Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáilte

Title
Fáilte
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Lughnasa 12, 1905.



Fáilte.



Tá an tOireachtas buailte linn.
Tá na Gaedhilgeoirí ag déanamh ar
Bhaile Átha Cliath cheana féin. Táid
ag teacht chugainn ó Chuige Mumhan
anuas, ó Chúige Uladh aníos, agus ó Chúige
Chonnacht aniar. Is gearr go mbeidh
Baile Átha Cliath fútha féin aca. Fá
cheann cúpla lá cloisfear an Ghaedhilg
dá spreagadh thall is i bhfus. Clois-
fear ar an tsráid agus ins na siopaíbh í;
cloisfear ag uasal agus ag íseal í.
Aire chugaibh a Ghaedhilgeoirí! Cong-
bhuighidh amach ó mBéarla! Is libh-
se Baile Átha Cliath seachtmhain an
Oireachtais. Labhraidh bhur dteanga
féin an tseachtmhain seo munar
labhrabhair riamh roimhe í. Bíodh briathra
bríoghmhara an Athar Risteárd mar
rosg catha agaibh: “Gaedheal mise, is
ní heol gur náir dom é!”



Beidh bruid agus saothar agus cúram ar
gach éinne an tseachtmhain seo.
Iomaidheachta ar siubhal gach lá.
Cuirmeacha ceoil dá gcomóradh gach
oidhche. Árd-Fheis na nGaedheal i
ndáil chomhairle ó cheann ceann na
seachtmhaine. Obair dá déanamh ar
gach taobh; obair nár dheineadh a
leithéid i nÉirinn leis na ciantaibh;
obair do raghaidh i leas dár sliocht agus
do shliocht ár sleachta.



Fáilte romhaibh a Theachtairí agus a
Chomórtasaidhthe! Fáilte romhat, a
Mhuimhnigh mhíleadhta! Fáilte romhat,
a Ultaigh chiallmhair! Fáilte romhat,
a Chonnachtaigh bhuain! Fáilte romhat,
a Laigheanaigh leomhanda! 'S fáilte
is fiche romhaibh-se, a laochraidh thar
lear!



A cháirde agus a uaisle Ghaedheal,
bhur seacht gcéad míle fáilte!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services