Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomaidheachta Eile
Title
Iomaidheachta Eile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 03, 1905. Iomaidheachta Eile. Ar an dtaobh eile de'n scríbh- neoireacht is iad na hiomaidheachta is mó go gcuirimíd spéis ionnta san Oireachtas, na hiomaidheachta i dtaobh Aithriseoireachta, Oráideachta, Inn- sinnt Scéalta, agus Chomhrádh. Má chuir- imíd leo so na hiomaidheachta i dtaobh Sean-Dán is Meabhrughadh Amhrán na bhFilí, chífeam go bhfuil a ndícheall gá dhéanamh ag Coiste an Oireachtais chun daoine a tharraint chúcha i gcomhair na gceisteann so. San gComhrádh i leith an Aosa Óig do tháinig gasraidhe tréana ag iom- aidheacht anuraidh is arughadh anuraidh, is tá súil againn go bhfeicfear méad- ughadh ar a líon i mbliadhna. Badh bhreagh le duine bheith ag éisteacht le garsúnaibh beaga is le gearra-chailíbh óga ag tabhairt gach ré seadh ar a sás- teacht do'n gCraoibhín Aoibhinn, do'n Dochtúir Ó Luingsigh, is do na breith- eamhnaibh eile. Bhíodh na breitheamhain chéadna so ag cur faobhar suas. Tá an tAos Óg ag dul i dtreise ar a dteangain duthchais, agus do réir mar bheidh na bliadhanta ag imtheacht thar- ainn, ag dul i ndeacracht is eadh bheidh obair na mbreitheamhan. Beam ag súil le scata líonmhar ó sna ceann- trachaibh Gaedhealacha i mbliadhna. Badh mhaith linn a mholadh do Ghaedh- ilgeoiríbh na tuaithe nár chóir dearmhad a dhéanamh ar an iomaidheacht i gcomh- air lín-tighe. Badh cheart go mbeadh lín-tighe ar an Oireachtais ó gach conn- tae de sna conntaethibh Gaedhealacha. Do b'fhiú do dhuine teacht go dtí an tOireachtas chun éisteacht leis an gcomórtas so amháin. Agus, a dhaoine, nach é a dhéanfadh an mhaitheas ar gach taobh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services