Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúigeachas
Title
Cúigeachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 17, 1905. Cúigeachas. Tá an oiread soin cainnte á dhéanamh i dtaobh chúigeachais, is béarlachais, is paróisteachais, &rl., gur leasc linn a lán do rádh mar gheall ortha. Acht ní haon mhaith dhúinn bheith 'gár ndalladh féin is a rádh ná fuil a leithéidí ann. Má scríobhann Connachtach leabhar, ní túisce thiocfaidh sé amach ná go mbeidh Muimhnigh is Ultaigh anuas air, ag fagháil locht air is 'gá rádh so agus 'gá rádh súd ina thaobh féin is i dtaobh a ughdair. Imthigheann an rud céadna ar leabhar a scríobfadh Muimhneach, do'n riach meas a bheidh air i Leath Chuinn. Agus i dtaobh leabhair an Ultaigh, mo thruagh é an duine bocht. Is é dálta Ismaéil ag an Ultach bocht, “a chomhacht-san i gcoinnibh gach éinne, is comhacht gach éinne ina choinnibh-san.” Is é donas an scéil seo ná bíonn ceannach ar leabhar acht amháin san gcúige ina rugadh úghdar an leabhair. Dá mbadh Leabhar Béarla a chuirfeadh duine amach, ariú badh chuma linn cad é an saghas cainnte a bheadh ann, bheadh ceannach air thoir is thiar. Deineann éan-tsaghas Béarla ár ngnó, acht ní mór dúinn an-chuid saghsanna de Ghaedhilg! Is géire a cháinfeadh an gnáth-Muimhneach leabhar Gaedhilge a scríobhfadh Connachtach nó Ultach ná mar do cháinfeadh leabhar Béarla dá olcas é. Is maith linn rud do cháineadh nuair a thuilleann sé cáineadh. Acht is mithid cuid de cheilg ár gcáinte a dhíriughadh ar leabhraibh Béarla agus a lán de'n líomhadh agus de'n ghalántacht bhréige a bhaint díobh. Cia thosnoghaidh an deagh- obair? Rud eile. I gcaitheamh an tsamhraidh, tá súil againn go raghaidh Muimhnigh go Connachtaibh, is Ultaigh go Cúige Mumhan, i gcomhair a laetheannta saoire. Ní mór dúinn breis caidrimh ar a chéile. “Ní haithne go héin-tigh- eas,” mar adeir an sean-fhocal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services