Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Ficheadh Ceann.
Maelsheachlainn is Brian.
(Ar Leanamhaint).
“Féach ar an dtarbh tána,” arsa Brian, “tá seisean
láidir, is adharca geala géara air is géim aige do clois-
fidhe thar mhaoileann na gcnoc. Do b'eol dom a leithéid
lá dem' shaoghal is é ag gabháil thré mhachaire. Chuir
fear scata gadhar leis acht d'iompuigh an tarbh, steall
sé san aer ceann, chuir sé adharc go feirc i gceann, agus
sceinn an chuid eile leo ag ualfhartaigh. Chrom an
tarbh a shrón sa bhféarach, líon sé a bholg, agus luigh sé
siar fá thaithneamh gréine i gcodladh trom. D'éaluigh
an fear 'na threo, ghríosuigh an chonairt leis, dúisigheadh
go hobann an tarbh mór agus léim sé chum siubail le
géim uamhaigh, acht bhí sé caoch le scannradh, bhí na
gadhair i n-achrann dá shróin, dá scrónaigh is dá bhléin,
agus thuit sé i gceann a chos, a chroidhe 'na bhéal, anaithe
air, 's cubhrán bán air, gal as, is fuil 'na sruthaibh leis.
“Shuidh an gadaidhe ar stuam-ghualainn an tairbh is
gháir sé go sásta is labhair sé go suairc: ‘Íosfam gan
ghruaim thú, a thairbh mhóir bheathuighthe, is nach beag an
bhrígh neart gan céill 'na theannta.’
“A Dhál gCais, an sínfeam siar fá lapaidhe mhadraidhe
Gallda? Is agaibh-se tá a rogha. Ní hagam-sa 'ná
ag Mathghamhain. Ciaca bheidh agaibh? An troid nó
an tsíothcháin?”
Le haon liúgh amháin do chas an Dál gCais a
gclaidhmhte agus chualathas mar fhreagra, ar nós géimrigh
na mílte damh, “Comhrac! Comhrac! Comhrac!”
D'fhéach Brian ortha is faobhar 'na radharc; d'fhéach sé
ar Mhathghamhain.
Fear óg árd lom i n-aois a shé bliadhan fichead do
b'eadh Brian an uair sin. Ní heol dom aon chúnntas
cruinn ar a chruth, acht is é mo thuairim go raibh a chuid
gruaige dubh agus féasóg fhada fhionn-ruadh air.
Leath an scéal go luath go bhfeacathas Mathghamhain
's a shluagh ar gabháil thar Sionainn le luighe gréine.
“Is mar sin is feárr é, ní rachaidh aithid aca thar n-ais
go deo,” arsa Íomhar, agus bhailigh sé chuige na Lochlannaigh
gan mhoill. Lean sé ar lorg Mhathghamhna.
Chuir an Dál gCais fútha ar imeall coille i
Sailchómhaid i dTiobraid Árann agus chualadar istoidhche
mar a bheadh feadghail éin fairrge agus bhí a fhios aige go
raibh na Lochlannaigh 'na gcomhgar ag déanamh
comharthaidhe chum a chéile. Ar bhreacadh an lae
thángadar le fuaim ar tí Mhathghamhain do mhúchadh
láithreach acht chuir seisean fáilte rómpa le claidheamh
is sleagh. Dhruideadar i ndiaidh a gcúil agus bhrúchtadar
ar aghaidh arís ar nós na tuinne. Ní túisce bhí an
t-éirleach ar siubhal dáiríribh 'ná gur phreab chúig céad
fear is Brian ar a gceann amach as an gcoill ar
chliathán na Lochlannach agus chromadar ar raobadh go
fonnmhar. Thug na Lochlannaigh aghaidh ar Bhrian go
fíochmhar mar ba ghnáthach leo, acht ghnídh seisean
bóithre corp is cnámh thríotha agus thug Mathghamhain dearg-
ruathar fá dhéin Bhriain.
Ba threise is ba dhána na Lochlannaigh seo 'ná an
Sasanach riamh, acht mar sin féin bhriseadar um
mheadhon lae. Siúd is go raibh na céadta Éireannach
ar lár lean Brian ar rian an namhad, lean sé air go
dian as soin go Luimneach fiche míle ó bhaile, agus bhí cinn
is cosa is casán fola feadh an bhóthair. Bhí sé ar a
sálaibh ar theacht dóibh ar tháirsigh Luimnigh agus bhí a
chlaidheamh ag gearradh thríotha sul a raibh uain aca ar
ath-anál do thógaint. Sceinn cuid aca go dtí Abba
Inse Cathaigh agus chaitheadar iad féin ar a choimirc. Ní
leomhthar méar do bhualadh ortha anois, ars' an tAbba
macánta. Druid siar, a shagairt shéimh, arsa Brian:
chomh luath is bheadh mo chúl leis na bioránaigh seo
gheárrfaidís do scórnach. Isteach libh, a bhuachaillí is
árduighidh amach na heachtrannaigh; agus ghnídh fir na
gclaidhmhthe rud ar Bhrian go héascaidh.
Thug bruighean Shailchómhaid ath-mhisneach do Mhuimh-
neachaibh mar do b'í siúd an briseadh ba mhó fuair
Lochlannaigh le linn éinne.
Bhailigh Íomhar sluagh tréanmhar arís, acht bhuaidh
Mathghamhain air i seacht gcathaibh ar feadh na bliadhna bhí
chughainn. Ghéill Íomhar fá dheireadh agus thug cuireadh cum
féasta is cómhdháil do Mhathghamhain, acht i n-ionad
feasta is eadh fuair Mathghamhain láidir deagh-
chroidhtheach feall, mar bhuail Íomhar is dhá thaoiseach
Ghaedhealacha ar a thuras go dtí an féasta leis is
ropadar sleagha thré n-a chroidhe i mbearnain ar
ghualainn Chnuic Fírinne cois Chruim i gceanntar
Luimnigh — rud nár ghnáthach le Lochlannaibh a dhéanamh,
mar ní chuirtear feall 'na leith.
Is dubhach deorach do bhí Brian i ndiaidh Mhathghamhna,
agus gheall sé go mbainfeadh a chlaidheamh díoghal as na
marbhthóiribh — geall do chomhlíon sé go hiomlán, mar
lean sé iad go tug sé ortha cois Mhágh Chromtha i
gCorcaigh, mar a raibh sluagh láidir bailighthe aca. Bhris
sé isteach ortha le fothrom gaoithe móire thré choill,
bhrúthaigh a raon madhma isteach go coiréalaibh iad, agus
scoilt sé le n-a chlaidheamh féin plaoisc an dá thaois-
each Ghaedhealach úd agus Íomhar 'na dteannta diaidh ar
ndiaidh.
Fáilte is fiche gach fír-fhir ó Chaiseal go Daingean
romhat, a Rí óig na Mumhan, agus tá d'ainm as so suas i
mbéal gach Lochlannaigh i ndún fairrge thuaidh is theas.
Níor bh'é an Lochlannach, ámh, an fear do ghéillfeadh
gan cath cruaidh. Cheap sé go raibh Éire go dtí sin
fá n-a bhuannacht. Thuig sé go luath cad é an saghas
fear cogaidh é Brian, agus dhírigh sé a neart go léir air.
Thángadar as gach áird; thugadar suaimhneas do sna
cúigibh eile, agus ní dóich liom go bhfuil aon treimhse eile
i stair na hÉireann is tábhachtaighe 'ná comhrac na
Muimhneach 'na n-aonar le Lochlannaibh ar feadh an dá
bhliadhain déag úd (968-979). Bhuail Brian fiche cath
ortha, agus is fiú gach ceann aca tuairisg fhírinneach do
thabhairt ortha.
Níor bh'amhlaidh amháin ná fuair Cúige Mumhan aon
cabhair, acht, nídh ba mheasa 'ná soin, chabhruigh cuid
mhaith de thaoiseachaibh Laighean le Lochlannaibh, mar bhí
cleamhnas eatortha is báid aca le chéile, agus bhí an bháidh
chéadna ag ceathair nó cúig de thaoiseachaibh na
Mumhan féin leis an namhaid gur sciob claidheamh
Bhriain na cinn díobh. Bhagair sé an íde chéadna ar
Rígh Laighean; acht ba bheag é toradh an ríogh sin air gur
bhris sé isteach 'na chúige gan chead gan choinne, agus chas
sé ar Lochlannaibh is ar Laighnibh suidhte cois Rois Mhic
Treoin. Ghabh sé thríotha, is scaip sé iad, agus, mar ba
ghnáthach leis i gcath, lean sé go dian ar an bhfuighleach.
“Scaoil uait na Laighnigh, acht scaoil ar na Lochlann-
aigh,” adeir sé le ceann dá thaoiseachaibh airm sa
ruaig, agus ceapaim as soin gur ghoill sé air Gaedheal
as aon chúige do mharbhadh.
Ní raibh Brian in 'aonar i bhfad 'na dhiaidh súd mar
d'éirigh an fear ba ghrádhmhaire le n-a linn mar chabhair
dó — Maelsheachlainn óg na Midhe.
Munar féidir linn an beithidheach allta so na
Mumhan do chur fá chois beidh an Mhidhe againn go
háirithe, adeir Lochlannaigh Átha Cliath, acht chuir
Maelsheachlainn an rith ortha. Thriall an Lochlannach
dán ar aghaidh arís, ámh, níos treise 'na riamh. Dhruid
Maelsheachlainn uaidh ar gcúl; dhruid leis go cliathán
Chnuic na Teamhrach agus d'fhan annsúd leo. A Chlann na
Midhe, adeir sé, cuimhnighidh ar bhur sinnsear romhaibh;
ná tréigidh an cath, acht ceapaidh go bhfuil na céadta
rí do shuidh ar Teamhair ag féachaint oraibh indiu!
Phreab na Midhigh áilne bhinne ar chéasaibh an Lochlan-
nach, raobadar is bhriseadar a ndíorma dlútha, lean-
adar ortha dá ngearradh go dún Bhaile Átha Cliath, is
isteach leo agus scaoileadar dhá mhíle Éireannach bhí fá
ghéibheann annsúd agus d'fhilleadar féin is Maelsheachlainn
buadhthach go Dún na Sciath.
Conán Maol.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11