Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Na Lochlannaigh (ar leanmhaint)

Title
Éire - Na Lochlannaigh (ar leanmhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Seachtmhadh Ceann Déag.
(ar leanmhaint)



Na Lochlannaigh.



Do chomhraic na Sasanaigh go maith leis an Loch-
lannach acht ba bheag an mhaith dhóibh é. Do b'é an rí
ba chalma dhíobh, 'ná rí dár bh'ainm Alfred, acht chaith
seisean an leath thuaidh de Shasana do thabhairt do sna
Loclannachaibh úd, agus 'na theannta soin do b'éigean dó
breab mhór do thabhairt dóibh acht an taobh theas de
Shasana d'fhágaint fá n-a riaghlughadh féin ar feadh a
bheatha. D'éis a bháis, ámh, bhí an tír go léir aca.



Cuireann stairidhthe Béarlóra na hÉireann i gcom-
órtas le Brian Bóirmhe an rí suarach soin Alfred, agus,
an gcreidfeá é? is dóich leo gur ceann suas do
Bhrian é! Ní gábhadh dhóibh sin. Ní raibh ins an Alfred
sin i gcomórtas le Brian acht fá mar do chuirfeá
gadhairín teallaighe suas is anuas le míol-chú.



Thug na Lochlannaigh fogha fá Charl Magnus féin, acht
thug an leomhan-fhear soin alp ortha. Ní rabhadar láidir
a ndóthain le linn Carl acht d'éis a bháis chuireadar
fútha i Normania sa bhFrainnc agus do b'uatha do shíolruigh
na Normánaigh chosgarthacha.



Ní raibh aon bhaile cuain ar faid na ndúithchí nár
bhaineadar na Lochlannaigh greim as, agus chuireadar
scannradh ar mhuinntir gach baill láimh le fairrge ar
tír na hEorpa. Chaitheadar súil fá oileán aoibhinn
thiar amuich, agus ní raibh coinne ag muinntir na hÉireann
go rabhthas chucha.



Bhí saidhbhreas is síothcháin i nÉirinn an uair sin, na
daoine go suairc is go gasta, mainistrí is scoileanna
go flúirseach ann, is ráth Dé ar an tír. Do leanfadh
an rathamhnas díobh dá leigfidhe dhóibh is dá mbeadh
daoine chomh macánta leo féin ar faid an tsaoghail;
díreach fá mar nár ghábhadh dhúinn iadhadh 'ná glas do
chur ar ár ndóirsibh muna mbeadh bitheamhnach nó
gadaidhe lasmuich ar tí ár gcoda do shladadh leis.
Bhí dóirse na hÉireann ar dearg-leathadh agus gan bac ar
éinne gabháil isteach. Ní raibh Diarmaid na Teamhrach
mar cheann uirthi anois. Bhí Áird-Rí ann fa mar do
bhí i gcomhnaidhe agus urraim ag gach duine dhó. Thugadh
na ríghthe cúige a dhualgas do'n Áird-Rígh sin agus
bhronnadh sé ortha dualgas ar n-ais fá mar do
ghnídhtí ó thúis, mar ba shean-nós é. Mar sin féin,
gidh go raibh an méid sin do réir dlighe is nóis dá
n-aibeoraidhe go raibh sé riachtanach ar aon taoiseach
rud do dhéanamh ar an Áird-Rígh sin do b'é a bhfreagra
ná — táim-se chomh neamh-spleádhach leis an Áird-
Rígh féin agus ní leigfead dó-san ná d'aon eile cur
isteach orm. Dá chuma soin bhí Éire roinnte 'na
ceanntaraibh, taoiseach éigin 'na cheann ar gach
ceanntar di, saghas buannachta ag an rígh cúige
air agus gan beann aige-sean ar éinne eile. D'fhás sé
ón' óige ar an intinn sin agus a athair roimis ar an
intinn gcéadna. Bhí a fhios aige go raibh ríghthe borba
ar an dTeamhair i bhfad roimhe sin, agus chualaidh sé gur
chuireadar rómpa bheith 'na gceannaibh dáiríribh ar an
dtír, acht níor thaithnigh an sean-shaoghal soin leis i
n-aon-chor. Do b'fhearr an nós é fá mar do bhítheas
láitreach. Ní dhéanfadh sé malairt ar an am fad ó.
Cad é ba ghábhadh an uair seo foslongphort do bheith ar
Bheinn-Éadair, fir leathan-ghuailneacha ar faireadh ann,
tuaghanna géara ar a gcuislinn aca fá mar do bhítí i
n-aimsir Chormaic Mhic Airt is i bhfad roimis is 'na
dhiaidh. Ní fhuil aon ghábhadh le n-a leithéidibh sin indiu,
mar — cad é sin? Uaill amuich i gcuan Bhaile Átha
Cliath tráthnóna aoibhinn samhraidh an mhainistir dheas
ar Reachrainn fá theine, a manaigh bhochta dhiadhaidhthe —
an fear óg is an sean-duine séimh — 'na gcuid fola, na
coinnleoirí airgid is cuacha óir, na cailíse, brait
luachmhara na haltórach, cluigíní práis is leabhair fá
n-a gcumhdach greannta, sciobtha chum siubhail ag
foghlaidhthibh mara ó'n dtuaisceart. Ba bheag an bhrígh do
mhnáibh bheith ag bualadh bas, ná d'fhearaibh ar tráigh
bheith ag crothadh claidheamh is ag cur droch-ghuidhe leis
an Lochlannach le súil go sluigfeadh an tonn é.



D'fhill an Lochlannach arís um Shamhain agus níor fhág sé
ceall i gcomhgar do'n fhairrge ó Chiarraidhe go Bóinn
nár fhág sé ar lasadh. Comhrádh naoi lá do b'eadh a
thuras, agus níor ghabh sé i dtreo na hÉireann arís go
ceann cúola bliadhain. Tháinig sé, ámh, annsoin ar
nós ceatha lae foghmair, d'éaluigh a bháid shlíme dubha
isteach béal an n-aibhne gan coinne leo, phreas cuid
de sna hÉireannachaibh annso is annsúd 'an choinnibh agus
doirteadh fuil ar gach taobh. Sceinn an Lochlannach
leis, acht níor bh'fholamh a chuaird mar do b'fhear dán
glic é. Ceapaim nár ghabh sé an tslighe go ceann
naoi nó deich de bhliadhanaibh 'na dhiaidh súd gur
dhearmhaid muinntir na tuatha go raibh a leithéid ann.



Chuir sé é féin i n-umhail mar ba ghnáthach leis —
d'éirigh sé go hobann ar nós peiste as an bhfairrge agus
shíligh na daoine go raibh Éire lán le Lochlannaibh, mar
leath an scéal gur marbhuigheadh fir i gCiarraidhe, i
bPort Láirge, agus i gCill Mhanntain, acht faid do bhí an
ruagadh ar siubhal bhí dream Lochlannach go gnóthach ag
déanamh dúin i mBaile Átha Cliath, aghaidh an dúin ar
Éirinn agus a chúl ar fairrge.



Madra uisge is eadh an Gall so; tá pluais cois
fairrge aige, tagadh sé amach chughainn agus comhraiceocham
é, arsa na fir. Níor bhac an Lochlannach a gcuid
cainnte acht sleagh do radadh leo dá dtagaidís i
gcomhgar dá dhún. Ba gheárr gur tháinig fuireann
eile thar sáile agus chuireadar fútha sa dún agus níor
mothuigheadh pioc go raibh dún eile ar bun i Luimneach
agus báid na Lochlannach ar luascadh sa tSionainn.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services