An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Iúl 15, 1905.
Coláistí na nGaedheal.
Focal nó dhó a dhaoine mhuinteardha, i
dtaobh Choláistí na nGaedheal. Táimíd
ag treabhadh chun cinn go maith.
Cia hé an duine a mheasfadh deich
mbliadhna ó shoin go bhfeicfadh sé an
lá i n-a mbéadh dhá choláiste Ghaedheal-
acha ag obair fé lán an tseóil san
Oileán so na hÉireann? Buidheachus
le Dia gur thárlaidh soin le n-ár
linn-na.
Tá dhá choláiste Ghaedhlacha againn,
Coláiste na Mumhan, an sinsear,
agus Coláiste Chonnacht, sóisear maith.
Do dhein Coláiste na Mumhan obair
fhoghanta anuraidh. Do chonncamair
féin rian na hoibre sin ar Fheis Chill
Manntáin. Go deimhin do b'iongnadh
linn an toradh a bhí ar shaothar dhaltaí
áirithe den Choláiste seo. Dheineadar
an oiread oibre ar an dtaobh istigh
d'aon bhliadhain amháin is ná déan-
faidhe n-a dhá oiread d'aimsir tamall
ó shoin. Ní rabhthas díomhaoin ná
droch-ghnóthach ar Choláiste na Mumhan
anuraidh. Ní baoghal go mbeifar
amhlaidh i mbliadhna.
I dtaobh Choláiste Chonnacht tá a
cháil le buadhachtaint aige fós, acht ní
gnáthach uireasbha misnigh ar an
ndream atá n-a bhun. Tá soin mar
urradhus againn air go mbeidh trácht
fós ar Scoil Shliabh Partraighe. Fad
ó bhí fir i gConnachtaibh a bhí oilte
go maith i léigheann na nGaedheal.
D'fhás ortha naoimh is filidhe is teag-
ascthóirí do scaip solus lóchrainn an
léighinn is na diadhachta ní hamháin i
nÉirinn acht ar fuid na hEorpa.
Déanfaidh fir an Iarthair a gcion féin
arís.
Beidh na coláistí seo ag obair ar feadh
an dá mhí seo Iúil agus Lughnasa. Tá
súil againn go bhfeicfar chuige go
mbeidh a ndóthain le déanamh aca
araon i gcaitheamh na haimsire sin.
Is beag duine na féadfadh congnamh
éigin a thabhairt uaidh. “Ar scáth a
chéile is eadh mhairid na daoine.” An
té go bhfuil an t-airgead aige tugadh
a shíntús uaidh. An té go bhfuil sé ar
a chumas focal a rádh n-a leith, abradh
an focal. An té gur féidir leis
tamall a chaitheamh ar scoil éigin díobh
i rith a laetheanta saoire téidheadh ag
triall ortha. Ná deinimís dearmhad
air gur linn féin amháin iad. Cá
bhfios cad tá i ndán dóibh i mbroinn
na trátha anonn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11