Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Na Lochlannaigh
Title
Éire - Na Lochlannaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Seachtmhadh Ceann Déag. Na Lochlannaigh. Lá dhá raibh Carl Magnus, impire na hAlmáine, ar imeall-bhórdaibh na Frainnce chonnaic sé uaidh amach ar fairrge long fá sheol dhubh. D'aithin sé gur bha leis na Lochlannachaibh long an tseoil dhuibh agus dubharthas gur ghoil sé ag machtnamh dó ar an gcruadhtan do dhéanfadh na Lochlannaigh úd do'n Chreidheamh Chríostaidhe. Tá deallramh na fírinne ar an scéal. Do b'é Carl Magnus an fear do b'intinneamhla le n-a linn féin, agus bhí tuairim aige cad do b'iad an saghas daoine na Lochlannaigh. Noruéig, Suéidigh, is Danair, do b'eadh iad, agus Págántacht a gcreideamh. Bhí a ndéithe féin aca, Tor is Odin is Fréa, agus a thuilleadh. Do b'iad na máirnéalaigh do b'fhearr le fágháil iad. Chomhnuighdis 'na mbuidheantaibh cois na fairrge ar an dtaobh thoir thuaidh de mhór-thír na hEorpa, ó'n dtír Fó-Thuinn as soin ó thuaidh go dtí Iath na Lic-oighre. Toisc go raibh a slighe mbeatha gann-chruaidh ar mhuir is tír, d'fhagadh na leanbhaí laga boga bás agus ní mhaireadh aca acht an fireannach is an baineannach láidir folláin. Dá réir sin fir chalma do bhí ins na Lochlannachaibh, cnámha garbha aca, féasóg is gruaig fhada ortha, an chuid ba mhó aca fionn glas-shúileach, agus a n-aighthe crón ó sháile is síon. Gidh go raibh cruth garg ortha, is féachaint fhiadháin ionnta, mar sin féin bhí eolas leo féin aca, agus bhí saoir-luinge is saoir-seoil ortha nár sáruigheadh chum bád iascaigh nó bhasc cogaidh do dhéanamh is do ghleasadh. Bhí gaibhne cruinne aca leis do ghnídheadh an lúireach is an claidheamh cruaidh faobhrach sa cheardchain, agus gidh gur bheag é a gcuid léighinn ná a n-eolas ar cheol, ar a shon soin bhí sean-dánta aca, is scéalta breaghdha ar ghaiscidheachaibh do tháinig rómpa, is ar dhéithibh fá dhraoidheacht i gcuasaibh mara, agus i measc cheoigh is shneachtaidh sa tuaiscirt. Ní bhíodh aon rí ar Lochlannachaibh, acht bhíodh gach buidhean aca fá Cheann Cuain, agus do b'eisean do réidhtigheadh eatortha. Do thárluigh ins an ochtmhadh aois dár dTighearna gur cheap na Cinn Cuain cáin do chur ar iasc is adhmad, is iarainn, agus d'éirigh iomarbháidh is achrann idir Lochlann- achaibh 'na thaobh soin. D'fhéach cuid aca amach fá'n bhfairrge. “Tá an mhuir fairsing,” ar siad-san. “Ní dhíolfam cáin acht baileochám í, mar tá saidhbhreas ins na tíorthaibh laisteas dínn, agus téidhmís dhá iarraidh.” “Is maith é,” arsa cách, agus níor shéid aon leoithne gaoithe i dtuaidh 'na dhiaidh súd nár thiomáin barcanna na Lochlannach fá bholg-sheolaibh ag treabhadh ó dheas ar lorg saidhbhris. Bhuaileadar an Fhrainnc is an Spáinn is sciobadar leo gach nídh luachmhar do chas ortha, agus thugadar a n-aghaidh a bhaile. Ghabh sainnt na Cinn Cuain chomh maith nuair do chonnacadar na tabharthasaí do thug an chuid eile leo. “Rachamuid-ne ar an dturas gcéadna leis,” do ráidh na Cinn Cuain agus as soin amach ar feadh dhá chéad bliadhan níor éirigh aon namhaid leis na ciantaibh ba fhíochmhaire 'ná an Lochlannach. Bhuail sé Sasana, thiar, thuaidh, is theas, agus i gcionn tamaill chuir sé fá chois an tír sin, agus thug trí rí dhi i ndiaidh a chéile, rud nach raibh sé 'na chumas a dhéanamh le hÉirinn gidh gur chuir sé chuige go dian is go dán. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services