Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fáilte
Title
Fáilte
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 12, 1905. Fáilte. Tá an tOireachtas buailte linn. Tá na Gaedhilgeoirí ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath cheana féin. Táid ag teacht chugainn ó Chuige Mumhan anuas, ó Chúige Uladh aníos, agus ó Chúige Chonnacht aniar. Is gearr go mbeidh Baile Átha Cliath fútha féin aca. Fá cheann cúpla lá cloisfear an Ghaedhilg dá spreagadh thall is i bhfus. Clois- fear ar an tsráid agus ins na siopaíbh í; cloisfear ag uasal agus ag íseal í. Aire chugaibh a Ghaedhilgeoirí! Cong- bhuighidh amach ó mBéarla! Is libh- se Baile Átha Cliath seachtmhain an Oireachtais. Labhraidh bhur dteanga féin an tseachtmhain seo munar labhrabhair riamh roimhe í. Bíodh briathra bríoghmhara an Athar Risteárd mar rosg catha agaibh: “Gaedheal mise, is ní heol gur náir dom é!” Beidh bruid agus saothar agus cúram ar gach éinne an tseachtmhain seo. Iomaidheachta ar siubhal gach lá. Cuirmeacha ceoil dá gcomóradh gach oidhche. Árd-Fheis na nGaedheal i ndáil chomhairle ó cheann ceann na seachtmhaine. Obair dá déanamh ar gach taobh; obair nár dheineadh a leithéid i nÉirinn leis na ciantaibh; obair do raghaidh i leas dár sliocht agus do shliocht ár sleachta. Fáilte romhaibh a Theachtairí agus a Chomórtasaidhthe! Fáilte romhat, a Mhuimhnigh mhíleadhta! Fáilte romhat, a Ultaigh chiallmhair! Fáilte romhat, a Chonnachtaigh bhuain! Fáilte romhat, a Laigheanaigh leomhanda! 'S fáilte is fiche romhaibh-se, a laochraidh thar lear! A cháirde agus a uaisle Ghaedheal, bhur seacht gcéad míle fáilte!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services