Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Domhach i measc na nGaiscidheach

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Domhach i measc na nGaiscidheach
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Domhach i measc na nGaiscidheach



Fá dheire thiar thall, tá socruighthe i
dtaobh na ceiste cráidhte sin, craobh
Chúigidh Laighean ar bhualadh peile.
Tugadh dhá iarracht cheana fé'n scéal
do réidhteach ar láthair an imeartha
acht níor éirigh le haon iarracht díobh.
San tarna dul ní raibh de dheifir san
áireamh acht éan-chúilín amháin, acht
cuireadh an scéal os comhair an Bhúird
agus do rinn an Bórd céadna sin rud
aithiseach .i. breith an mhaoir d'athrughadh.
B'iad togha Chonntae Chilldara n-a raibh
buadh aca an uair sin muna mbeadh an
t-athrughadh. Ar mhaithe le rogha Chill
Chainnigh do rinneadh é. Shíleadh go
ceann i bhfad ná haontoghadh muinntir
Chilldara an cluiche d'imirt de'n
tríomhadh iarracht acht bhí an comórtas
ar siubhal arís Dia Domhnaigh seo
d'imthigh thorainn ag Bóthar Sheoin i
nÁth Cliath. N'fheacadh riamh cheana
ann an oiread soin daoine is ní cuimhin
liom gur chongbhuidheadh siar na daoine
ó sna líntibh chomh dian is do rinneadh
an iarracht so. Bhí a rian air, ní raibh
stad ná stopa ná staonadh ó thúis go
deire acht an fhaid is bhíodh ag fagháil
malarta nuair a b'éigean d'éinne
amháin stríocadh. Muinntir Chill
Chainnigh a fuair rogha airde agus níorbh
fhada an peil ag gluaiseacht nuair a
rugadar cúilín, acht b'é an cúilín
aonaránach dóibh é, mar, sin a bhfuair-
eadar i rith an imeartha, cé gur mhinic
a chuireadar an peil i mbaoghal.
Ní dóigh liom go raibh éan-chluiche riamh
i nÉirinn le n-ár linn-na níosa
ghéire na níosa dhéine 'ná é seo.
Níor thúisce thuaidh an liathróid ná
theas, is níor luaithe thóir í ná thiar, is í
ag gluaiseacht ar nós na gaoithe. Bhíodh
fir thréana ar lár gach nóimeant ar
bhráighid a chéile, dá leagadh chomh mear
is d'éirighidís, acht níorbh aon-rud leo
soin, mar seo chum reatha arís iad.
Táim ar an lucht amhairc ar fhaithche an
imeartha i mBaile Átha Cliath le chúig
bhliadhna déag éigin anois, agus 'sé mo
thuairim ná fuil éan-fhuireann báire
sa dúthaigh a bhuadhfadh ar an ndream
a rug na naoi gcúilíní Dia Domhnaigh
ar rogha agus togha Chill Chainnigh. Togha
na Mumhan an chéad dream eile a
bhuailfidh umpa, is má bhuaidhidh muinn-
tir Chiarraidhe ortha, ní sheasóchadh
sluagh na Féinne féin ina gcoinnibh
sin.



Oscar na Féinne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services