Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Maelsheachlainn is Brian (Ar Leanamhaint)
Title
Éire - Maelsheachlainn is Brian (Ar Leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Ficheadh Ceann. Maelsheachlainn is Brian. (Ar Leanamhaint). Deineadh Áird-Rí de Mhaelsheachlainn an bhliadhain do bhí chughainn (980), agus do ghearán Brian leis láithreach go mbíodh na Lochlannaigh 'ghá n-ollmhughadh féin i gCúige Laighean gan bac ó éinne, agus 'na dhiaidh sin go mbrisidís isteach 'na chúige féin. D'iarr sé ar an Áird-Rígh an cúige sin do thabhairt dó féin i gcás smacht do chur ar Lochlannaibh. Eitigheadh é agus níor thaithnigh an t-eiteach leis. Mhachtnuigh sé gur de shliocht Éibhir é féin, gur shíolruigh sé ó Chormac Cas is ó Eoghan Taidhleach, is go raibh Laighin is an Mhumha fá'n Eoghan soin i n-aimsir Chuinn Chéad-Chathaigh. Bhí seanchus go cruinn ag na hÉireannaighibh an uair úd. Chrom Brian ar chur isteach ar an Áird-Rígh agus d'éirigh imreas agus argóint eatortha. Bhuail a dtaoisigh a chéile cois Áth Luain agus cuireadh taoisigh Bhriain ar gcúl. Ní áirighim gur nocht Brian féin a chlaidheamh i gcoinnibh an Áird-Ríogh, acht níor chuir sé cosc le n-a thaoiseachaibh borba, agus thaithnigh an t-imreas go maith le Lochlannaibh mar bhíodar féin brúighte go leor. Ba riaghlóir gasta Brian, agus bhí sé ag cur gach nídh i n-eagar. Nuair do bhíodh suaimhneas aige ó chogadh ar feadh tamaill, agus is annamh do bhíodh, ghnídheadh sé dúin is tighthe is bóithre, agus nuair do bhíodh caoi aige air chromadh sé ar scoileanna do chur ar bun ar an láthair gur dóigheadh iad le Lochlannaibh; ar mhainistrí do dhéanamh, ar dhíol is ar cheannaidheacht do chur ar siubhal, is ar breitheamnaibh dlighe do shuidhadh in gach ceanntar. Ar an gcuma soin bhí Cúige Mumhan ag dul i neart fá chosnamh an chlaidhimh mhóir agus cheap an tÁird-Rí ciallmhar gur chóir do réidhtiughadh le Brian. Agus go mór-mhór ní chabhróchadh Cúige Uladh leis an Áird-Rígh, agus dá dheascaibh sin do shnaidhm sé cairdeas cogaidh le Brian agus thug Cúige Laighean dó. Chuir Maelmhuire, Rí Laighean, búithreadh as, is thug na mionna ná géillfeadh sé féin go bráthach do Bhrian. Gluaisidh, a Dhál gCais! arsa fear an chlaidhimh, agus do bhuaileadar thré Bhealach Mumhan mar ar marbhuigheadh Cormac Naomhtha mac Cuileannáin. D'fhéach Dál gCais ar Bhrian agus fá cheann lae is oidhche d'fhéach seisean siar ortha nuair do chonnaic sé na Laighnigh suidhte i nGleann Madhma agus ceann ar cheann de Lochlannaibh go fuadrach le n-a gcois. Chuir Brian is Maelsheachlainn fútha ar a n-aghaidh anonn. “Ná leigimís leo go maidin, tá an bheirt úd glic,” adeir an Rí Lochlannach. “Bí aireach, a Mhaelsheachlainn, chím corruidhe sa champa úd. Buailfid roimh lá sinn,” adeir Brian, agus d'atharruigh sé a phuible féin san oidhche i gcás go raibh slighe fhairsing idir é féin is Maelsheachlainn. I dtosach an tsamhraidh do b'eadh é, ins an mbliadh- ain 999, agus bhí duilleabhair go tiugh ar chrannaibh, agus na héin ag dul chun codlata ionnta. Cuireadh na fir faire amach. “Luighmís leis na héanaibh is éirighmís leis na huanaibh,” adeir Brian; agus ní túisce dhúisigh na héin 'ná gur dhúisigh na Lochlannaigh na Gaedhil. Bhrúchtadar le liúgh isteach ar Mhaelsheachlainn, dar leo, acht do b'é Brian do bhuail umpa go hullamh cóirighthe. Tháinig Maelsheachlainn aniar 'dtuaidh ortha san am gcéadna, agus bhris 'n-a dhá gcuid iad. Harold Harfágar, Rí Átha Cliath, bhí mar cheann ar Lochlannaibh an mhaidin úd, agus do theich sé treasna muinge bhí ann i gcomhair a chuid fear do chur i n-eagar. Chualaidh sé an fothram 'n-a dhiaidh. “Chugaibh Brian!” arsa Har- fágar, agus do chas na Lochlannaigh chomh cíocrach chum fola le scata faolchon. “Ionnsuidhigh! Ionnsuidhigh!” arsa glór-ghuth Bhriain, agus ghabh na Muimhnigh thríotha mar a gheobhadh scaoth fiolar i measc fiadhta. Bhíodar ag tuitim fá mar a thuiteann buille féir fá'n speil; acht, mar sin féin, chuir Harfágar tréan na fir shlána arís is arís i n-eagar agus chuaidh sé féin fé sa deireadh agus cruacha corp 'n-a thimcheall. Cailleadh annsúd chúig mhíle Lochlannach. Chonnaic na Laighnigh chródha an íde bhí ag Brian dhá thabhairt ar Lochlannaibh agus i n-ionad eagla 'theacht ortha is amhlaidh do chuir sé mire ortha, agus thugadar ruthag ar Mhaelsheachlainn. Chaith an laoch soin dhe iad le duadh agus tháinig Brian 's a Mhuimhnigh 'n-a chabhair, amach as ár na Lochlannach, a gclaidhmhthe crón is fliuch. Briseadh ar Laighnibh agus fuair Murchadh mac Bhriain, d'éis na tóire, Maelmhuire i bhfolach i measc duill- eabhair crainn caithne. “Gread leat a bhaile as soin,” arsa Brian leis. Do b'fheárr d'Éirinn dá muirbheoch- aidhe Maelmhuire an lá úd. Do bhain fir oibre le n-ár linn féin díog dhoimhin fá chúram shagairt ealadhnta ins an ísleán úd mar ar thuit na Lochlannaigh agus bhuail mar dheimhniughadh ar an mbrisleach mhór a leithéid sin de charnaibh cnámh is plaosc leo curtha sa mhuing bhogaigh gur tháinig cradhscal ar na fearaibh oibre agus dúnadh an díog go hurramach. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services