An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair, 02, 1905.
Usáid na Gaedhilge.
Do sháruigh Árd-Fheis na bliadhna so
aon Árd-Fheis dá dtáinig roimpi ar an
méid Gaedhilge do labhradh an fhaid
do bhí sí n-a suidhe. Is maith an
comhartha é sin ar an obair atá ghá
déanamh againn. Níor bh'éidir a
mhalairt de thuairim a bheith age duine
tar éis dó teachtairí ó gach páirt
d'Éirinn, is ó áiteannaibh iasachta
chomh maith, ag éirighe n-a seasamh
annsúd ag cur amach a smaointe go
neamh-spleadhach i dteangain na
nGaedheal. Agus is minic a thárlaidh
ná raibh fiú an fhocail den Ghaedhilg
aca a trí nó a ceathair de bhliadhantaibh
ó shoin. Ba bhreagh é gan aon agó.
Gan amhrus bhí cuid de sna leoghain
tréana i n-ár measc ann, daoine mar
“Ghruagach an Tobair” Mícheál Mag
Ruaidhrí, “Beirt Fhear,” &rl., daoine
do dhiúil an Ghaedhilg le bainne cíche
a máthar. Acht níor bh'iongnadh linn
iad súd ag labhairt na Gaedhilge.
B'é an rud ba mhó a chuir iongnadh
orainn, a dheise agus a fheabhas is do
labhair daoine ná fuil fós acht a
d'iarraidh an Ghaedhilg a phiocadh suas.
Molaimíd iad araon. Is gearr uainn,
le congnamh Dé, an lá go mbeidh sé
ar ár gcumas ár ngnó féin a dhéanamh
i n-ár dteangain féin.
Acht fiafruighmís dínn féin, a dhaoine
mhuinnteardha, an bhfuil an scéal
céadna le n-innsint againn i dtaobh
na gceanntar nGaedhealach. An bhfuil
an ruaig curtha againn fós ar an
ndroch-nós úd a bhíodh coitchianta i
measc muinntir na Gaedhilge, .i.,
Gaedhilg bhreágh do labhairt eatortha
féin agus drabhfhuigheal droch-Bhéarla
do leanbhaíbh. Mara bhfuil, is mithid
dúinn corruighe nó beidh sé thiar
orainn. Nár bhreágh an mhaise dhúinn
annsoin beith “ag dúnadh an dorais
d'éis na foghla.”