Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Domhach i measc na nGaiscidheach
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Domhach i measc na nGaiscidheach
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Domhach i measc na nGaiscidheach Fá dheire thiar thall, tá socruighthe i dtaobh na ceiste cráidhte sin, craobh Chúigidh Laighean ar bhualadh peile. Tugadh dhá iarracht cheana fé'n scéal do réidhteach ar láthair an imeartha acht níor éirigh le haon iarracht díobh. San tarna dul ní raibh de dheifir san áireamh acht éan-chúilín amháin, acht cuireadh an scéal os comhair an Bhúird agus do rinn an Bórd céadna sin rud aithiseach .i. breith an mhaoir d'athrughadh. B'iad togha Chonntae Chilldara n-a raibh buadh aca an uair sin muna mbeadh an t-athrughadh. Ar mhaithe le rogha Chill Chainnigh do rinneadh é. Shíleadh go ceann i bhfad ná haontoghadh muinntir Chilldara an cluiche d'imirt de'n tríomhadh iarracht acht bhí an comórtas ar siubhal arís Dia Domhnaigh seo d'imthigh thorainn ag Bóthar Sheoin i nÁth Cliath. N'fheacadh riamh cheana ann an oiread soin daoine is ní cuimhin liom gur chongbhuidheadh siar na daoine ó sna líntibh chomh dian is do rinneadh an iarracht so. Bhí a rian air, ní raibh stad ná stopa ná staonadh ó thúis go deire acht an fhaid is bhíodh ag fagháil malarta nuair a b'éigean d'éinne amháin stríocadh. Muinntir Chill Chainnigh a fuair rogha airde agus níorbh fhada an peil ag gluaiseacht nuair a rugadar cúilín, acht b'é an cúilín aonaránach dóibh é, mar, sin a bhfuair- eadar i rith an imeartha, cé gur mhinic a chuireadar an peil i mbaoghal. Ní dóigh liom go raibh éan-chluiche riamh i nÉirinn le n-ár linn-na níosa ghéire na níosa dhéine 'ná é seo. Níor thúisce thuaidh an liathróid ná theas, is níor luaithe thóir í ná thiar, is í ag gluaiseacht ar nós na gaoithe. Bhíodh fir thréana ar lár gach nóimeant ar bhráighid a chéile, dá leagadh chomh mear is d'éirighidís, acht níorbh aon-rud leo soin, mar seo chum reatha arís iad. Táim ar an lucht amhairc ar fhaithche an imeartha i mBaile Átha Cliath le chúig bhliadhna déag éigin anois, agus 'sé mo thuairim ná fuil éan-fhuireann báire sa dúthaigh a bhuadhfadh ar an ndream a rug na naoi gcúilíní Dia Domhnaigh ar rogha agus togha Chill Chainnigh. Togha na Mumhan an chéad dream eile a bhuailfidh umpa, is má bhuaidhidh muinn- tir Chiarraidhe ortha, ní sheasóchadh sluagh na Féinne féin ina gcoinnibh sin. Oscar na Féinne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services