Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An tOchtmhadh Ceann Déag.
(ar leanmhaint).
Thuig Cormac cad do bhí ag teastabháil ó Éirinn agus
chuir sé buaidhirt air. Chuir Abba Inse Cathaigh cogar
'na chluais. Is tusa bheidh mar rí ar Leath Mhogha agus níor
bh'iongnadh liom go mbeitheá id' Áird-Rí chomh maith,
mar teastuigheann do leithéid ó Éirinn indiu. D'éist
Cormac leis gidh gur b'fheárr leis bheith i n-aice a chuid
leabhar. Ní raibh aon fhonn chomhraic ar Chormac mar
cé gur bh'fhear misneamhail é do ghoill cath is fuil air.
Mar sin féin, tharraing an t-abba leis é mar shíligh sé
gur bh'é Cormac an fear do b'fheárr do riaghlóchadh Éire.
Cad é an fuadar so fá'n Mumhain? An measann
sí bheith 'na ceann ar Leath Mhogha fá mar do bhí sí fad
ó i n-aimsir Eoghain Táidhligh is Chuinn Chéadchathaigh?
arsa rí calma Laighean an uair sin.
Is ait agus is truaghmhéileach é gluaiseacht na Muimhneach
chum cogaidh fá Chormac. Ní raibh aon mhuinighin ag na
Muimhnighibh as Cormac chum catha do chur, agus níor
theastuigh cath uaidh féin acht chomh beag. Shíligh sé, ámh,
go raibh sé i ndán do'n Mhumhain Éire d'fhuascáilt,
agus is mar sin do thárluigh, acht níor ba fá stiúrughadh
Chormaic é. Bhí cion leinbh ag na Muimhnighibh air agus do
leanfaidís go bás é, fá mar do leanadar. Bhí
urraim ag Éirinn go léir dó leis i dtaobh a chuid
léighinn agus a mhór-chaile.
Caithfimíd dul ar aghaidh, is dócha, arsa Cormac.
Bhuail na Laighnigh thréana leo go cóirighthe i mBealach
Mumhan agus buadhadh ar na Muimhnighibh. Bhí Cormac ar
druim eich ar pháirc an bhuailte acht níor bhuail sé
buille, mar níor bh'fhonn leis fuil do dhortadh. Tháinig
sgeoin ar a chapall ó'n fhuil agus do shleamhnuigh sí. Bhuail
fear claidhimh ar lár é agus baineadh an ceann de. Tógadh
an ceann i láthair ríogh Laighean acht i n-ionad lúthgháire
is amhlaidh do bhuail an rí sin a dhá bhais is ghoil go
hárd i ndiaidh Chormaic agus chuir chum báis láithreach fear
an chlaidhimh. Ar gcúl libh anois, a Mhuimhneacha, tá
bhur lá-sa ag teacht. A-bhaile libh, tá buaidhte oraibh
sa bhruighin bhráithre seo do fearadh le súil Éireann do
chur ar a bonnaibh ar an gcuma do thuig Muimhnigh
is Laighnigh an lae chruaidh dheoraigh i mBealach Mumhan.
Le hais teallaighe i gCúige Mumhan leis do sileadh
deoir go brónach buidheach, nuair do cualathas gur
ghoil rí buadhthach Laighean os cionn Chormaic. Is ar
deoraibh is fuil do ghnídhtear tíortha.
An Naomhadh Ceann Déag.
Greim an Lochlannaigh.
Ní bhfuaras im' shiubhaltaibh aon chunntus beacht ar
an uair 'na ndeárnadh Críostaighthe de chuid des na
Lochlannaibh i nÉirinn. Bhí a leithéid sin do ghráin aca
ar an gCreideamh nár bh'iontaoibh d'aon tsagart
teacht 'na ngoire, acht mar sin féin fuair na sagairt
faill ar labhairt le cuid aca agus bhí fo-cheann aca 'na
gCríostaighthibh i gan fhios roimh an mbliadhain 860.
Ba ghearr 'na dhiaidh súd go bhfuair na Lochalnnaigh
eile amach go raibh Críostaighthe ortha féin agus bhí
bruighean eatortha 'na thaobh soin i bhFine Gall, cois
Bhaile Átha Cliath, mar chrom cuid aca ar mhilleán do
chur ar a chéile toisg nár cuireadh chum báis na
sagairt do chas ortha.
Chualaidh na hÉireannaigh tuairisg ar an imreas do
bhí idir na Danair agus níor ghoill sin ortha gur chualadar
gur mar gheall ar an gCreideamh é. Tháinig truagh
aca annsoin láithreach do'n Chríostaighe ghallda, siúd
is gur Lochlannach féin é. Bhí na hÉireannaigh bog,
maithimheach riamh agus do b'fhurusta síothcháin do dhéanamh
leó — tréith do chuir chum deiridh go minic iad. Is
amhlaidh do ghnídh a sochmaidheacht an cor so dochar is
diachair do'n tír, mar chrom taoiseach annso is ann-
súd ar cháirdeas is caidreamh do dhéanamh leis an
Lochlannach, agus ba ghairid gur ghnídheadar cleamhnas le
chéile. Ghnídh a leithéid sin de chaidreamh imreas is
achrann idir na hÉireannaigh féin, rud do chabhruigh
leis an Lochlannach chum a ghreama d'fhásgadh ortha.
Thosnuigh sé ar bhailtí dhéanamh cois fairrge agus níor
bh'fhada go raibh sé láidir a dhóthain le ceanntair ar-
theórannaibh na mbailtí sin do chosaint is do chur fá
chíos. 'Na theannta soin chrom sé ar dhíol is ar
cheannach le tíorthaibh thar sáile agus bhí seisean ag dul i
saidhbhreas agus Éire ag dul i mbochtaineacht as son i
leith. Bhí easba oidis ag cur ar na daoinibh leis mar
dóghadh na mainistreacha agus scoileanna an áird-léighinn
i nÁrd Macha, i gCluain Ioraird, i mBeannchar, is i
gCluain mhic Nóis, is do scaipeadh na mic léighinn do
gnáthigheadh na scoileanna áilne úd.
Conán Maol.