteach sa bhfairrge, acht níor mhar sin do cheap sé, mar theastuigh an Lochlannach uaidh. Bhí an Lochlannach úd aicillidhe chum bailte puirt do dhéanamh cois fairrge, is ar dhíol is ar cheannach le tíorthaibh iasachta, agus d'óir an sochar soin go mór d'Éirinn mar bhí sé tar éis dhá chéad bliadhan cogaidh is coscairt do chur di. Thuig Brian go maith gur theastuigh an suaimhneas soin ó'n dtír mar ba riaghlóir é chomh maith le fear cogaidh. Bhí sé 'na mhachtnamh aige leis bheith 'na Áird- Rígh ar Éirinn. Bhí urraim aige do Mhaelsheachlainn agus cion aca ar a chéile, acht bhí Éire ró-bheag dóibh araon. Gheall Maelmhuire, rí Laighean, agus na Lochlannaigh go mbeidís umhal dó go deo arís, agus mhaith sé dóibh ar an gcoingeall soin, agus mar dheimhniughadh ar an tsíothcháin phós sé mar tharna bean deirbhshiúr Mhaeil- mhuire, máthair Shitric, rí Lochlannach Átha Cliath, agus thug a inghean féin mar mhnaoi do Shitric sin. Fear do b'eadh Brian dá ngéillfidhe dhó dáiríribh go maithfeadh sé do dhuine go tapaidh, acht dá gcuirfeá 'na choinnibh do mheilfeadh sé thu ar nós brón mhuilinn.
Bhí tuairim ag Maelsheachlainn i bhfad roimhe seo go mbainfeadh Brian an ríoghacht de luath nó mall, agus dá aindeoin sin bhí cion aca ar a chéile — rud do theasbánann gnás na haimsire úd dúinn. Ba chosmhail Brian leis gach fear fíor-láidir eile do mhair riamh — bíonn machtnamh éigin 'na n-aigne 'ghá gcorruighe, ná sáisighthear go mbídh siad i n-uachtar. 'Sé nós an tsaoghail é. Tá an tréith sin ins an ainmhidhe leis fá mar atá sa duine. Féach ar fhiadh- phoc na coille, ní bhíonn seisean sásta go mbíonn mar cheann ar an dtréad. B'fhéarr liom bheith ar an bhfear is mó tábhacht sa bhaile bheag is suaraighe 'ná sa tarna réim i gcathair na Róimhe, arsa Caesar uaibhreach fad ó. Tabhair dom-sa an Áird-Ríghe agus tóg féin righe na Midhe, arsa Brian ar cheann a airm suidhte ar theorainn na Midhe. Tabhair cáirde dhom 'fhéachaint an gcabhróchaidh Ultaigh liom id' choinnibh, adeir Maelsheachlainn glé. Fuair sé an cháirde, acht ní bhfuair sé an chabhair mar dubhairt muinntear Néill leis dá dtéidhidís chum troda ná rachadh Dál gCais ar gcúl agus nách mó ná rachaidís féin ar gcúl leis. Ní fhuil aon mhaitheas bheith libh, adeir an tÁird-Rí buadhartha, agus fá mar adeir an sean-chunntas, bhuail sé isteach go teach Bhriain, 'sé sin ghéill sé dhó. Throid- feadh na Midhigh chalma go bás ar a shon acht ní leig- feadh sé dhóibh é. Níor thóg sé leis acht gárda capall ar a gabháil anonn gan aon choingeall i láthair Bhriain, mar bhí 'fhios aige ná déanfaidhe feall air. A Bhriain, dá mbeadh mo dhóthain fear agam, do throidfinn leat, adeir sé go macánta. Do bhronn Brian eachraidhe air do réir nóis an Áird-Ríogh le rígh cúige. Ba lag le Maelsheachlainn a theasbáint go mbeadh sé chomh humhal soin, agus do broinn sé ar Mhurchadh, ríoghdhamhna Bhriain, na capaill agus fágadh mar sin é, mar ní raibh aon fhonn ar éinne ceann fé do chur ar Mhaelsheachlainn. Ní raibh sé 'na chumas ríoghacht dhaingean do dhéanamh d'Éirinn. Bhí an bheart soin ró-chruaidh do Cúige na Midhe agus ní chabhróchadh Ulaidh leis chuige. Do b'é Brian amháin an fear fáil, agus mar dhearbhadh air, thug sé turas timcheall na hÉireann ins an mbliadhain 1002. Gairmthear “Saer-chuairt Bhriain Bhóirmhe,” ar an dturas úd. Bhuail sé ó thuaidh thré Chonnachtaibh, a láimh chlé le fairrge, agus cuireadh fíor- fháilte roimis mar ba mhór ag na Connachtaighibh é, agus chabhruigheadar leis go tréan ó thúis. Soir ó thuaidh leis thré Chúige Uladh gur fhéach sé uaidh ar Albain thar Sruth na Maoile. Chuir sé fé go ceann seachtmhaine ar Druimbó cois Bhéil Feirste, áit gur fearadh cath carad tamaillín roimhe sin mar gheall air féin idir Mhuinntir Thír Eoghain agus Chlanna Aodha Bhuidhe, mar dubhairt aicme aca nár chóir dóibh géilleadh do Bhrian agus dubhairt an dream eile gur chóir. Bhailigh seisean chuige iad ar theacht 'na gceanntaraibh agus dubhairt leo go réidh go raibh breis is a ndóthain fola doirtighthe ag Gaedhealaibh cheana féin, agus gur mhithid suaimhneas do bheith sa tír. Níor iarr sé biadh ná deoch dá shlógh i n-aisce. Dhíol sé as gach nídh le hór agus bhí na hUltaigh go muinnteardha leis. Thug sé cuairt ar Árd Macha, sheasaimh sé cois altórach a prímh-theampaill, leig sé dualgas óir mar thabharthas ar an altóir sin, agus d'órduigh sé cairt is córa d'ullmhughadh mar chomhartha ceannais do'n eaglais sin os cionn teampall eile na hÉireann. Leanann an chéim sin do thug Brian di gus indiu í. D'órduigh sé “Leabhar Árd Macha,” do thabhairt 'na láthair agus ar billeoig de'n leabhar scríobh sé féin, nó a rúnaidhe léigheanta, os a chomhair, na focail seo ar cheann na léigheachta so, agus mínigheann siad “Brian Príomh-Thaoiseach na Scot” — 'sé sin ceann stiúruighthe Gaedheal na hÉireann is na hAlban. Badh mhaith liom, ar seisean, gur annso do bheadh m'eiséirghe, agus is mar sin a bhéas, mar is ann do cuireadh é dhá bhliadhain déag 'na dhiaidh súd, é féin, agus a laoch- mhac Murchadh, agus cuireadh 'gá chosaibh mar an gcéadna Brian Ó Néill, rí Ailigh, do marbhuigheadh i gcath an Dúin ag comhrac le Sasanaighibh ins an mbliadhain 1260. “Teampall Gallda” is eadh an teampall úd indiu, agus i mball éigin sa chúinne thoir theas de atá Brian curtha i gcomhrainn chloiche. Ní fhuil leacht 'na comhartha cuimhne le n-a cheann, acht in ionad soin is amhlaidh do chonnac os cionn a luaithridh ceirteacha beaga feochta bhíodh ar ceann shaighdiúirí Shasana 'na dtroid i n-aghaidh Rúiseánach is Franncach. Ar bhfilleadh do Bhrian Bóirmhe go Ceann Coradh ní raibh aon Áird-Rígh ar Éirinn leis na ciantaibh ba mhó cumhacht 'ná é. Bhí a ainm i n-áirde amuigh is i mbaile. Chrom sé go duthrachtach ar Éire do chneasughadh. Chuir sé fios thar lear ar scoláiribh d'fhág an tír thré fhóiréigean Lochlannach. Bhailigh sé leabhair i ngach ball, chuir sé muilinn ar siubhal, ghríosuigh sé gaibhne geala is gaibhne dubha, an ceárdaidhe is an ceannaidhe. Bhí a bharcanna seoil ar muir, is díol is ceannach i gcalaidhthibh cuan. Bhí gáir sa tír i n-ionad goil mar d'éirigh an ghruaim dhubh dhuairc de chroidhthibh daoine. Chaith garsúin léim táilliúra ar bhántaibh gan faitcheas go mbainfidhe geit asta le “Chughaibh an Lochlannach!” Ghéim an laoghlach sa bhféarach 's a gamhain le n-a cois aici — “Ní baoghal duit an Lochlannach, a dhruimfhionn óg,” arsa bean an tighe, “tá faobhar ar chlaidhmhthibh Bhriain.” Do sheol Brian buidhean de Mhuimhneachaibh go dtí Oileán Mhanainn mar a mbíodh na Lochlannaigh 'gá n-ullmhughadh féin roimhe sin. Chuir na Muimhnigh fútha annsúd agus tá a sloinnte agus rian a gcainnte ar dhaoinibh ann go dtí indiu. Ghnídh sé caradas le Gaedhealaibh Alban agus ba mhór aca é as soin suas. Badh dhóigh leat ortha go rabhadar ar tí cána do thabhairt dó fá mar do ghnídhtí sa tsean- aimsir. Bhronnadar tabhartasaidhe air, acht ní dóigh liom gur cóir cáin do ghlaodhach ar an mbronntanas úd. Gheall sé cabhair dóibh i gcruadh-chas. D'admhuigh- eadar gur bh'é Príomh-Thaoiseach na Scot é dáiríribh agus ghealladar cabhair dó — geallamhaint do chóimhlíonadar lá Chluain Tairbh. Tráchtar ar a fhéile is ar mhéid an mhathshluagh do shuidheadh chum búird i gCeann Coradh, agus ar na hualaighibh bídh is dighe do caithtí ann, agus dar leat do chreachfadh costas an oinigh sin Brian, siúd is gur bha Áird-Rí féin é, muna mbeadh go gcuireadh na taoisigh mhóra shaidhbhre níos mó tabhartasaidhe fá dhéin an rígh- thighe 'ná d'éilighthí ortha, mar do b'ionmhuin leo an tÁird-Rí. Bíodh agaibh, arsa rí Thír Chonaill, má's maith libh-se bheith go fial le Brian is cuma liom-sa soin; ní bhfaghaidh sé aon cháin uaim-se; ní fhuil aon bheann agam air i n-aon chor agus ní mó ná ghéillfeadh dó acht chomh beag! Cad é sin? agus sul a raibh uain ag éinne 'fhiafruighe cad do bhí ar siubhal bhí Brian ag gluaiseacht thré Bhéarnas Mór ar cheann chúig mhíle fear. Chuir sé crúca i rígh Thír Chonaill, bhuail sé slabhradh air fá mar a bhuailfeá ar tharbh agus thóg leis é go Ceann Coradh. Nách mór an náire dhuit-se bheith ag cur i gcoinnibh an Áird-Ríogh adeir sé. Is mór, is dócha, adeir rí Thír Chonaill, agus bhronn Brian air níos mó 'ná an cháin. D'fhág sé slán ag Brian agus ní raibh aon chúis gearáin eatortha ní ba mhó. Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht, adubhairt fear ciallmhar éigin fad ó. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services