Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas
Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 13, 1905. An tOireachtas. Tá Clár na gceisteann i gcomhair an Oireachtais ar fágháil anois, agus badh mhithid dár scríbhneoiríbh a bheith ag cuimhneamh ar faobhar a chur suas. D'éis an tsaoghail is ar ár scríbhneoiríbh a bheam ag braith i gcomhnaidhe chun deagh-chlú an Oireachtais a chothughadh agus d'árdughadh ó bhliadhain go bliadhain. Ó'n lá do tosnuigheadh ar an Oireachtas go dtí an lá atá indiu ann, ní feacathas céim anuas á tabhairt aige; ag dul suas is suas a bhíodh sé. Fúibh-se, a Ghaedheala na hÉireann, 'seadh atá sé a choimeád ag dul suas is suas, ag borradh is ag fás, go dtí go mbeidh sé chomh láidir sin nach baoghal dó an namhaid is nimhnighe aigne is is measa gníomh. Ní gábhadh dhúinn breis aimsire a chaitheamh ag brostughadh ár scríbhneoirí. Is eol dóibh an gábhadh atá le n-a saothar, agus tá súil againn go bhfeáchfaid, idir Dhraoithe is eile, chuige na beidh aon tarraint siar ná aon laigheadughadh i mbliadhna ar an soláthar i gcomhair Oireachtas na nGaedheal is na Geadhilge. Anois an t-am chun tosnuighthe i ndáríribh. Níl an cáirde ró-fhada acht mar sin féin, tá d'uain ag gach duine gníomh éigin a dhéanamh. Feiceam bhur ngníomh. Tá a lán daoine ann agus dar leat ortha gurab amhlaidh a bhíonn scáth ortha tabhairt fá éin-nídh san Oireachtas. Ní bheadh pioc dá bhárr aca. Bheadh an iomad daoine 'na gcoinnibh. Ní bhuaidh- fidís duais. Tá éin-nídh amháin deimh- nitheach ar éan-chuma, 'sé sin, nár bhuaidh an lag-mhisneach duais riamh. Deir an sean-fhocal nár chaill an fear misnigh riamh. Ar an adhbhar soin is í ár gcomh- airle do dhaoinibh áirithe gur féidir leo a dteanga féin a scríobhadh, gan bheith cásmhar ná leathscéalach. Suidhidís ar a socracht. Scríobhaidís a n-aistí is cuiridís ag triall ar Rúnaidhe an Oireachtais iad. Sin mar dhéanfadh fíor-Ghaedhil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services