Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Naomhadh Ceann Déag.
Greim an Lochlannaigh.
(Ar Leanmhaint).
Nuair do thuit Muircheartach ní raibh aon fhear ar
Ultaibh le cur in' ionad agus ba bheag é a gcongnamh
d'Éirinn as soin i leith i gcogadh Gaedheal le Gall.
Ní raibh aon fhonn géilleadh do Lochlannaibh ortha, ámh, agus
ní mó 'ná bhí ar aon chúige eile acht chomh beag. Ar a
shon soin is eile ní raibh aon cheann-urraidh ar
Ghaedhealaibh do choingbheochadh i dteannta 'chéile iad, agus
d'á dheascaibh sin ba chosmhail Éire an aimsir úd le
luing gan stiúir lá gaoithe móire i measg tonn tuile.
Bhí a rian air; mheas a lán de sna taoiseachaibh nár
bh'fhéidir buadh ar an Lochlannach agus ghnídh cuid aca
cáirdeas cogaidh leis i n-aghaidh taoiseacha eile bhí
chomh dán soin ná géillfidís go bráthach.
Má's dóich leat go bhfuil do namhaid ró-láidir duit
ní bhuaidhfir go deo air agus brisfear do mhisneach sa
deireadh. Ba gheall leis d'Éirinn sular tháinig
fóirithin chúichi, acht fá mar a thagann an ghrian
i ndiaidh na fearthainne fuair sí an bhuaidh fá mar do
ghéabhaidh sí arís is ar ball é mara gcaillid a clann
a muinighin 's a misneach.
Níor chaill na sean-Éireannaigh a muinighin gidh go
raibh an saoghal go dona ortha agus an namhaid ag dul
i dtreise. Ceapaim go raibh an saoghal níos aindeise
i gCúige Mumhan i meádhon na naomhadh aoise agus ar
feadh fiche blaidhain 'na dhiaidh sin 'ná mar do bhítheas
i n-aon chúige eile i nÉirinn. Bhí caidreamh idir chuid
de thaoiseachaibh na cúige sin agus Lochlannaigh Luimnigh,
agus scriosaidís muinntir na tuaithe mór-dtimcheall
de bhuaibh is do chapaillibh. Bhí Ceallachán foi till
faobhrach Chaisil marbh, agus do b'éigean do'n rígh
mhisneamhail sin Mathghamhain Ó Cinnéide, dearbhráthair
Bhriain, síothcháin do dhéanamh sa deireadh le Loch-
lannaibh agus a leigean dóibh daor-chíos do chur ar chuid
de'n Mhumhain. Léightear go raibh cáin mhillteach dhá
héileamh ag an Lochlannach soin tar cheann na síothchána
agus caoi-ghoileann na filí go mbíodh unga óir ar gach
sróin sa Mhumhain d'á bhaint amach ag an namhaid dubh-
chroidheach. 'Na theannta soin do b'iomdha óig-bhean
dháthamhail ghlas-shúileach d'fhuaduigh sé thar sáile leis.
Theas i nInis Fáithleann i Loch Léin bhí aosánach de
shliocht Chormaic Chais ar scoil ag foghluim stair a
thíre is ag éisteacht le trácht ar ghaisce a shinnsear:
thuaidh i nDún na Sciath i gCúige na Mídhe bhí buinneán
do shliocht Néill Naoi-nGiallaigh 'ghá oileamhaint san
am gcéadna.
Tar slán, a Bhriain áigh, agus thusa, a Mhaeilsheachlainn
ghlé ghaisceamhail, mar tá Éire ag feitheamh libh!
Conán Maol.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11