Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomaidheachta Eile

Title
Iomaidheachta Eile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meitheamh 03, 1905.



Iomaidheachta Eile.



Ar an dtaobh eile de'n scríbh-
neoireacht is iad na hiomaidheachta is
mó go gcuirimíd spéis ionnta san
Oireachtas, na hiomaidheachta i dtaobh
Aithriseoireachta, Oráideachta, Inn-
sinnt Scéalta, agus Chomhrádh. Má chuir-
imíd leo so na hiomaidheachta i dtaobh
Sean-Dán is Meabhrughadh Amhrán na
bhFilí, chífeam go bhfuil a ndícheall gá
dhéanamh ag Coiste an Oireachtais chun
daoine a tharraint chúcha i gcomhair na
gceisteann so.



San gComhrádh i leith an Aosa Óig
do tháinig gasraidhe tréana ag iom-
aidheacht anuraidh is arughadh anuraidh,
is tá súil againn go bhfeicfear méad-
ughadh ar a líon i mbliadhna. Badh
bhreagh le duine bheith ag éisteacht le
garsúnaibh beaga is le gearra-chailíbh
óga ag tabhairt gach ré seadh ar a sás-
teacht do'n gCraoibhín Aoibhinn, do'n
Dochtúir Ó Luingsigh, is do na breith-
eamhnaibh eile. Bhíodh na breitheamhain
chéadna so ag cur faobhar suas. Tá
an tAos Óg ag dul i dtreise ar a
dteangain duthchais, agus do réir mar
bheidh na bliadhanta ag imtheacht thar-
ainn, ag dul i ndeacracht is eadh bheidh
obair na mbreitheamhan. Beam ag
súil le scata líonmhar ó sna ceann-
trachaibh Gaedhealacha i mbliadhna.



Badh mhaith linn a mholadh do Ghaedh-
ilgeoiríbh na tuaithe nár chóir dearmhad
a dhéanamh ar an iomaidheacht i gcomh-
air lín-tighe. Badh cheart go mbeadh
lín-tighe ar an Oireachtais ó gach conn-
tae de sna conntaethibh Gaedhealacha.
Do b'fhiú do dhuine teacht go dtí an
tOireachtas chun éisteacht leis an
gcomórtas so amháin. Agus, a dhaoine,
nach é a dhéanfadh an mhaitheas ar gach
taobh?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services