Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Coláistí na nGaedheal
Title
Coláistí na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 15, 1905. Coláistí na nGaedheal. Focal nó dhó a dhaoine mhuinteardha, i dtaobh Choláistí na nGaedheal. Táimíd ag treabhadh chun cinn go maith. Cia hé an duine a mheasfadh deich mbliadhna ó shoin go bhfeicfadh sé an lá i n-a mbéadh dhá choláiste Ghaedheal- acha ag obair fé lán an tseóil san Oileán so na hÉireann? Buidheachus le Dia gur thárlaidh soin le n-ár linn-na. Tá dhá choláiste Ghaedhlacha againn, Coláiste na Mumhan, an sinsear, agus Coláiste Chonnacht, sóisear maith. Do dhein Coláiste na Mumhan obair fhoghanta anuraidh. Do chonncamair féin rian na hoibre sin ar Fheis Chill Manntáin. Go deimhin do b'iongnadh linn an toradh a bhí ar shaothar dhaltaí áirithe den Choláiste seo. Dheineadar an oiread oibre ar an dtaobh istigh d'aon bhliadhain amháin is ná déan- faidhe n-a dhá oiread d'aimsir tamall ó shoin. Ní rabhthas díomhaoin ná droch-ghnóthach ar Choláiste na Mumhan anuraidh. Ní baoghal go mbeifar amhlaidh i mbliadhna. I dtaobh Choláiste Chonnacht tá a cháil le buadhachtaint aige fós, acht ní gnáthach uireasbha misnigh ar an ndream atá n-a bhun. Tá soin mar urradhus againn air go mbeidh trácht fós ar Scoil Shliabh Partraighe. Fad ó bhí fir i gConnachtaibh a bhí oilte go maith i léigheann na nGaedheal. D'fhás ortha naoimh is filidhe is teag- ascthóirí do scaip solus lóchrainn an léighinn is na diadhachta ní hamháin i nÉirinn acht ar fuid na hEorpa. Déanfaidh fir an Iarthair a gcion féin arís. Beidh na coláistí seo ag obair ar feadh an dá mhí seo Iúil agus Lughnasa. Tá súil againn go bhfeicfar chuige go mbeidh a ndóthain le déanamh aca araon i gcaitheamh na haimsire sin. Is beag duine na féadfadh congnamh éigin a thabhairt uaidh. “Ar scáth a chéile is eadh mhairid na daoine.” An té go bhfuil an t-airgead aige tugadh a shíntús uaidh. An té go bhfuil sé ar a chumas focal a rádh n-a leith, abradh an focal. An té gur féidir leis tamall a chaitheamh ar scoil éigin díobh i rith a laetheanta saoire téidheadh ag triall ortha. Ná deinimís dearmhad air gur linn féin amháin iad. Cá bhfios cad tá i ndán dóibh i mbroinn na trátha anonn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services