Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An Seachtmhadh Ceann Déag.
Na Lochlannaigh.
Lá dhá raibh Carl Magnus, impire na hAlmáine, ar
imeall-bhórdaibh na Frainnce chonnaic sé uaidh amach ar
fairrge long fá sheol dhubh. D'aithin sé gur bha leis na
Lochlannachaibh long an tseoil dhuibh agus dubharthas gur
ghoil sé ag machtnamh dó ar an gcruadhtan do dhéanfadh
na Lochlannaigh úd do'n Chreidheamh Chríostaidhe. Tá
deallramh na fírinne ar an scéal. Do b'é Carl
Magnus an fear do b'intinneamhla le n-a linn féin,
agus bhí tuairim aige cad do b'iad an saghas daoine na
Lochlannaigh. Noruéig, Suéidigh, is Danair, do b'eadh
iad, agus Págántacht a gcreideamh. Bhí a ndéithe féin
aca, Tor is Odin is Fréa, agus a thuilleadh. Do b'iad na
máirnéalaigh do b'fhearr le fágháil iad.
Chomhnuighdis 'na mbuidheantaibh cois na fairrge ar
an dtaobh thoir thuaidh de mhór-thír na hEorpa, ó'n dtír
Fó-Thuinn as soin ó thuaidh go dtí Iath na Lic-oighre.
Toisc go raibh a slighe mbeatha gann-chruaidh ar mhuir
is tír, d'fhagadh na leanbhaí laga boga bás agus ní
mhaireadh aca acht an fireannach is an baineannach
láidir folláin.
Dá réir sin fir chalma do bhí ins na Lochlannachaibh,
cnámha garbha aca, féasóg is gruaig fhada ortha, an
chuid ba mhó aca fionn glas-shúileach, agus a n-aighthe crón
ó sháile is síon. Gidh go raibh cruth garg ortha, is
féachaint fhiadháin ionnta, mar sin féin bhí eolas leo
féin aca, agus bhí saoir-luinge is saoir-seoil ortha nár
sáruigheadh chum bád iascaigh nó bhasc cogaidh do
dhéanamh is do ghleasadh.
Bhí gaibhne cruinne aca leis do ghnídheadh an lúireach
is an claidheamh cruaidh faobhrach sa cheardchain, agus gidh
gur bheag é a gcuid léighinn ná a n-eolas ar cheol, ar
a shon soin bhí sean-dánta aca, is scéalta breaghdha ar
ghaiscidheachaibh do tháinig rómpa, is ar dhéithibh fá
dhraoidheacht i gcuasaibh mara, agus i measc cheoigh is
shneachtaidh sa tuaiscirt.
Ní bhíodh aon rí ar Lochlannachaibh, acht bhíodh gach
buidhean aca fá Cheann Cuain, agus do b'eisean do
réidhtigheadh eatortha.
Do thárluigh ins an ochtmhadh aois dár dTighearna gur
cheap na Cinn Cuain cáin do chur ar iasc is adhmad, is
iarainn, agus d'éirigh iomarbháidh is achrann idir Lochlann-
achaibh 'na thaobh soin. D'fhéach cuid aca amach fá'n
bhfairrge. “Tá an mhuir fairsing,” ar siad-san. “Ní
dhíolfam cáin acht baileochám í, mar tá saidhbhreas ins
na tíorthaibh laisteas dínn, agus téidhmís dhá iarraidh.”
“Is maith é,” arsa cách, agus níor shéid aon leoithne gaoithe
i dtuaidh 'na dhiaidh súd nár thiomáin barcanna na
Lochlannach fá bholg-sheolaibh ag treabhadh ó dheas ar
lorg saidhbhris.
Bhuaileadar an Fhrainnc is an Spáinn is sciobadar
leo gach nídh luachmhar do chas ortha, agus thugadar a
n-aghaidh a bhaile. Ghabh sainnt na Cinn Cuain chomh
maith nuair do chonnacadar na tabharthasaí do thug an
chuid eile leo. “Rachamuid-ne ar an dturas gcéadna
leis,” do ráidh na Cinn Cuain agus as soin amach ar feadh
dhá chéad bliadhan níor éirigh aon namhaid leis na
ciantaibh ba fhíochmhaire 'ná an Lochlannach. Bhuail sé
Sasana, thiar, thuaidh, is theas, agus i gcionn tamaill chuir
sé fá chois an tír sin, agus thug trí rí dhi i ndiaidh a chéile,
rud nach raibh sé 'na chumas a dhéanamh le hÉirinn gidh
gur chuir sé chuige go dian is go dán.
Conán Maol.