An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Iúl 8, 1905.
An Chomhairle Dheir-
eannach.
Uair amháin eile ba mhaith liom a chur
i n-umhail dár scríbhneoiríbh Gaedhilge
gur ceart dóibh gan an tOireachtus a
dhearmhad. Is gearr anois go mbeidh
an cáirde i gcrích dhóibh. Ní fuláir na
haistí litridheachta a bheith ar lámhaibh
Rúnuidhe an Oireachtuis ar an
gcúigmhadh lá déag den mhí seo. Go
dtí an bhliadhain seo ba ghnáth go
dtugtaí a thuilleadh cáirde i gcóir
daoine nár thosnuigh i n-am. Acht tá
gach deallramh air ná beidh éan-fhagháil
ar an tuilleadh i mbliadhna. Is é
thagann as an síneadh so an cháirde ná
bíonn d'uain ag na breitheamhain a
ngnó a dhéanamh n-a cheart, agus ca
bhfios cadé an dhíoghbháil a dhéanfadh
soin ar scríbhneóiríbh áirithe.
Tá sé thíos ar Chlár na gCeisteann
gur cheart don uile iomaidhtheóir na
coingheallacha a léigheamh go cúramach.
Is minic do chaill duine duais toisc
gan na coingheallacha so a chóimhlíonadh.
Badh chóir don uile duine iad
d'innfhiúchadh agus na cinn a bhaineann
leis féin do chóimhlíonadh go hiomlán.
Rud eile, ná bítar ag coinghbháilt
aistí siar go dtí an lá deireannach.
Ba mhinic a bhí Séamuisín Deireannach
ró-dhéidheannach. Má bhíonn duine ag
cur isteach ar a dó nó a trí de
rudaíbh cuireadh sé na haistí uaidh do
réir mar a bheidh scríobhtha aige.
Níl ag an scríbhneóir acht seachtmhain
eile anois. Cuireadh gach éinne a
chosa i dtalamh. Cuireadh na scríbh-
neóirí a bpinn san ndubh, agus
tugaidís an tseachtmhain ag obair go
dian. Buadhadh an tOireachtus so ar
gach Oireachtus d'á dtáinig roimhe.
Beidh soin amhlaidh i dtaobh litridheachta
ar éan-chuma acht go gcabhróghaidh
scríbhneóirí na Gaedhilge linn. Ná
tagadh meirg ar bhur bpinn a lucht an
pháir do bhreacadh.