Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bídh ag Scríobhadh
Title
Bídh ag Scríobhadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 20, 1905. Bídh ag Scríobhadh. Tá Clár na gceisteann i gcomhair an Oireactais atá 'nár gcionn ar fágháil anois, agus éinne ná fuil an Clár so aige cuireadh sé fios ar cheann go dtí Rúnaidhe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Tá scríbhneoirí na Gaedhilge ag dul i líonmhaireacht. Is maith an rud soin. Acht is beag duine nár b'fhearrde roinnt taithighe é. Tá ceisteanna dóthain gach duine ar fágháil ar an gclár so; tosnuightear anois ar sholáthar dóibh, ar chuma go bhfeicfear feabhas mór ar Oireachtas na bliadhna so thar aon Oireachtas dá dtáinig roimhe. Is í an Roinn Liteardha an chuid is tábhachtaighe de'n gClár so. B'fhéidir go bhféadfadh sé bheith ní b'fhearr, acht tá comhaltas i mbun an Oireachtais go bhfuil taithighe a seacht nó a hocht de bhliadhantaibh aca air, agus ní fuláir nó tá a ndícheall dá dhéanamh aca. Is éigin daoine a mhealladh chun scríbh- neoireacht a dhéanamh. Acht na daoine seo go mbíonn fonn scríbhneoireachta ortha níor mhór linn uatha an Clár so an Oireachtais a léigheamh go cúramach, roinnt ceisteanna gur dóigh leo go bhféadfaidís cur síos ortha, a thoghadh as, a ndícheall a dhéanamh annsoin ar a smaointibh a “bhreacadh ar phár,” mar adeir na filí, i nGaedhilg shim- plidhe nádúrtha. Is dóigh linn gur féidir do gach éinne ceisteanna d'fhágháil annso go bhfuil sé ar a chumas cur síos ortha. Tá súil againn go dtabharfaidh a lán daoine fá cheist Iomaidheachta an Mhaolánaigh, .i. “Cad d'fhéadfadh Deoraidhthe a dhéanamh ar son a dtíre dúthchais ar gcasadh dhóibh.” Do bh'fhiú an cheist seo aire mhaith a thabhairt di. D'oirfeadh dhúinn cuid dár muinntir thall a mhealladh thar n-ais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services