Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Maelsheachlainn is Brian
Title
Éire - Maelsheachlainn is Brian
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Ficheadh Ceann. Maelsheachlainn is Brian. Fá mar adubhramair cheana do mhéaduigh Tuathal Teachtmhar an Mhidhe le roinnt talmhan do chur léi as gach ceanntar ar a teorannaibh thuaidh is theas, is ghnídh sé cúige dhi. Dhein sé ceann dá rígh-thighthibh ar Chnoc Uisneach agus bhíodh dáil mhór is greann is báire is cleasa ar an gcnoc aoibhinn aithnid sin ar feadh na gcéadta bliadhan as soin i leith. Shín an chúige ríoghamhail ó'n Sionainn go fairrge thoir, agus ó'n Life i gCill Dara theas go dtí Sliabh Fuaid i nÁrd Macha thuaidh. Bhíodh sí mar fhearainn búird ag áird-ríghthibh na hÉireann gur briseadh an Teamhair, acht 'na dhiaidh sin bhíodh sí ar leithslighidh ar an Midhe ar nós aon chúige eile. Ba mhór le rádh í ins an tsean- aimsir. Roinn na Sasanaigh 'na dá chondae cuid di ins an séamhadh haois déag agus chuireadar le hUltaibh is
le Laighnibh an chuid eile dhi. Ba dhroch-mhúinte an lámh- láidir a leithéid agus is mór an truagh go bhfulaingeoch- amuis a leithéid gus indiu, mar cuimileadh leis an mbeart mhioscaiseach soin amach as stair na hÉireann cúige uaibhreach mhódhmharach. Briseadh gan tairbhe le sean-nós, agus ní mar mhaithe le hÉirinn é. Do b'ionann é agus dá dtógfaidhe an t-ainm urramach soin “Ulaidh” de'n chúige thuaidh agus í 'thabhairt ar smiot de chondaethibh Aondroma agus Dhoire. Siúd is gur bh'éigean géilleadh an uair sin do'n fhóirneart úd, tá sé i gcumas na ndaoine indiu má's maith leo é, Cúige na Midhe do ath-bhaisteadh fá mar do bhí sí ar feadh chúig chéad déag bliadhan. Maireann sí fós i n-aigne an stairidhe gidh gur dheighil an namhaid dá haindeoin as “Cúig Cúigibh na hÉireann” í. I gcogadh Gaedheal le Gall ní raibh aon chúige eile ba thréine i gcomhrac 'ná an Mhidhe. As shliocht Néill Naoi-nGiallaigh do shíolruigh a ríghthe agus ba mhinic ceann aca 'na Áird-Rígh ar Éirinn. Is mó é a cáil 'ná cáil Uladh i gcomhrac le Lochlannaibh. Níor throid na hUltaigh leis an namhaid sin i n-aon chor chomh calma is throideamar 'na dhiaidh súd i gcoinnibh Sasanach. Ba bheag é suaimhneas na Midhe, mar bhí sí comhgarach do Bhaile Átha Cliath mar ar chuir na Lochlannaigh fútha go daingean ó thosach, agus mar sin féin níor staon sí ó throid leo ó thángadar sa tír gur cuireadh fá chois iad. Fear tuigseanach glic do b'eadh é an Lochlannach, agus bhí a shúil i gcomhnaidhe ar an Midhe, agus do b'áil leis rí Lochlannach Átha Cliath 'bheith i gceannas uirthi. Ghnídh sé iarracht eile ins an mbliadhain 968 acht do theip air. Ba gheárr 'na dhiaidh sin gur deineadh rí do'n dara Maelsheachlainn. Badh dhóich leat gur chuir an ainm sin ar dearg-bhuile Lochlannaigh Átha Cliath agus gur chuimhnigheadar ar an gcéad Mhaelsheachlainn do thug an buille ba throime dhóibh dá bhfuairadar i nÉirinn. Badh mhaith leo an dara Maelsheachlainn seo do stracadh as a chéile, acht tháinig scéala chucha ó Ibhor, rí Luimnigh, a suaimhneas do ghlacadh go fóill toisc go raibh Cúige Mumhan go han-shocair thré droch-bheartaibh bhuachalla bháin darab ainm Brian, dearbhráthair Mhathghamhna, rí Thuadh-Mhumhan. Chuirfeadh sé fáth gáire ar dhuine an chomhairle do thug Ibhor do Mhathghamhain. Is mar a chéile é agus cuid de'n chainnt do chloisimíd indiu. Ghnídh an bheirt seo síothcháin le chéile d'éis a dtroid le fada roimhe sin. “Nách mór an náire dhuit-se ná cuireann cosc leis an ndearbhráthair sin agat,” adeir Ibhor. “Tá sé ag cur na cúige thré n-a chéile gan ghábhadh. Nách córa dhúinn maireachtain go síothchánta i dteannta 'chéile. Tá na daoine go réidh is go macánta, dá leigfidhe dhóibh, is gan smuainte 'chur 'na gceann gan bheith umhal. 'Sé leithéid Bhriain do chuireann ar a n-aimh- leas iad. Abair leis cur uaidh nó gur dó is measa.” Bhí Mathghamhain go cangcarach acht níor leig sé air é. Ghnídh sé síothcháin le Lochlannaibh mar maithe le n-a threib, mar shíligh sé gur bh'é a leas é. Níor mhar sin do Bhriain bhorb. Ghléas seisean trí chéad fear de'n treibh, chóirigh sé 'na ndeichneabharaibh iad, agus d'imthigh- eadar ar a gcoimeád fé sna coilltibh. Má éiligheadh an Lochlannach cáin i n-aon bhall i gCúige Mumhan agus go dtugthaidhe an t-eiteach dhó, is amhlaidh do chromadh sé ar dhranntán; míneochadh sibh, adeireadh sé, agus thagadh sé ortha go hobann agus thógadh leis an chréach. Do b'annamh do théidheadh sé slán gan buillíbh, mar chasadh Brian air i mbeárnain éigin, agus bhíodh fuil eatortha. Do b'ionmhuin le Mathghamhain Brian. Chuarduigh sé coillte iargcúlacha dhó. “A Bhriain, caithfeam síothcháin do dhéanamh leis an namhaid go ceann tamaill. Tá ár mbuidhean ag dul i laighead is ár maoin ag sleamhnughadh uainn.” “A Mhathghamhain mo chroidhe istigh, dá mhéid sé do chion orm, ní dhéanfad rud ort.” “Cá bhfuil do shluagh?” Chuir Brian fead as, is d'éirigh trí deichneabhar fear as an dtalamh. “Cá bhfuil an chuid eile?” adeir Mathghamhain. “Fá chré na Mumhan, mar a mbead-sa is mar is cóir dhuit-se bheith sul a ngéillfeam do'n ghadaidhe choimhightheach.” D'árduigh Mathghamhain a guth agus ghoil sé. “Leig dómh-sa labhairt leis an dtreibh,” adeir Brian; agus cuireadh fógra amach. Sheasaimh Brian ar aghaidh Dál gCais amach agus chuir- eadar na súl a thríd. “A bhuidheanta mo chléibh, is mór againne ár rí Mathghamhain agus is mór aige sinn. Tá a fhios agaibh go bhfuil an namhaid chíocrach mhalluighthe ag cur air, agus go ndeárnadh síothcháin ar son go mbeadh suaimhneas agaibh-se. Támuid-ne láidir fós acht tiocfaidh an lá go mbeimíd lag. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services