Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceacht ó Chill Chainnigh
Title
Ceacht ó Chill Chainnigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 10, 1905. Ceacht ó Chill Chainnigh. Nuair a chuirimíd romhainn rud a dhéanamh, má's dóigh linn gur rud fóghanta é, is ceart dúinn an uile sheift a dhéanamh ar é 'thabhairt chun cinn. Ní dhearnaidh fear an lag-chor- áiste éin-éacht riamh, ná ní dhéanfaidh go bráth na breithe. Deir an sean-fhocal gur leath na hoibre tosach maith; má bhíonn an tosach go maith ag duine cuireann sé misneach ann chun leanamhaint ar an obair agus chun í 'chur chun cinn. Acht ní fuláir gan leigean do'n mhisneach sleamhnughadh, go háirithe an tráth is déine a bhíonn an obair ar dhuine. Is éigean do bheith seasamhach tríd síos go dtí go dtagann deireadh an tsaothair. Deintear beart amháin ar an gcuma so, is ní baoghal ná go ndéanfar beart eile agus beart eile arís. D'éis taithighe mhion-bheart, déanfar mór-bhearta. Solaoid fhóghanta ar fhírinne na tuairime thuas is eadh saothar mhuinn- tire Chonnradh na Gaedhilge i gCill Chainnigh. Do thosnuigheadar le mion- bheartaibh, níor bh'áil leo tabhairt fá rudaibh móra i dtosach. Acht ar shon nár thaobhuigheadar mór-éachta, ní dhearnadar dearmad ar gach nídh dar thógadar ar láimh do dhéanamh go maith is go hiomlán. Ba mhaith í a gcomhairle, agus tá rian na hoibre sin ar feicsint i gCill Chainnigh indiu. Táid ag tosnughadh ar gníomharthaibh mór-luaighe. Bhí feis mhór aca ann an chéad lá de'n mhí seo de láthair agus do réir mar do thugamair féin fá ndeara do b'fhéidir dá lán i nÉirinn ceacht d'fhoghluim uatha. Bhí gach nídh ann ina áit féin is ina aimsir féin. Bhí a rian ar an obair. Tá Cill Chainnigh i seilbh mhuinntire na Gaedhilge. Go bhfanaidh amhlaidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services