Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Maelsheachlainn is Brian (Ar Leanamhaint)

Title
Éire - Maelsheachlainn is Brian (Ar Leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Ficheadh Ceann.



Maelsheachlainn is Brian.



(Ar Leanamhaint).



Deineadh Áird-Rí de Mhaelsheachlainn an bhliadhain
do bhí chughainn (980), agus do ghearán Brian leis láithreach
go mbíodh na Lochlannaigh 'ghá n-ollmhughadh féin i
gCúige Laighean gan bac ó éinne, agus 'na dhiaidh sin go
mbrisidís isteach 'na chúige féin. D'iarr sé ar an
Áird-Rígh an cúige sin do thabhairt dó féin i gcás
smacht do chur ar Lochlannaibh. Eitigheadh é agus níor
thaithnigh an t-eiteach leis. Mhachtnuigh sé gur de
shliocht Éibhir é féin, gur shíolruigh sé ó Chormac Cas is
ó Eoghan Taidhleach, is go raibh Laighin is an Mhumha fá'n
Eoghan soin i n-aimsir Chuinn Chéad-Chathaigh. Bhí
seanchus go cruinn ag na hÉireannaighibh an uair úd.



Chrom Brian ar chur isteach ar an Áird-Rígh agus
d'éirigh imreas agus argóint eatortha. Bhuail a dtaoisigh
a chéile cois Áth Luain agus cuireadh taoisigh Bhriain ar
gcúl. Ní áirighim gur nocht Brian féin a chlaidheamh i
gcoinnibh an Áird-Ríogh, acht níor chuir sé cosc le n-a
thaoiseachaibh borba, agus thaithnigh an t-imreas go maith le
Lochlannaibh mar bhíodar féin brúighte go leor.



Ba riaghlóir gasta Brian, agus bhí sé ag cur gach nídh i
n-eagar. Nuair do bhíodh suaimhneas aige ó chogadh
ar feadh tamaill, agus is annamh do bhíodh, ghnídheadh sé
dúin is tighthe is bóithre, agus nuair do bhíodh caoi aige air
chromadh sé ar scoileanna do chur ar bun ar an láthair
gur dóigheadh iad le Lochlannaibh; ar mhainistrí do
dhéanamh, ar dhíol is ar cheannaidheacht do chur ar
siubhal, is ar breitheamnaibh dlighe do shuidhadh in gach
ceanntar. Ar an gcuma soin bhí Cúige Mumhan ag
dul i neart fá chosnamh an chlaidhimh mhóir agus cheap an
tÁird-Rí ciallmhar gur chóir do réidhtiughadh le Brian.
Agus go mór-mhór ní chabhróchadh Cúige Uladh leis an
Áird-Rígh, agus dá dheascaibh sin do shnaidhm sé cairdeas
cogaidh le Brian agus thug Cúige Laighean dó.



Chuir Maelmhuire, Rí Laighean, búithreadh as, is thug
na mionna ná géillfeadh sé féin go bráthach do Bhrian.
Gluaisidh, a Dhál gCais! arsa fear an chlaidhimh, agus do
bhuaileadar thré Bhealach Mumhan mar ar marbhuigheadh
Cormac Naomhtha mac Cuileannáin. D'fhéach Dál
gCais ar Bhrian agus fá cheann lae is oidhche d'fhéach
seisean siar ortha nuair do chonnaic sé na Laighnigh
suidhte i nGleann Madhma agus ceann ar cheann de
Lochlannaibh go fuadrach le n-a gcois. Chuir Brian is
Maelsheachlainn fútha ar a n-aghaidh anonn.



“Ná leigimís leo go maidin, tá an bheirt úd glic,”
adeir an Rí Lochlannach.



“Bí aireach, a Mhaelsheachlainn, chím corruidhe sa
champa úd. Buailfid roimh lá sinn,” adeir Brian, agus
d'atharruigh sé a phuible féin san oidhche i gcás go raibh
slighe fhairsing idir é féin is Maelsheachlainn.



I dtosach an tsamhraidh do b'eadh é, ins an mbliadh-
ain 999, agus bhí duilleabhair go tiugh ar chrannaibh, agus na
héin ag dul chun codlata ionnta. Cuireadh na fir
faire amach. “Luighmís leis na héanaibh is éirighmís
leis na huanaibh,” adeir Brian; agus ní túisce dhúisigh na
héin 'ná gur dhúisigh na Lochlannaigh na Gaedhil.
Bhrúchtadar le liúgh isteach ar Mhaelsheachlainn, dar
leo, acht do b'é Brian do bhuail umpa go hullamh
cóirighthe. Tháinig Maelsheachlainn aniar 'dtuaidh ortha
san am gcéadna, agus bhris 'n-a dhá gcuid iad. Harold
Harfágar, Rí Átha Cliath, bhí mar cheann ar Lochlannaibh
an mhaidin úd, agus do theich sé treasna muinge bhí ann i
gcomhair a chuid fear do chur i n-eagar. Chualaidh sé an
fothram 'n-a dhiaidh. “Chugaibh Brian!” arsa Har-
fágar, agus do chas na Lochlannaigh chomh cíocrach chum
fola le scata faolchon.



“Ionnsuidhigh! Ionnsuidhigh!” arsa glór-ghuth Bhriain,
agus ghabh na Muimhnigh thríotha mar a gheobhadh scaoth
fiolar i measc fiadhta. Bhíodar ag tuitim fá mar a
thuiteann buille féir fá'n speil; acht, mar sin féin,
chuir Harfágar tréan na fir shlána arís is arís i
n-eagar agus chuaidh sé féin fé sa deireadh agus cruacha corp
'n-a thimcheall. Cailleadh annsúd chúig mhíle Lochlannach.



Chonnaic na Laighnigh chródha an íde bhí ag Brian dhá
thabhairt ar Lochlannaibh agus i n-ionad eagla 'theacht ortha
is amhlaidh do chuir sé mire ortha, agus thugadar ruthag ar
Mhaelsheachlainn. Chaith an laoch soin dhe iad le duadh
agus tháinig Brian 's a Mhuimhnigh 'n-a chabhair, amach as ár
na Lochlannach, a gclaidhmhthe crón is fliuch.



Briseadh ar Laighnibh agus fuair Murchadh mac Bhriain,
d'éis na tóire, Maelmhuire i bhfolach i measc duill-
eabhair crainn caithne. “Gread leat a bhaile as soin,”
arsa Brian leis. Do b'fheárr d'Éirinn dá muirbheoch-
aidhe Maelmhuire an lá úd.



Do bhain fir oibre le n-ár linn féin díog dhoimhin fá
chúram shagairt ealadhnta ins an ísleán úd mar ar
thuit na Lochlannaigh agus bhuail mar dheimhniughadh ar an
mbrisleach mhór a leithéid sin de charnaibh cnámh is
plaosc leo curtha sa mhuing bhogaigh gur tháinig
cradhscal ar na fearaibh oibre agus dúnadh an díog go
hurramach.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services