Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúige na nGaedheal

Title
Cúige na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Iúl 1, 1905.



Cúige na nGaedheal



Sinne atá ag obair is ag briseadh
ár gcroidhthe ag iarraidh an Ghaedhilg
a thabhairt thar n-ais fé réim arís, ní
dhéanfaidh sé ár ngnó a bheith ag troid
agus ag aighneas agus ag conspóid eadrainn
féin i dtaobh rudaí beaga suaracha.
Caithfeam ár gcinn is ár gcomhairle a
chur le chéile is cuma cadé an phairt
den tír gurab as sinn. Deinimís
cúige nó cúinne fé leith dhúinn féin,
áit i n-a bhféadfam ár nguth a árdach
éan-tráth is maith linn, is nach baoghal
ná go mbeidh toradh ar an nguth soin.
Is beag le rádh duine annso is ann-
súd ag obair as a ghustal féin. Is
suarach le rádh an méid do b'éidir le
dream fánach abhfus is tall a dhéan-
amh. Acht tagaidís na buidheanta
fánacha is lucht an aonrachais i bhfochair
a chéile; oibrighidís d'aon-bhuidhin;
claodhidís le chéile sa gcath. Ann-
soin is eadh éistfar linn; annsoin is
eadh bheidh toradh ar ár saothar.



Tá dream ana-líonmhar i n-ár
measc. Dream an díomhaointis is
cóir a thabhairt ortha. Dar leat ortha
go raibh cion an domhain go léir aca
ar Éirinn. Dar leat go gcabhrógh-
aidís le Connradh na Gaedhilge chum
ár dtalamh duthchais d'árdach. Acht
lámh ní chorróghaidís. I n-a ionad soin
is amhlaidh go mealladh an mhuinntir
atá ag obair. Is cosmhail iad le
hualach trom a bheadh anuas ar ghuailnibh
mhuinntire na hoibre.



Caithfeam an dream so a bhrostughadh.
Tugaimís an sciúirse dhóibh, féachaint
an gcuirfidh sé ar a leas iad. An
dream ná fuil linn san ngnó so na
Gaedhilge, táid siad i n-ár gcoinnibh.
Cuirtar soin i n-umhail go daingean
do lucht an diomhaointis. Mara
mbeam féin d'éan-bhuidhin, agus ag faire
go dian ar ghluaiseacht na cluithche, is
ar éigean is fiú dúinn a bheith ag iarr-
aidh daoine eile a riar. Nuair a bheidh
Cúige na nGaedheal go daingean ar
bun thiar, theas, agus thuaidh, nuair a bheidh
smacht againn orainn féin, annsoin
féadfam a bheith ag cur smacht ar
dhaoinibh eile. Go bhfóiridh Dia ar lucht
an díomhaointis an lá soin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services