Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tOchtmhadh Ceann Déag. (ar leanmhaint). Thuig Cormac cad do bhí ag teastabháil ó Éirinn agus chuir sé buaidhirt air. Chuir Abba Inse Cathaigh cogar 'na chluais. Is tusa bheidh mar rí ar Leath Mhogha agus níor bh'iongnadh liom go mbeitheá id' Áird-Rí chomh maith, mar teastuigheann do leithéid ó Éirinn indiu. D'éist Cormac leis gidh gur b'fheárr leis bheith i n-aice a chuid leabhar. Ní raibh aon fhonn chomhraic ar Chormac mar cé gur bh'fhear misneamhail é do ghoill cath is fuil air. Mar sin féin, tharraing an t-abba leis é mar shíligh sé gur bh'é Cormac an fear do b'fheárr do riaghlóchadh Éire. Cad é an fuadar so fá'n Mumhain? An measann sí bheith 'na ceann ar Leath Mhogha fá mar do bhí sí fad ó i n-aimsir Eoghain Táidhligh is Chuinn Chéadchathaigh? arsa rí calma Laighean an uair sin. Is ait agus is truaghmhéileach é gluaiseacht na Muimhneach chum cogaidh fá Chormac. Ní raibh aon mhuinighin ag na Muimhnighibh as Cormac chum catha do chur, agus níor theastuigh cath uaidh féin acht chomh beag. Shíligh sé, ámh, go raibh sé i ndán do'n Mhumhain Éire d'fhuascáilt, agus is mar sin do thárluigh, acht níor ba fá stiúrughadh Chormaic é. Bhí cion leinbh ag na Muimhnighibh air agus do leanfaidís go bás é, fá mar do leanadar. Bhí urraim ag Éirinn go léir dó leis i dtaobh a chuid léighinn agus a mhór-chaile. Caithfimíd dul ar aghaidh, is dócha, arsa Cormac. Bhuail na Laighnigh thréana leo go cóirighthe i mBealach Mumhan agus buadhadh ar na Muimhnighibh. Bhí Cormac ar druim eich ar pháirc an bhuailte acht níor bhuail sé buille, mar níor bh'fhonn leis fuil do dhortadh. Tháinig sgeoin ar a chapall ó'n fhuil agus do shleamhnuigh sí. Bhuail fear claidhimh ar lár é agus baineadh an ceann de. Tógadh an ceann i láthair ríogh Laighean acht i n-ionad lúthgháire is amhlaidh do bhuail an rí sin a dhá bhais is ghoil go hárd i ndiaidh Chormaic agus chuir chum báis láithreach fear an chlaidhimh. Ar gcúl libh anois, a Mhuimhneacha, tá bhur lá-sa ag teacht. A-bhaile libh, tá buaidhte oraibh sa bhruighin bhráithre seo do fearadh le súil Éireann do chur ar a bonnaibh ar an gcuma do thuig Muimhnigh is Laighnigh an lae chruaidh dheoraigh i mBealach Mumhan. Le hais teallaighe i gCúige Mumhan leis do sileadh deoir go brónach buidheach, nuair do cualathas gur ghoil rí buadhthach Laighean os cionn Chormaic. Is ar deoraibh is fuil do ghnídhtear tíortha. An Naomhadh Ceann Déag. Greim an Lochlannaigh. Ní bhfuaras im' shiubhaltaibh aon chunntus beacht ar an uair 'na ndeárnadh Críostaighthe de chuid des na Lochlannaibh i nÉirinn. Bhí a leithéid sin do ghráin aca ar an gCreideamh nár bh'iontaoibh d'aon tsagart teacht 'na ngoire, acht mar sin féin fuair na sagairt faill ar labhairt le cuid aca agus bhí fo-cheann aca 'na gCríostaighthibh i gan fhios roimh an mbliadhain 860. Ba ghearr 'na dhiaidh súd go bhfuair na Lochalnnaigh eile amach go raibh Críostaighthe ortha féin agus bhí bruighean eatortha 'na thaobh soin i bhFine Gall, cois Bhaile Átha Cliath, mar chrom cuid aca ar mhilleán do chur ar a chéile toisg nár cuireadh chum báis na sagairt do chas ortha. Chualaidh na hÉireannaigh tuairisg ar an imreas do bhí idir na Danair agus níor ghoill sin ortha gur chualadar gur mar gheall ar an gCreideamh é. Tháinig truagh aca annsoin láithreach do'n Chríostaighe ghallda, siúd is gur Lochlannach féin é. Bhí na hÉireannaigh bog, maithimheach riamh agus do b'fhurusta síothcháin do dhéanamh leó — tréith do chuir chum deiridh go minic iad. Is amhlaidh do ghnídh a sochmaidheacht an cor so dochar is diachair do'n tír, mar chrom taoiseach annso is ann- súd ar cháirdeas is caidreamh do dhéanamh leis an Lochlannach, agus ba ghairid gur ghnídheadar cleamhnas le chéile. Ghnídh a leithéid sin de chaidreamh imreas is achrann idir na hÉireannaigh féin, rud do chabhruigh leis an Lochlannach chum a ghreama d'fhásgadh ortha. Thosnuigh sé ar bhailtí dhéanamh cois fairrge agus níor bh'fhada go raibh sé láidir a dhóthain le ceanntair ar- theórannaibh na mbailtí sin do chosaint is do chur fá chíos. 'Na theannta soin chrom sé ar dhíol is ar cheannach le tíorthaibh thar sáile agus bhí seisean ag dul i saidhbhreas agus Éire ag dul i mbochtaineacht as son i leith. Bhí easba oidis ag cur ar na daoinibh leis mar dóghadh na mainistreacha agus scoileanna an áird-léighinn i nÁrd Macha, i gCluain Ioraird, i mBeannchar, is i gCluain mhic Nóis, is do scaipeadh na mic léighinn do gnáthigheadh na scoileanna áilne úd. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services