Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Ficheadh Ceann.
Maelsheachlainn is Brian.
Fá mar adubhramair cheana do mhéaduigh Tuathal
Teachtmhar an Mhidhe le roinnt talmhan do chur léi as
gach ceanntar ar a teorannaibh thuaidh is theas, is ghnídh sé
cúige dhi. Dhein sé ceann dá rígh-thighthibh ar Chnoc
Uisneach agus bhíodh dáil mhór is greann is báire is cleasa
ar an gcnoc aoibhinn aithnid sin ar feadh na gcéadta
bliadhan as soin i leith.
Shín an chúige ríoghamhail ó'n Sionainn go fairrge
thoir, agus ó'n Life i gCill Dara theas go dtí Sliabh Fuaid
i nÁrd Macha thuaidh. Bhíodh sí mar fhearainn búird ag
áird-ríghthibh na hÉireann gur briseadh an Teamhair,
acht 'na dhiaidh sin bhíodh sí ar leithslighidh ar an Midhe ar
nós aon chúige eile. Ba mhór le rádh í ins an tsean-
aimsir. Roinn na Sasanaigh 'na dá chondae cuid di
ins an séamhadh haois déag agus chuireadar le hUltaibh is
le Laighnibh an chuid eile dhi. Ba dhroch-mhúinte an lámh-
láidir a leithéid agus is mór an truagh go bhfulaingeoch-
amuis a leithéid gus indiu, mar cuimileadh leis an
mbeart mhioscaiseach soin amach as stair na hÉireann
cúige uaibhreach mhódhmharach. Briseadh gan tairbhe le
sean-nós, agus ní mar mhaithe le hÉirinn é. Do
b'ionann é agus dá dtógfaidhe an t-ainm urramach
soin “Ulaidh” de'n chúige thuaidh agus í 'thabhairt
ar smiot de chondaethibh Aondroma agus Dhoire.
Siúd is gur bh'éigean géilleadh an uair sin
do'n fhóirneart úd, tá sé i gcumas na ndaoine indiu
má's maith leo é, Cúige na Midhe do ath-bhaisteadh fá
mar do bhí sí ar feadh chúig chéad déag bliadhan.
Maireann sí fós i n-aigne an stairidhe gidh gur dheighil
an namhaid dá haindeoin as “Cúig Cúigibh na
hÉireann” í.
I gcogadh Gaedheal le Gall ní raibh aon chúige eile
ba thréine i gcomhrac 'ná an Mhidhe. As shliocht Néill
Naoi-nGiallaigh do shíolruigh a ríghthe agus ba mhinic ceann
aca 'na Áird-Rígh ar Éirinn. Is mó é a cáil 'ná cáil
Uladh i gcomhrac le Lochlannaibh. Níor throid na
hUltaigh leis an namhaid sin i n-aon chor chomh calma
is throideamar 'na dhiaidh súd i gcoinnibh Sasanach.
Ba bheag é suaimhneas na Midhe, mar bhí sí comhgarach
do Bhaile Átha Cliath mar ar chuir na Lochlannaigh fútha
go daingean ó thosach, agus mar sin féin níor staon sí ó
throid leo ó thángadar sa tír gur cuireadh fá chois
iad.
Fear tuigseanach glic do b'eadh é an Lochlannach, agus
bhí a shúil i gcomhnaidhe ar an Midhe, agus do b'áil leis rí
Lochlannach Átha Cliath 'bheith i gceannas uirthi. Ghnídh
sé iarracht eile ins an mbliadhain 968 acht do theip air.
Ba gheárr 'na dhiaidh sin gur deineadh rí do'n dara
Maelsheachlainn. Badh dhóich leat gur chuir an ainm
sin ar dearg-bhuile Lochlannaigh Átha Cliath agus gur
chuimhnigheadar ar an gcéad Mhaelsheachlainn do thug
an buille ba throime dhóibh dá bhfuairadar i nÉirinn.
Badh mhaith leo an dara Maelsheachlainn seo do
stracadh as a chéile, acht tháinig scéala chucha ó Ibhor, rí
Luimnigh, a suaimhneas do ghlacadh go fóill toisc go
raibh Cúige Mumhan go han-shocair thré droch-bheartaibh
bhuachalla bháin darab ainm Brian, dearbhráthair
Mhathghamhna, rí Thuadh-Mhumhan.
Chuirfeadh sé fáth gáire ar dhuine an chomhairle do
thug Ibhor do Mhathghamhain. Is mar a chéile é agus cuid
de'n chainnt do chloisimíd indiu. Ghnídh an bheirt seo
síothcháin le chéile d'éis a dtroid le fada roimhe sin.
“Nách mór an náire dhuit-se ná cuireann cosc leis
an ndearbhráthair sin agat,” adeir Ibhor. “Tá sé ag
cur na cúige thré n-a chéile gan ghábhadh. Nách córa
dhúinn maireachtain go síothchánta i dteannta 'chéile.
Tá na daoine go réidh is go macánta, dá leigfidhe
dhóibh, is gan smuainte 'chur 'na gceann gan bheith
umhal. 'Sé leithéid Bhriain do chuireann ar a n-aimh-
leas iad. Abair leis cur uaidh nó gur dó is
measa.”
Bhí Mathghamhain go cangcarach acht níor leig sé air
é. Ghnídh sé síothcháin le Lochlannaibh mar maithe le n-a
threib, mar shíligh sé gur bh'é a leas é. Níor mhar sin
do Bhriain bhorb. Ghléas seisean trí chéad fear de'n
treibh, chóirigh sé 'na ndeichneabharaibh iad, agus d'imthigh-
eadar ar a gcoimeád fé sna coilltibh. Má éiligheadh
an Lochlannach cáin i n-aon bhall i gCúige Mumhan agus go
dtugthaidhe an t-eiteach dhó, is amhlaidh do chromadh sé
ar dhranntán; míneochadh sibh, adeireadh sé, agus thagadh
sé ortha go hobann agus thógadh leis an chréach. Do
b'annamh do théidheadh sé slán gan buillíbh, mar chasadh
Brian air i mbeárnain éigin, agus bhíodh fuil eatortha.
Do b'ionmhuin le Mathghamhain Brian. Chuarduigh sé
coillte iargcúlacha dhó.
“A Bhriain, caithfeam síothcháin do dhéanamh leis an
namhaid go ceann tamaill. Tá ár mbuidhean ag dul
i laighead is ár maoin ag sleamhnughadh uainn.”
“A Mhathghamhain mo chroidhe istigh, dá mhéid sé do
chion orm, ní dhéanfad rud ort.”
“Cá bhfuil do shluagh?”
Chuir Brian fead as, is d'éirigh trí deichneabhar fear
as an dtalamh.
“Cá bhfuil an chuid eile?” adeir Mathghamhain.
“Fá chré na Mumhan, mar a mbead-sa is mar is
cóir dhuit-se bheith sul a ngéillfeam do'n ghadaidhe
choimhightheach.”
D'árduigh Mathghamhain a guth agus ghoil sé.
“Leig dómh-sa labhairt leis an dtreibh,” adeir
Brian; agus cuireadh fógra amach.
Sheasaimh Brian ar aghaidh Dál gCais amach agus chuir-
eadar na súl a thríd.
“A bhuidheanta mo chléibh, is mór againne ár rí
Mathghamhain agus is mór aige sinn. Tá a fhios agaibh go
bhfuil an namhaid chíocrach mhalluighthe ag cur air, agus go
ndeárnadh síothcháin ar son go mbeadh suaimhneas
agaibh-se. Támuid-ne láidir fós acht tiocfaidh an lá
go mbeimíd lag.
Conán Maol.