Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chomhairle Dheireannach
Title
An Chomhairle Dheireannach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 8, 1905. An Chomhairle Dheir- eannach. Uair amháin eile ba mhaith liom a chur i n-umhail dár scríbhneoiríbh Gaedhilge gur ceart dóibh gan an tOireachtus a dhearmhad. Is gearr anois go mbeidh an cáirde i gcrích dhóibh. Ní fuláir na haistí litridheachta a bheith ar lámhaibh Rúnuidhe an Oireachtuis ar an gcúigmhadh lá déag den mhí seo. Go dtí an bhliadhain seo ba ghnáth go dtugtaí a thuilleadh cáirde i gcóir daoine nár thosnuigh i n-am. Acht tá gach deallramh air ná beidh éan-fhagháil ar an tuilleadh i mbliadhna. Is é thagann as an síneadh so an cháirde ná bíonn d'uain ag na breitheamhain a ngnó a dhéanamh n-a cheart, agus ca bhfios cadé an dhíoghbháil a dhéanfadh soin ar scríbhneóiríbh áirithe. Tá sé thíos ar Chlár na gCeisteann gur cheart don uile iomaidhtheóir na coingheallacha a léigheamh go cúramach. Is minic do chaill duine duais toisc gan na coingheallacha so a chóimhlíonadh. Badh chóir don uile duine iad d'innfhiúchadh agus na cinn a bhaineann leis féin do chóimhlíonadh go hiomlán. Rud eile, ná bítar ag coinghbháilt aistí siar go dtí an lá deireannach. Ba mhinic a bhí Séamuisín Deireannach ró-dhéidheannach. Má bhíonn duine ag cur isteach ar a dó nó a trí de rudaíbh cuireadh sé na haistí uaidh do réir mar a bheidh scríobhtha aige. Níl ag an scríbhneóir acht seachtmhain eile anois. Cuireadh gach éinne a chosa i dtalamh. Cuireadh na scríbh- neóirí a bpinn san ndubh, agus tugaidís an tseachtmhain ag obair go dian. Buadhadh an tOireachtus so ar gach Oireachtus d'á dtáinig roimhe. Beidh soin amhlaidh i dtaobh litridheachta ar éan-chuma acht go gcabhróghaidh scríbhneóirí na Gaedhilge linn. Ná tagadh meirg ar bhur bpinn a lucht an pháir do bhreacadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services