Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bímís ag Priocadh

Title
Bímís ag Priocadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Iúl 29, 1905.



Bímís ag Priocadh.



Tá seachtmhain na nGaedheal nó
seachtmhain an Oireachtais ag teacht
chomhgarach dhúinn anois. Is cóir don
uile Ghaedheal theas agus thiar agus thuaidh a
dhícheall a dhéanamh i gcaitheamh na
seachtmhaine sin ar a chur i n-umhail do
chách go bhfuil na Gaedhil seo na
hÉireann ag corruidhe is go bhfuil
sé d'fhonn ortha cóir agus ceart d'fhagháil
ins an dtalamh so a ndúthchais.



Is minic cheana do chuireamair i
n-umhail don tsaoghal is d'fhear an
iasachta cad do bhí uainn agus cad é
an comhacht a bhí againn. Is minic
d'innseamair don bhioránach chéadna
nach plámás ná an teanga liom leat
ná “beirbh birín dam is beireobhad
birín duit” a bhí uainn. Níor mhúin
ár ndícheall ciall dó, ámh. 'Se saghas
duine atá ann ná duine go gcaithfear
bheith á phriocadh i gcomhnaidhe nó ní
chorróchaidh sé cos. Dá dheine a
phrioctar é is eadh is aoirde phreabann
agus is mó a dheineann.



Is dóigh leis an bhfear iasachta so ná
fuil uaidh acht sinne a chur i gcoinnibh
a chéile, is annsoin go mbeidh sé féin
n-a mháighistir orainn. Seana-chleas
aige is eadh súd. Acht, a dhaoine
mhuinnteardha, tá buille beag de
dhearmhad air. Fuaireamair an
tabhairt suas agus teagasc ó shoin. Chomh
fada agus a théidheann dálta na tíre
seo, is sinne na máighistrí agus an té ná
beidh dár réir, priocfam é agus ní
baoghal ná go léimfidh sé.



Aimsir an Oireachtais anuraidh,
thugamair ana-phriocadh do'n bpreab-
aire iasachta so. Thug sé árd-léim
ar fad. Acht d'fhás a leathair go tiugh
agus go righin ó shoin. Má oireann dúinn
go mbíogfadh sé i mbliadhna arís, ní
mór dúinn é 'phriocadh nísa dhéine fé
dhó. Cuireadh gach deagh-Ghaedheal
sáithteán ann i ruith seachtmhaine an
Oireachtais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services