Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Usáid na Gaedhilge
Title
Usáid na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair, 02, 1905. Usáid na Gaedhilge. Do sháruigh Árd-Fheis na bliadhna so aon Árd-Fheis dá dtáinig roimpi ar an méid Gaedhilge do labhradh an fhaid do bhí sí n-a suidhe. Is maith an comhartha é sin ar an obair atá ghá déanamh againn. Níor bh'éidir a mhalairt de thuairim a bheith age duine tar éis dó teachtairí ó gach páirt d'Éirinn, is ó áiteannaibh iasachta chomh maith, ag éirighe n-a seasamh annsúd ag cur amach a smaointe go neamh-spleadhach i dteangain na nGaedheal. Agus is minic a thárlaidh ná raibh fiú an fhocail den Ghaedhilg aca a trí nó a ceathair de bhliadhantaibh ó shoin. Ba bhreagh é gan aon agó. Gan amhrus bhí cuid de sna leoghain tréana i n-ár measc ann, daoine mar “Ghruagach an Tobair” Mícheál Mag Ruaidhrí, “Beirt Fhear,” &rl., daoine do dhiúil an Ghaedhilg le bainne cíche a máthar. Acht níor bh'iongnadh linn iad súd ag labhairt na Gaedhilge. B'é an rud ba mhó a chuir iongnadh orainn, a dheise agus a fheabhas is do labhair daoine ná fuil fós acht a d'iarraidh an Ghaedhilg a phiocadh suas. Molaimíd iad araon. Is gearr uainn, le congnamh Dé, an lá go mbeidh sé ar ár gcumas ár ngnó féin a dhéanamh i n-ár dteangain féin. Acht fiafruighmís dínn féin, a dhaoine mhuinnteardha, an bhfuil an scéal céadna le n-innsint againn i dtaobh na gceanntar nGaedhealach. An bhfuil an ruaig curtha againn fós ar an ndroch-nós úd a bhíodh coitchianta i measc muinntir na Gaedhilge, .i., Gaedhilg bhreágh do labhairt eatortha féin agus drabhfhuigheal droch-Bhéarla do leanbhaíbh. Mara bhfuil, is mithid dúinn corruighe nó beidh sé thiar orainn. Nár bhreágh an mhaise dhúinn annsoin beith “ag dúnadh an dorais d'éis na foghla.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services