Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Na Lochlannaigh (ar leanmhaint)
Title
Éire - Na Lochlannaigh (ar leanmhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Seachtmhadh Ceann Déag. (ar leanmhaint) Na Lochlannaigh. Do chomhraic na Sasanaigh go maith leis an Loch- lannach acht ba bheag an mhaith dhóibh é. Do b'é an rí ba chalma dhíobh, 'ná rí dár bh'ainm Alfred, acht chaith seisean an leath thuaidh de Shasana do thabhairt do sna Loclannachaibh úd, agus 'na theannta soin do b'éigean dó breab mhór do thabhairt dóibh acht an taobh theas de Shasana d'fhágaint fá n-a riaghlughadh féin ar feadh a bheatha. D'éis a bháis, ámh, bhí an tír go léir aca. Cuireann stairidhthe Béarlóra na hÉireann i gcom- órtas le Brian Bóirmhe an rí suarach soin Alfred, agus, an gcreidfeá é? is dóich leo gur ceann suas do Bhrian é! Ní gábhadh dhóibh sin. Ní raibh ins an Alfred sin i gcomórtas le Brian acht fá mar do chuirfeá gadhairín teallaighe suas is anuas le míol-chú. Thug na Lochlannaigh fogha fá Charl Magnus féin, acht thug an leomhan-fhear soin alp ortha. Ní rabhadar láidir a ndóthain le linn Carl acht d'éis a bháis chuireadar fútha i Normania sa bhFrainnc agus do b'uatha do shíolruigh na Normánaigh chosgarthacha. Ní raibh aon bhaile cuain ar faid na ndúithchí nár bhaineadar na Lochlannaigh greim as, agus chuireadar scannradh ar mhuinntir gach baill láimh le fairrge ar tír na hEorpa. Chaitheadar súil fá oileán aoibhinn thiar amuich, agus ní raibh coinne ag muinntir na hÉireann go rabhthas chucha. Bhí saidhbhreas is síothcháin i nÉirinn an uair sin, na daoine go suairc is go gasta, mainistrí is scoileanna go flúirseach ann, is ráth Dé ar an tír. Do leanfadh an rathamhnas díobh dá leigfidhe dhóibh is dá mbeadh daoine chomh macánta leo féin ar faid an tsaoghail; díreach fá mar nár ghábhadh dhúinn iadhadh 'ná glas do chur ar ár ndóirsibh muna mbeadh bitheamhnach nó gadaidhe lasmuich ar tí ár gcoda do shladadh leis. Bhí dóirse na hÉireann ar dearg-leathadh agus gan bac ar éinne gabháil isteach. Ní raibh Diarmaid na Teamhrach mar cheann uirthi anois. Bhí Áird-Rí ann fa mar do bhí i gcomhnaidhe agus urraim ag gach duine dhó. Thugadh na ríghthe cúige a dhualgas do'n Áird-Rígh sin agus bhronnadh sé ortha dualgas ar n-ais fá mar do ghnídhtí ó thúis, mar ba shean-nós é. Mar sin féin, gidh go raibh an méid sin do réir dlighe is nóis dá n-aibeoraidhe go raibh sé riachtanach ar aon taoiseach rud do dhéanamh ar an Áird-Rígh sin do b'é a bhfreagra ná — táim-se chomh neamh-spleádhach leis an Áird- Rígh féin agus ní leigfead dó-san ná d'aon eile cur isteach orm. Dá chuma soin bhí Éire roinnte 'na ceanntaraibh, taoiseach éigin 'na cheann ar gach ceanntar di, saghas buannachta ag an rígh cúige air agus gan beann aige-sean ar éinne eile. D'fhás sé ón' óige ar an intinn sin agus a athair roimis ar an intinn gcéadna. Bhí a fhios aige go raibh ríghthe borba ar an dTeamhair i bhfad roimhe sin, agus chualaidh sé gur chuireadar rómpa bheith 'na gceannaibh dáiríribh ar an dtír, acht níor thaithnigh an sean-shaoghal soin leis i n-aon-chor. Do b'fhearr an nós é fá mar do bhítheas láitreach. Ní dhéanfadh sé malairt ar an am fad ó. Cad é ba ghábhadh an uair seo foslongphort do bheith ar Bheinn-Éadair, fir leathan-ghuailneacha ar faireadh ann, tuaghanna géara ar a gcuislinn aca fá mar do bhítí i n-aimsir Chormaic Mhic Airt is i bhfad roimis is 'na dhiaidh. Ní fhuil aon ghábhadh le n-a leithéidibh sin indiu, mar — cad é sin? Uaill amuich i gcuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna aoibhinn samhraidh an mhainistir dheas ar Reachrainn fá theine, a manaigh bhochta dhiadhaidhthe — an fear óg is an sean-duine séimh — 'na gcuid fola, na coinnleoirí airgid is cuacha óir, na cailíse, brait luachmhara na haltórach, cluigíní práis is leabhair fá n-a gcumhdach greannta, sciobtha chum siubhail ag foghlaidhthibh mara ó'n dtuaisceart. Ba bheag an bhrígh do mhnáibh bheith ag bualadh bas, ná d'fhearaibh ar tráigh bheith ag crothadh claidheamh is ag cur droch-ghuidhe leis an Lochlannach le súil go sluigfeadh an tonn é. D'fhill an Lochlannach arís um Shamhain agus níor fhág sé ceall i gcomhgar do'n fhairrge ó Chiarraidhe go Bóinn nár fhág sé ar lasadh. Comhrádh naoi lá do b'eadh a thuras, agus níor ghabh sé i dtreo na hÉireann arís go ceann cúola bliadhain. Tháinig sé, ámh, annsoin ar nós ceatha lae foghmair, d'éaluigh a bháid shlíme dubha isteach béal an n-aibhne gan coinne leo, phreas cuid de sna hÉireannachaibh annso is annsúd 'an choinnibh agus doirteadh fuil ar gach taobh. Sceinn an Lochlannach leis, acht níor bh'fholamh a chuaird mar do b'fhear dán glic é. Ceapaim nár ghabh sé an tslighe go ceann naoi nó deich de bhliadhanaibh 'na dhiaidh súd gur dhearmhaid muinntir na tuatha go raibh a leithéid ann. Chuir sé é féin i n-umhail mar ba ghnáthach leis — d'éirigh sé go hobann ar nós peiste as an bhfairrge agus shíligh na daoine go raibh Éire lán le Lochlannaibh, mar leath an scéal gur marbhuigheadh fir i gCiarraidhe, i bPort Láirge, agus i gCill Mhanntain, acht faid do bhí an ruagadh ar siubhal bhí dream Lochlannach go gnóthach ag déanamh dúin i mBaile Átha Cliath, aghaidh an dúin ar Éirinn agus a chúl ar fairrge. Madra uisge is eadh an Gall so; tá pluais cois fairrge aige, tagadh sé amach chughainn agus comhraiceocham é, arsa na fir. Níor bhac an Lochlannach a gcuid cainnte acht sleagh do radadh leo dá dtagaidís i gcomhgar dá dhún. Ba gheárr gur tháinig fuireann eile thar sáile agus chuireadar fútha sa dún agus níor mothuigheadh pioc go raibh dún eile ar bun i Luimneach agus báid na Lochlannach ar luascadh sa tSionainn. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services