An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meitheamh 17, 1905.
Cúigeachas.
Tá an oiread soin cainnte á
dhéanamh i dtaobh chúigeachais, is
béarlachais, is paróisteachais, &rl.,
gur leasc linn a lán do rádh mar
gheall ortha. Acht ní haon mhaith dhúinn
bheith 'gár ndalladh féin is a rádh ná
fuil a leithéidí ann. Má scríobhann
Connachtach leabhar, ní túisce thiocfaidh
sé amach ná go mbeidh Muimhnigh is
Ultaigh anuas air, ag fagháil locht air
is 'gá rádh so agus 'gá rádh súd ina
thaobh féin is i dtaobh a ughdair.
Imthigheann an rud céadna ar
leabhar a scríobfadh Muimhneach, do'n
riach meas a bheidh air i Leath Chuinn.
Agus i dtaobh leabhair an Ultaigh, mo
thruagh é an duine bocht. Is é dálta
Ismaéil ag an Ultach bocht, “a
chomhacht-san i gcoinnibh gach éinne, is
comhacht gach éinne ina choinnibh-san.”
Is é donas an scéil seo ná bíonn
ceannach ar leabhar acht amháin san
gcúige ina rugadh úghdar an leabhair.
Dá mbadh Leabhar Béarla a chuirfeadh
duine amach, ariú badh chuma linn cad
é an saghas cainnte a bheadh ann, bheadh
ceannach air thoir is thiar. Deineann
éan-tsaghas Béarla ár ngnó, acht ní
mór dúinn an-chuid saghsanna de
Ghaedhilg! Is géire a cháinfeadh an
gnáth-Muimhneach leabhar Gaedhilge a
scríobhfadh Connachtach nó Ultach ná
mar do cháinfeadh leabhar Béarla dá
olcas é.
Is maith linn rud do cháineadh nuair
a thuilleann sé cáineadh. Acht is mithid
cuid de cheilg ár gcáinte a dhíriughadh
ar leabhraibh Béarla agus a lán de'n
líomhadh agus de'n ghalántacht bhréige a
bhaint díobh. Cia thosnoghaidh an deagh-
obair?
Rud eile. I gcaitheamh an tsamhraidh,
tá súil againn go raghaidh Muimhnigh
go Connachtaibh, is Ultaigh go Cúige
Mumhan, i gcomhair a laetheannta
saoire. Ní mór dúinn breis caidrimh
ar a chéile. “Ní haithne go héin-tigh-
eas,” mar adeir an sean-fhocal.