An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 20, 1905.
Bídh ag Scríobhadh.
Tá Clár na gceisteann i gcomhair
an Oireactais atá 'nár gcionn ar
fágháil anois, agus éinne ná fuil an Clár
so aige cuireadh sé fios ar cheann go
dtí Rúnaidhe an Oireachtais i mBaile
Átha Cliath. Tá scríbhneoirí na
Gaedhilge ag dul i líonmhaireacht. Is
maith an rud soin. Acht is beag duine
nár b'fhearrde roinnt taithighe é. Tá
ceisteanna dóthain gach duine ar
fágháil ar an gclár so; tosnuightear
anois ar sholáthar dóibh, ar chuma go
bhfeicfear feabhas mór ar Oireachtas
na bliadhna so thar aon Oireachtas dá
dtáinig roimhe.
Is í an Roinn Liteardha an chuid is
tábhachtaighe de'n gClár so. B'fhéidir
go bhféadfadh sé bheith ní b'fhearr, acht
tá comhaltas i mbun an Oireachtais
go bhfuil taithighe a seacht nó a hocht
de bhliadhantaibh aca air, agus ní fuláir nó
tá a ndícheall dá dhéanamh aca. Is
éigin daoine a mhealladh chun scríbh-
neoireacht a dhéanamh. Acht na daoine
seo go mbíonn fonn scríbhneoireachta
ortha níor mhór linn uatha an Clár so
an Oireachtais a léigheamh go cúramach,
roinnt ceisteanna gur dóigh leo go
bhféadfaidís cur síos ortha, a thoghadh
as, a ndícheall a dhéanamh annsoin ar
a smaointibh a “bhreacadh ar phár,”
mar adeir na filí, i nGaedhilg shim-
plidhe nádúrtha.
Is dóigh linn gur féidir do gach
éinne ceisteanna d'fhágháil annso go
bhfuil sé ar a chumas cur síos ortha.
Tá súil againn go dtabharfaidh a lán
daoine fá cheist Iomaidheachta an
Mhaolánaigh, .i. “Cad d'fhéadfadh
Deoraidhthe a dhéanamh ar son a dtíre
dúthchais ar gcasadh dhóibh.” Do bh'fhiú
an cheist seo aire mhaith a thabhairt di.
D'oirfeadh dhúinn cuid dár muinntir
thall a mhealladh thar n-ais.