An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 19, 1905.
Casadh an tSean-Shaoghail.
Dubhramar seachtmhain ó shoin gur
linne Bhaile Átha Cliath seachtmhain an
Oireachtais. Is le Gallaibh é de
ghnáth. Acht tá atharrughadh saoghail
chugainn. Is gearr uainn an lá 'na
mbéidh sé ar ár gcumas againn a rádh
gur linn féin dá ríribh é. Is fada
Gaedhil gan príomh-chathair. Leigheas-
far an sgéal soin go goirid. Tá
Baile Átha Cliath dá Ghaedhealughadh ag
Connradh na Gaedhilge. Nuair bhéas
sé Gaedhealuighthe i gceart againn,
béidh príomh-chathair ag Éirinn — rud
nach raibh ó briseadh an Teamhair.
Ní náire dhúinn Baile Átha Cliath
mar phríomh-chathair indiu féin. Ní
náire dhúinn é an tseachtmhain seo go
háirithe. Breathnuigh thart, a Ghaedhil
na tuatha. Tá ainmneacha Gaedhilge
os cionn mór-choda de na sráid-
eannaibh. 'Siad déantúis na hÉireann
atá ar taisbeáint ins an gcuid is mó
de na siopaíbh. Buaileann Gaedheal
umat gach coiscéim dá siubhlann tú.
Tá fuaim bhinn na Gaedhilge le
cloistin ar gach taobh dhíot.
Tá an tOireachtas fá lán-tsiubhal
ins an Rotunda. Earraidhe na tíre
cóirighthe go deas os ár gcomhair mar
bhíodh ar na hAontaighibh fad ó;
drámanna Gaedhilge dá léiriughadh,
amhráin Ghaedhilge dá ngabháil, ceol
Gaedhealach dá spreagadh, sean-
sgéalta na nGaedheal dá n-aithris;
duaiseanna dá mbronnadh ar shean-
chaidhthibh agus ar fhilíbh, ar ”aos ceoil agus
oirfididh;” greann, sult, meidhreacht.
A cháirde, tá an sean-shaoghal
Ghaedhealach, casta orainn.