Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Casadh an tSean-Shaoghail
Title
Casadh an tSean-Shaoghail
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 19, 1905. Casadh an tSean-Shaoghail. Dubhramar seachtmhain ó shoin gur linne Bhaile Átha Cliath seachtmhain an Oireachtais. Is le Gallaibh é de ghnáth. Acht tá atharrughadh saoghail chugainn. Is gearr uainn an lá 'na mbéidh sé ar ár gcumas againn a rádh gur linn féin dá ríribh é. Is fada Gaedhil gan príomh-chathair. Leigheas- far an sgéal soin go goirid. Tá Baile Átha Cliath dá Ghaedhealughadh ag Connradh na Gaedhilge. Nuair bhéas sé Gaedhealuighthe i gceart againn, béidh príomh-chathair ag Éirinn — rud nach raibh ó briseadh an Teamhair. Ní náire dhúinn Baile Átha Cliath mar phríomh-chathair indiu féin. Ní náire dhúinn é an tseachtmhain seo go háirithe. Breathnuigh thart, a Ghaedhil na tuatha. Tá ainmneacha Gaedhilge os cionn mór-choda de na sráid- eannaibh. 'Siad déantúis na hÉireann atá ar taisbeáint ins an gcuid is mó de na siopaíbh. Buaileann Gaedheal umat gach coiscéim dá siubhlann tú. Tá fuaim bhinn na Gaedhilge le cloistin ar gach taobh dhíot. Tá an tOireachtas fá lán-tsiubhal ins an Rotunda. Earraidhe na tíre cóirighthe go deas os ár gcomhair mar bhíodh ar na hAontaighibh fad ó; drámanna Gaedhilge dá léiriughadh, amhráin Ghaedhilge dá ngabháil, ceol Gaedhealach dá spreagadh, sean- sgéalta na nGaedheal dá n-aithris; duaiseanna dá mbronnadh ar shean- chaidhthibh agus ar fhilíbh, ar ”aos ceoil agus oirfididh;” greann, sult, meidhreacht. A cháirde, tá an sean-shaoghal Ghaedhealach, casta orainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services