Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Brian Imperator Scotorum

Title
Éire - Brian Imperator Scotorum
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An tAonmhadh Ceann ar Fhichid.



Brian Imperator Scotorum.



Is sean-fhocal é gur feárr an mhaith atá 'ná an
mhaith a bhí, agus mar a chéile sin is measa an t-olc atá
'ná an t-olc a bhí. Is feárr é cuimhneamh na nGaedheal
ar fhóirneart is ar ghéarleanmhain an tSasanaigh 'ná
ar dhroch-úsáid an Lochlannaigh, agus dá réir sin is
deacair dúinne a mheas indiu cad é an t-áthas is an
t-atal do bhí ar ár n-aithreachaibh nuair do cuireadh an
Lochlannach borb úd fá chois. Ní raibh gíog as d'éis
chatha Ghleann Madhma agus ní raibh uaidh acht síothcháin do
dhéanamh le Brian agus rud do dhéanamh air.



Bhí sé i gcumas Bhriain é 'chaitheamh ar mhullach cinn
isteach sa bhfairrge, acht níor mhar sin do cheap
sé, mar theastuigh an Lochlannach uaidh. Bhí an
Lochlannach úd aicillidhe chum bailte puirt do dhéanamh
cois fairrge, is ar dhíol is ar cheannach le tíorthaibh
iasachta, agus d'óir an sochar soin go mór d'Éirinn mar
bhí sé tar éis dhá chéad bliadhan cogaidh is coscairt do
chur di.



Thuig Brian go maith gur theastuigh an suaimhneas
soin ó'n dtír mar ba riaghlóir é chomh maith le fear
cogaidh. Bhí sé 'na mhachtnamh aige leis bheith 'na Áird-
Rígh ar Éirinn. Bhí urraim aige do Mhaelsheachlainn agus
cion aca ar a chéile, acht bhí Éire ró-bheag dóibh araon.



Gheall Maelmhuire, rí Laighean, agus na Lochlannaigh
go mbeidís umhal dó go deo arís, agus mhaith sé dóibh ar
an gcoingeall soin, agus mar dheimhniughadh ar an
tsíothcháin phós sé mar tharna bean deirbhshiúr Mhaeil-
mhuire, máthair Shitric, rí Lochlannach Átha Cliath, agus thug
a inghean féin mar mhnaoi do Shitric sin.



Fear do b'eadh Brian dá ngéillfidhe dhó dáiríribh go
maithfeadh sé do dhuine go tapaidh, acht dá gcuirfeá
'na choinnibh do mheilfeadh sé thu ar nós brón mhuilinn.


L. 5


Bhí tuairim ag Maelsheachlainn i bhfad roimhe seo go
mbainfeadh Brian an ríoghacht de luath nó mall, agus dá
aindeoin sin bhí cion aca ar a chéile — rud do
theasbánann gnás na haimsire úd dúinn.



Ba chosmhail Brian leis gach fear fíor-láidir eile do
mhair riamh — bíonn machtnamh éigin 'na n-aigne 'ghá
gcorruighe, ná sáisighthear go mbídh siad i n-uachtar.
'Sé nós an tsaoghail é. Tá an tréith sin ins an
ainmhidhe leis fá mar atá sa duine. Féach ar fhiadh-
phoc na coille, ní bhíonn seisean sásta go mbíonn mar
cheann ar an dtréad.



B'fhéarr liom bheith ar an bhfear is mó tábhacht sa
bhaile bheag is suaraighe 'ná sa tarna réim i gcathair
na Róimhe, arsa Caesar uaibhreach fad ó. Tabhair
dom-sa an Áird-Ríghe agus tóg féin righe na Midhe, arsa
Brian ar cheann a airm suidhte ar theorainn na Midhe.
Tabhair cáirde dhom 'fhéachaint an gcabhróchaidh Ultaigh
liom id' choinnibh, adeir Maelsheachlainn glé. Fuair sé
an cháirde, acht ní bhfuair sé an chabhair mar dubhairt
muinntear Néill leis dá dtéidhidís chum troda ná
rachadh Dál gCais ar gcúl agus nách mó ná rachaidís féin
ar gcúl leis.



Ní fhuil aon mhaitheas bheith libh, adeir an tÁird-Rí
buadhartha, agus fá mar adeir an sean-chunntas, bhuail sé
isteach go teach Bhriain, 'sé sin ghéill sé dhó. Throid-
feadh na Midhigh chalma go bás ar a shon acht ní leig-
feadh sé dhóibh é. Níor thóg sé leis acht gárda capall
ar a gabháil anonn gan aon choingeall i láthair Bhriain,
mar bhí 'fhios aige ná déanfaidhe feall air. A Bhriain,
dá mbeadh mo dhóthain fear agam, do throidfinn leat,
adeir sé go macánta. Do bhronn Brian eachraidhe air
do réir nóis an Áird-Ríogh le rígh cúige. Ba lag le
Maelsheachlainn a theasbáint go mbeadh sé chomh humhal
soin, agus do broinn sé ar Mhurchadh, ríoghdhamhna Bhriain,
na capaill agus fágadh mar sin é, mar ní raibh aon fhonn
ar éinne ceann fé do chur ar Mhaelsheachlainn. Ní
raibh sé 'na chumas ríoghacht dhaingean do dhéanamh
d'Éirinn. Bhí an bheart soin ró-chruaidh do Cúige na
Midhe agus ní chabhróchadh Ulaidh leis chuige.



Do b'é Brian amháin an fear fáil, agus mar dhearbhadh
air, thug sé turas timcheall na hÉireann ins an
mbliadhain 1002. Gairmthear “Saer-chuairt Bhriain
Bhóirmhe,” ar an dturas úd. Bhuail sé ó thuaidh thré
Chonnachtaibh, a láimh chlé le fairrge, agus cuireadh fíor-
fháilte roimis mar ba mhór ag na Connachtaighibh é, agus
chabhruigheadar leis go tréan ó thúis. Soir ó thuaidh
leis thré Chúige Uladh gur fhéach sé uaidh ar Albain thar
Sruth na Maoile. Chuir sé fé go ceann seachtmhaine
ar Druimbó cois Bhéil Feirste, áit gur fearadh
cath carad tamaillín roimhe sin mar gheall air féin
idir Mhuinntir Thír Eoghain agus Chlanna Aodha Bhuidhe,
mar dubhairt aicme aca nár chóir dóibh géilleadh do
Bhrian agus dubhairt an dream eile gur chóir. Bhailigh
seisean chuige iad ar theacht 'na gceanntaraibh agus
dubhairt leo go réidh go raibh breis is a ndóthain fola
doirtighthe ag Gaedhealaibh cheana féin, agus gur mhithid
suaimhneas do bheith sa tír. Níor iarr sé biadh ná
deoch dá shlógh i n-aisce. Dhíol sé as gach nídh le hór
agus bhí na hUltaigh go muinnteardha leis.



Thug sé cuairt ar Árd Macha, sheasaimh sé cois
altórach a prímh-theampaill, leig sé dualgas óir mar
thabharthas ar an altóir sin, agus d'órduigh sé cairt is
córa d'ullmhughadh mar chomhartha ceannais do'n eaglais
sin os cionn teampall eile na hÉireann. Leanann an
chéim sin do thug Brian di gus indiu í.



D'órduigh sé “Leabhar Árd Macha,” do thabhairt 'na
láthair agus ar billeoig de'n leabhar scríobh sé féin, nó a
rúnaidhe léigheanta, os a chomhair, na focail seo ar
cheann na léigheachta so, agus mínigheann siad “Brian
Príomh-Thaoiseach na Scot” — 'sé sin ceann stiúruighthe
Gaedheal na hÉireann is na hAlban.



Badh mhaith liom, ar seisean, gur annso do bheadh
m'eiséirghe, agus is mar sin a bhéas, mar is ann do cuireadh
é dhá bhliadhain déag 'na dhiaidh súd, é féin, agus a laoch-
mhac Murchadh, agus cuireadh 'gá chosaibh mar an gcéadna
Brian Ó Néill, rí Ailigh, do marbhuigheadh i gcath an Dúin
ag comhrac le Sasanaighibh ins an mbliadhain 1260.



“Teampall Gallda” is eadh an teampall úd indiu,
agus i mball éigin sa chúinne thoir theas de atá Brian
curtha i gcomhrainn chloiche. Ní fhuil leacht 'na comhartha
cuimhne le n-a cheann, acht in ionad soin is amhlaidh do
chonnac os cionn a luaithridh ceirteacha beaga feochta
bhíodh ar ceann shaighdiúirí Shasana 'na dtroid i n-aghaidh
Rúiseánach is Franncach.



Ar bhfilleadh do Bhrian Bóirmhe go Ceann Coradh ní
raibh aon Áird-Rígh ar Éirinn leis na ciantaibh ba mhó
cumhacht 'ná é. Bhí a ainm i n-áirde amuigh is i mbaile.



Chrom sé go duthrachtach ar Éire do chneasughadh.
Chuir sé fios thar lear ar scoláiribh d'fhág an tír thré
fhóiréigean Lochlannach. Bhailigh sé leabhair i ngach
ball, chuir sé muilinn ar siubhal, ghríosuigh sé gaibhne
geala is gaibhne dubha, an ceárdaidhe is an ceannaidhe.
Bhí a bharcanna seoil ar muir, is díol is ceannach i
gcalaidhthibh cuan. Bhí gáir sa tír i n-ionad goil mar
d'éirigh an ghruaim dhubh dhuairc de chroidhthibh daoine.
Chaith garsúin léim táilliúra ar bhántaibh gan faitcheas
go mbainfidhe geit asta le “Chughaibh an Lochlannach!”
Ghéim an laoghlach sa bhféarach 's a gamhain le n-a cois
aici — “Ní baoghal duit an Lochlannach, a dhruimfhionn
óg,” arsa bean an tighe, “tá faobhar ar chlaidhmhthibh
Bhriain.”



Do sheol Brian buidhean de Mhuimhneachaibh go
dtí Oileán Mhanainn mar a mbíodh na Lochlannaigh 'gá
n-ullmhughadh féin roimhe sin. Chuir na Muimhnigh fútha
annsúd agus tá a sloinnte agus rian a gcainnte ar dhaoinibh
ann go dtí indiu.



Ghnídh sé caradas le Gaedhealaibh Alban agus ba mhór
aca é as soin suas. Badh dhóigh leat ortha go rabhadar
ar tí cána do thabhairt dó fá mar do ghnídhtí sa tsean-
aimsir. Bhronnadar tabhartasaidhe air, acht ní dóigh
liom gur cóir cáin do ghlaodhach ar an mbronntanas
úd. Gheall sé cabhair dóibh i gcruadh-chas. D'admhuigh-
eadar gur bh'é Príomh-Thaoiseach na Scot é dáiríribh agus
ghealladar cabhair dó — geallamhaint do chóimhlíonadar
lá Chluain Tairbh.



Tráchtar ar a fhéile is ar mhéid an mhathshluagh do
shuidheadh chum búird i gCeann Coradh, agus ar na
hualaighibh bídh is dighe do caithtí ann, agus dar leat do
chreachfadh costas an oinigh sin Brian, siúd is gur bha
Áird-Rí féin é, muna mbeadh go gcuireadh na taoisigh
mhóra shaidhbhre níos mó tabhartasaidhe fá dhéin an rígh-
thighe 'ná d'éilighthí ortha, mar do b'ionmhuin leo an
tÁird-Rí.



Bíodh agaibh, arsa rí Thír Chonaill, má's maith libh-se
bheith go fial le Brian is cuma liom-sa soin; ní
bhfaghaidh sé aon cháin uaim-se; ní fhuil aon bheann
agam air i n-aon chor agus ní mó ná ghéillfeadh dó acht
chomh beag!



Cad é sin? agus sul a raibh uain ag éinne 'fhiafruighe
cad do bhí ar siubhal bhí Brian ag gluaiseacht thré
Bhéarnas Mór ar cheann chúig mhíle fear. Chuir sé
crúca i rígh Thír Chonaill, bhuail sé slabhradh air fá mar
a bhuailfeá ar tharbh agus thóg leis é go Ceann Coradh.



Nách mór an náire dhuit-se bheith ag cur i gcoinnibh
an Áird-Ríogh adeir sé. Is mór, is dócha, adeir rí
Thír Chonaill, agus bhronn Brian air níos mó 'ná an cháin.
D'fhág sé slán ag Brian agus ní raibh aon chúis gearáin
eatortha ní ba mhó. Ní bhíonn an rath acht mar a
mbíonn an smacht, adubhairt fear ciallmhar éigin fad
ó.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services