An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meitheamh 10, 1905.
Ceacht ó Chill Chainnigh.
Nuair a chuirimíd romhainn rud a
dhéanamh, má's dóigh linn gur rud
fóghanta é, is ceart dúinn an uile
sheift a dhéanamh ar é 'thabhairt chun
cinn. Ní dhearnaidh fear an lag-chor-
áiste éin-éacht riamh, ná ní dhéanfaidh
go bráth na breithe.
Deir an sean-fhocal gur leath na
hoibre tosach maith; má bhíonn an
tosach go maith ag duine cuireann sé
misneach ann chun leanamhaint ar an
obair agus chun í 'chur chun cinn. Acht ní
fuláir gan leigean do'n mhisneach
sleamhnughadh, go háirithe an tráth is
déine a bhíonn an obair ar dhuine. Is
éigean do bheith seasamhach tríd síos
go dtí go dtagann deireadh an
tsaothair. Deintear beart amháin ar
an gcuma so, is ní baoghal ná go
ndéanfar beart eile agus beart eile
arís. D'éis taithighe mhion-bheart,
déanfar mór-bhearta.
Solaoid fhóghanta ar fhírinne na
tuairime thuas is eadh saothar mhuinn-
tire Chonnradh na Gaedhilge i gCill
Chainnigh. Do thosnuigheadar le mion-
bheartaibh, níor bh'áil leo tabhairt fá
rudaibh móra i dtosach. Acht ar shon
nár thaobhuigheadar mór-éachta, ní
dhearnadar dearmad ar gach nídh dar
thógadar ar láimh do dhéanamh go
maith is go hiomlán. Ba mhaith í a
gcomhairle, agus tá rian na hoibre sin
ar feicsint i gCill Chainnigh indiu.
Táid ag tosnughadh ar gníomharthaibh
mór-luaighe. Bhí feis mhór aca ann an
chéad lá de'n mhí seo de láthair agus do
réir mar do thugamair féin fá
ndeara do b'fhéidir dá lán i nÉirinn
ceacht d'fhoghluim uatha. Bhí gach nídh
ann ina áit féin is ina aimsir féin.
Bhí a rian ar an obair. Tá Cill
Chainnigh i seilbh mhuinntire na
Gaedhilge. Go bhfanaidh amhlaidh.