Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Maelsheachlainn is Brian (Ar Leanamhaint)
Title
Éire - Maelsheachlainn is Brian (Ar Leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Ficheadh Ceann. Maelsheachlainn is Brian. (Ar Leanamhaint). “Féach ar an dtarbh tána,” arsa Brian, “tá seisean láidir, is adharca geala géara air is géim aige do clois- fidhe thar mhaoileann na gcnoc. Do b'eol dom a leithéid lá dem' shaoghal is é ag gabháil thré mhachaire. Chuir fear scata gadhar leis acht d'iompuigh an tarbh, steall sé san aer ceann, chuir sé adharc go feirc i gceann, agus sceinn an chuid eile leo ag ualfhartaigh. Chrom an tarbh a shrón sa bhféarach, líon sé a bholg, agus luigh sé siar fá thaithneamh gréine i gcodladh trom. D'éaluigh an fear 'na threo, ghríosuigh an chonairt leis, dúisigheadh go hobann an tarbh mór agus léim sé chum siubail le géim uamhaigh, acht bhí sé caoch le scannradh, bhí na gadhair i n-achrann dá shróin, dá scrónaigh is dá bhléin, agus thuit sé i gceann a chos, a chroidhe 'na bhéal, anaithe air, 's cubhrán bán air, gal as, is fuil 'na sruthaibh leis. “Shuidh an gadaidhe ar stuam-ghualainn an tairbh is gháir sé go sásta is labhair sé go suairc: ‘Íosfam gan ghruaim thú, a thairbh mhóir bheathuighthe, is nach beag an bhrígh neart gan céill 'na theannta.’ “A Dhál gCais, an sínfeam siar fá lapaidhe mhadraidhe Gallda? Is agaibh-se tá a rogha. Ní hagam-sa 'ná ag Mathghamhain. Ciaca bheidh agaibh? An troid nó an tsíothcháin?” Le haon liúgh amháin do chas an Dál gCais a gclaidhmhte agus chualathas mar fhreagra, ar nós géimrigh na mílte damh, “Comhrac! Comhrac! Comhrac!” D'fhéach Brian ortha is faobhar 'na radharc; d'fhéach sé ar Mhathghamhain. Fear óg árd lom i n-aois a shé bliadhan fichead do b'eadh Brian an uair sin. Ní heol dom aon chúnntas cruinn ar a chruth, acht is é mo thuairim go raibh a chuid gruaige dubh agus féasóg fhada fhionn-ruadh air. Leath an scéal go luath go bhfeacathas Mathghamhain 's a shluagh ar gabháil thar Sionainn le luighe gréine. “Is mar sin is feárr é, ní rachaidh aithid aca thar n-ais go deo,” arsa Íomhar, agus bhailigh sé chuige na Lochlannaigh gan mhoill. Lean sé ar lorg Mhathghamhna. Chuir an Dál gCais fútha ar imeall coille i Sailchómhaid i dTiobraid Árann agus chualadar istoidhche mar a bheadh feadghail éin fairrge agus bhí a fhios aige go raibh na Lochlannaigh 'na gcomhgar ag déanamh comharthaidhe chum a chéile. Ar bhreacadh an lae thángadar le fuaim ar tí Mhathghamhain do mhúchadh láithreach acht chuir seisean fáilte rómpa le claidheamh is sleagh. Dhruideadar i ndiaidh a gcúil agus bhrúchtadar ar aghaidh arís ar nós na tuinne. Ní túisce bhí an t-éirleach ar siubhal dáiríribh 'ná gur phreab chúig céad fear is Brian ar a gceann amach as an gcoill ar chliathán na Lochlannach agus chromadar ar raobadh go fonnmhar. Thug na Lochlannaigh aghaidh ar Bhrian go fíochmhar mar ba ghnáthach leo, acht ghnídh seisean bóithre corp is cnámh thríotha agus thug Mathghamhain dearg- ruathar fá dhéin Bhriain. Ba threise is ba dhána na Lochlannaigh seo 'ná an Sasanach riamh, acht mar sin féin bhriseadar um mheadhon lae. Siúd is go raibh na céadta Éireannach ar lár lean Brian ar rian an namhad, lean sé air go dian as soin go Luimneach fiche míle ó bhaile, agus bhí cinn is cosa is casán fola feadh an bhóthair. Bhí sé ar a sálaibh ar theacht dóibh ar tháirsigh Luimnigh agus bhí a chlaidheamh ag gearradh thríotha sul a raibh uain aca ar ath-anál do thógaint. Sceinn cuid aca go dtí Abba Inse Cathaigh agus chaitheadar iad féin ar a choimirc. Ní leomhthar méar do bhualadh ortha anois, ars' an tAbba macánta. Druid siar, a shagairt shéimh, arsa Brian: chomh luath is bheadh mo chúl leis na bioránaigh seo gheárrfaidís do scórnach. Isteach libh, a bhuachaillí is árduighidh amach na heachtrannaigh; agus ghnídh fir na gclaidhmhthe rud ar Bhrian go héascaidh. Thug bruighean Shailchómhaid ath-mhisneach do Mhuimh- neachaibh mar do b'í siúd an briseadh ba mhó fuair Lochlannaigh le linn éinne. Bhailigh Íomhar sluagh tréanmhar arís, acht bhuaidh Mathghamhain air i seacht gcathaibh ar feadh na bliadhna bhí chughainn. Ghéill Íomhar fá dheireadh agus thug cuireadh cum féasta is cómhdháil do Mhathghamhain, acht i n-ionad feasta is eadh fuair Mathghamhain láidir deagh- chroidhtheach feall, mar bhuail Íomhar is dhá thaoiseach Ghaedhealacha ar a thuras go dtí an féasta leis is ropadar sleagha thré n-a chroidhe i mbearnain ar ghualainn Chnuic Fírinne cois Chruim i gceanntar Luimnigh — rud nár ghnáthach le Lochlannaibh a dhéanamh, mar ní chuirtear feall 'na leith. Is dubhach deorach do bhí Brian i ndiaidh Mhathghamhna, agus gheall sé go mbainfeadh a chlaidheamh díoghal as na
marbhthóiribh — geall do chomhlíon sé go hiomlán, mar lean sé iad go tug sé ortha cois Mhágh Chromtha i gCorcaigh, mar a raibh sluagh láidir bailighthe aca. Bhris sé isteach ortha le fothrom gaoithe móire thré choill, bhrúthaigh a raon madhma isteach go coiréalaibh iad, agus scoilt sé le n-a chlaidheamh féin plaoisc an dá thaois- each Ghaedhealach úd agus Íomhar 'na dteannta diaidh ar ndiaidh. Fáilte is fiche gach fír-fhir ó Chaiseal go Daingean romhat, a Rí óig na Mumhan, agus tá d'ainm as so suas i mbéal gach Lochlannaigh i ndún fairrge thuaidh is theas. Níor bh'é an Lochlannach, ámh, an fear do ghéillfeadh gan cath cruaidh. Cheap sé go raibh Éire go dtí sin fá n-a bhuannacht. Thuig sé go luath cad é an saghas fear cogaidh é Brian, agus dhírigh sé a neart go léir air. Thángadar as gach áird; thugadar suaimhneas do sna cúigibh eile, agus ní dóich liom go bhfuil aon treimhse eile i stair na hÉireann is tábhachtaighe 'ná comhrac na Muimhneach 'na n-aonar le Lochlannaibh ar feadh an dá bhliadhain déag úd (968-979). Bhuail Brian fiche cath ortha, agus is fiú gach ceann aca tuairisg fhírinneach do thabhairt ortha. Níor bh'amhlaidh amháin ná fuair Cúige Mumhan aon cabhair, acht, nídh ba mheasa 'ná soin, chabhruigh cuid mhaith de thaoiseachaibh Laighean le Lochlannaibh, mar bhí cleamhnas eatortha is báid aca le chéile, agus bhí an bháidh chéadna ag ceathair nó cúig de thaoiseachaibh na Mumhan féin leis an namhaid gur sciob claidheamh Bhriain na cinn díobh. Bhagair sé an íde chéadna ar Rígh Laighean; acht ba bheag é toradh an ríogh sin air gur bhris sé isteach 'na chúige gan chead gan choinne, agus chas sé ar Lochlannaibh is ar Laighnibh suidhte cois Rois Mhic Treoin. Ghabh sé thríotha, is scaip sé iad, agus, mar ba ghnáthach leis i gcath, lean sé go dian ar an bhfuighleach. “Scaoil uait na Laighnigh, acht scaoil ar na Lochlann- aigh,” adeir sé le ceann dá thaoiseachaibh airm sa ruaig, agus ceapaim as soin gur ghoill sé air Gaedheal as aon chúige do mharbhadh. Ní raibh Brian in 'aonar i bhfad 'na dhiaidh súd mar d'éirigh an fear ba ghrádhmhaire le n-a linn mar chabhair dó — Maelsheachlainn óg na Midhe. Munar féidir linn an beithidheach allta so na Mumhan do chur fá chois beidh an Mhidhe againn go háirithe, adeir Lochlannaigh Átha Cliath, acht chuir Maelsheachlainn an rith ortha. Thriall an Lochlannach dán ar aghaidh arís, ámh, níos treise 'na riamh. Dhruid Maelsheachlainn uaidh ar gcúl; dhruid leis go cliathán Chnuic na Teamhrach agus d'fhan annsúd leo. A Chlann na Midhe, adeir sé, cuimhnighidh ar bhur sinnsear romhaibh; ná tréigidh an cath, acht ceapaidh go bhfuil na céadta rí do shuidh ar Teamhair ag féachaint oraibh indiu! Phreab na Midhigh áilne bhinne ar chéasaibh an Lochlan- nach, raobadar is bhriseadar a ndíorma dlútha, lean- adar ortha dá ngearradh go dún Bhaile Átha Cliath, is isteach leo agus scaoileadar dhá mhíle Éireannach bhí fá ghéibheann annsúd agus d'fhilleadar féin is Maelsheachlainn buadhthach go Dún na Sciath. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services