Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas

Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 13, 1905.



An tOireachtas.



Tá Clár na gceisteann i gcomhair
an Oireachtais ar fágháil anois, agus badh
mhithid dár scríbhneoiríbh a bheith ag
cuimhneamh ar faobhar a chur suas.
D'éis an tsaoghail is ar ár scríbhneoiríbh
a bheam ag braith i gcomhnaidhe chun
deagh-chlú an Oireachtais a chothughadh agus
d'árdughadh ó bhliadhain go bliadhain.
Ó'n lá do tosnuigheadh ar an Oireachtas
go dtí an lá atá indiu ann, ní
feacathas céim anuas á tabhairt aige;
ag dul suas is suas a bhíodh sé.
Fúibh-se, a Ghaedheala na hÉireann,
'seadh atá sé a choimeád ag dul suas
is suas, ag borradh is ag fás, go dtí
go mbeidh sé chomh láidir sin nach baoghal
dó an namhaid is nimhnighe aigne is is
measa gníomh.



Ní gábhadh dhúinn breis aimsire a
chaitheamh ag brostughadh ár scríbhneoirí.
Is eol dóibh an gábhadh atá le n-a
saothar, agus tá súil againn go bhfeáchfaid,
idir Dhraoithe is eile, chuige na beidh
aon tarraint siar ná aon laigheadughadh
i mbliadhna ar an soláthar i gcomhair
Oireachtas na nGaedheal is na
Geadhilge. Anois an t-am chun
tosnuighthe i ndáríribh. Níl an cáirde
ró-fhada acht mar sin féin, tá d'uain
ag gach duine gníomh éigin a dhéanamh.
Feiceam bhur ngníomh.



Tá a lán daoine ann agus dar leat
ortha gurab amhlaidh a bhíonn scáth ortha
tabhairt fá éin-nídh san Oireachtas.
Ní bheadh pioc dá bhárr aca. Bheadh an
iomad daoine 'na gcoinnibh. Ní bhuaidh-
fidís duais. Tá éin-nídh amháin deimh-
nitheach ar éan-chuma, 'sé sin, nár bhuaidh
an lag-mhisneach duais riamh. Deir
an sean-fhocal nár chaill an fear misnigh
riamh. Ar an adhbhar soin is í ár gcomh-
airle do dhaoinibh áirithe gur féidir leo
a dteanga féin a scríobhadh, gan bheith
cásmhar ná leathscéalach. Suidhidís ar
a socracht. Scríobhaidís a n-aistí is
cuiridís ag triall ar Rúnaidhe an
Oireachtais iad. Sin mar dhéanfadh
fíor-Ghaedhil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services