Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúige na nGaedheal
Title
Cúige na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 1, 1905. Cúige na nGaedheal Sinne atá ag obair is ag briseadh ár gcroidhthe ag iarraidh an Ghaedhilg a thabhairt thar n-ais fé réim arís, ní dhéanfaidh sé ár ngnó a bheith ag troid agus ag aighneas agus ag conspóid eadrainn féin i dtaobh rudaí beaga suaracha. Caithfeam ár gcinn is ár gcomhairle a chur le chéile is cuma cadé an phairt den tír gurab as sinn. Deinimís cúige nó cúinne fé leith dhúinn féin, áit i n-a bhféadfam ár nguth a árdach éan-tráth is maith linn, is nach baoghal ná go mbeidh toradh ar an nguth soin. Is beag le rádh duine annso is ann- súd ag obair as a ghustal féin. Is suarach le rádh an méid do b'éidir le dream fánach abhfus is tall a dhéan- amh. Acht tagaidís na buidheanta fánacha is lucht an aonrachais i bhfochair a chéile; oibrighidís d'aon-bhuidhin; claodhidís le chéile sa gcath. Ann- soin is eadh éistfar linn; annsoin is eadh bheidh toradh ar ár saothar. Tá dream ana-líonmhar i n-ár measc. Dream an díomhaointis is cóir a thabhairt ortha. Dar leat ortha go raibh cion an domhain go léir aca ar Éirinn. Dar leat go gcabhrógh- aidís le Connradh na Gaedhilge chum ár dtalamh duthchais d'árdach. Acht lámh ní chorróghaidís. I n-a ionad soin is amhlaidh go mealladh an mhuinntir atá ag obair. Is cosmhail iad le hualach trom a bheadh anuas ar ghuailnibh mhuinntire na hoibre. Caithfeam an dream so a bhrostughadh. Tugaimís an sciúirse dhóibh, féachaint an gcuirfidh sé ar a leas iad. An dream ná fuil linn san ngnó so na Gaedhilge, táid siad i n-ár gcoinnibh. Cuirtar soin i n-umhail go daingean do lucht an diomhaointis. Mara mbeam féin d'éan-bhuidhin, agus ag faire go dian ar ghluaiseacht na cluithche, is ar éigean is fiú dúinn a bheith ag iarr- aidh daoine eile a riar. Nuair a bheidh Cúige na nGaedheal go daingean ar bun thiar, theas, agus thuaidh, nuair a bheidh smacht againn orainn féin, annsoin féadfam a bheith ag cur smacht ar dhaoinibh eile. Go bhfóiridh Dia ar lucht an díomhaointis an lá soin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services