Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Greim an Lochlannaigh (Ar Leanmhaint)
Title
Éire - Greim an Lochlannaigh (Ar Leanmhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Naomhadh Ceann Déag. Greim an Lochlannaigh. (Ar Leanmhaint). Nuair do thuit Muircheartach ní raibh aon fhear ar Ultaibh le cur in' ionad agus ba bheag é a gcongnamh d'Éirinn as soin i leith i gcogadh Gaedheal le Gall. Ní raibh aon fhonn géilleadh do Lochlannaibh ortha, ámh, agus ní mó 'ná bhí ar aon chúige eile acht chomh beag. Ar a shon soin is eile ní raibh aon cheann-urraidh ar Ghaedhealaibh do choingbheochadh i dteannta 'chéile iad, agus d'á dheascaibh sin ba chosmhail Éire an aimsir úd le luing gan stiúir lá gaoithe móire i measg tonn tuile. Bhí a rian air; mheas a lán de sna taoiseachaibh nár bh'fhéidir buadh ar an Lochlannach agus ghnídh cuid aca cáirdeas cogaidh leis i n-aghaidh taoiseacha eile bhí chomh dán soin ná géillfidís go bráthach. Má's dóich leat go bhfuil do namhaid ró-láidir duit ní bhuaidhfir go deo air agus brisfear do mhisneach sa deireadh. Ba gheall leis d'Éirinn sular tháinig fóirithin chúichi, acht fá mar a thagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne fuair sí an bhuaidh fá mar do ghéabhaidh sí arís is ar ball é mara gcaillid a clann a muinighin 's a misneach. Níor chaill na sean-Éireannaigh a muinighin gidh go raibh an saoghal go dona ortha agus an namhaid ag dul i dtreise. Ceapaim go raibh an saoghal níos aindeise i gCúige Mumhan i meádhon na naomhadh aoise agus ar feadh fiche blaidhain 'na dhiaidh sin 'ná mar do bhítheas i n-aon chúige eile i nÉirinn. Bhí caidreamh idir chuid de thaoiseachaibh na cúige sin agus Lochlannaigh Luimnigh, agus scriosaidís muinntir na tuaithe mór-dtimcheall de bhuaibh is do chapaillibh. Bhí Ceallachán foi till faobhrach Chaisil marbh, agus do b'éigean do'n rígh mhisneamhail sin Mathghamhain Ó Cinnéide, dearbhráthair Bhriain, síothcháin do dhéanamh sa deireadh le Loch- lannaibh agus a leigean dóibh daor-chíos do chur ar chuid de'n Mhumhain. Léightear go raibh cáin mhillteach dhá héileamh ag an Lochlannach soin tar cheann na síothchána agus caoi-ghoileann na filí go mbíodh unga óir ar gach sróin sa Mhumhain d'á bhaint amach ag an namhaid dubh- chroidheach. 'Na theannta soin do b'iomdha óig-bhean dháthamhail ghlas-shúileach d'fhuaduigh sé thar sáile leis. Theas i nInis Fáithleann i Loch Léin bhí aosánach de shliocht Chormaic Chais ar scoil ag foghluim stair a thíre is ag éisteacht le trácht ar ghaisce a shinnsear: thuaidh i nDún na Sciath i gCúige na Mídhe bhí buinneán do shliocht Néill Naoi-nGiallaigh 'ghá oileamhaint san am gcéadna. Tar slán, a Bhriain áigh, agus thusa, a Mhaeilsheachlainn ghlé ghaisceamhail, mar tá Éire ag feitheamh libh! Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services