Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bímís ag Priocadh
Title
Bímís ag Priocadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 29, 1905. Bímís ag Priocadh. Tá seachtmhain na nGaedheal nó seachtmhain an Oireachtais ag teacht chomhgarach dhúinn anois. Is cóir don uile Ghaedheal theas agus thiar agus thuaidh a dhícheall a dhéanamh i gcaitheamh na seachtmhaine sin ar a chur i n-umhail do chách go bhfuil na Gaedhil seo na hÉireann ag corruidhe is go bhfuil sé d'fhonn ortha cóir agus ceart d'fhagháil ins an dtalamh so a ndúthchais. Is minic cheana do chuireamair i n-umhail don tsaoghal is d'fhear an iasachta cad do bhí uainn agus cad é an comhacht a bhí againn. Is minic d'innseamair don bhioránach chéadna nach plámás ná an teanga liom leat ná “beirbh birín dam is beireobhad birín duit” a bhí uainn. Níor mhúin ár ndícheall ciall dó, ámh. 'Se saghas duine atá ann ná duine go gcaithfear bheith á phriocadh i gcomhnaidhe nó ní chorróchaidh sé cos. Dá dheine a phrioctar é is eadh is aoirde phreabann agus is mó a dheineann. Is dóigh leis an bhfear iasachta so ná fuil uaidh acht sinne a chur i gcoinnibh a chéile, is annsoin go mbeidh sé féin n-a mháighistir orainn. Seana-chleas aige is eadh súd. Acht, a dhaoine mhuinnteardha, tá buille beag de dhearmhad air. Fuaireamair an tabhairt suas agus teagasc ó shoin. Chomh fada agus a théidheann dálta na tíre seo, is sinne na máighistrí agus an té ná beidh dár réir, priocfam é agus ní baoghal ná go léimfidh sé. Aimsir an Oireachtais anuraidh, thugamair ana-phriocadh do'n bpreab- aire iasachta so. Thug sé árd-léim ar fad. Acht d'fhás a leathair go tiugh agus go righin ó shoin. Má oireann dúinn go mbíogfadh sé i mbliadhna arís, ní mór dúinn é 'phriocadh nísa dhéine fé dhó. Cuireadh gach deagh-Ghaedheal sáithteán ann i ruith seachtmhaine an Oireachtais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services