Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Na Manaigh (ar leanamhaint)
Title
Éire - Na Manaigh (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Séamhadh Ceann Déag. Na Manaigh. (ar leanamhaint). Le linn na manach do b'é tuairim uaisle na hÉireann go mba scoirn d'aon aca a lámha do shail- iughadh le ráinn ná le sluasaid mar do b'é sin gnó an sclábhaidhe. Ní bhídís díomhaoin, ámhthach, mar bhí bheadh meas ar aon aca ná beadh foghluim air, ná beadh cliste chum claidheamh is sleagh do láimhseáil, ná beadh rith is léim aige, taithighe ar mharcaidheacht aige, is fonn chum fiadhaigh. 'Sé an teist is fearr ar mhúineadh an mhanaigh gur theasbáin sé nár bh'éin-cheann fé d'éinne bheith aicillidhe chum rómhair is grafaidh, cum buille féir do bhaint le speil, coirce do leagadh le corrán, is an t-arbhar do mheilt le bróin. Ba han-mhinic gur mhac duine uasail é féin agus tabhairt suas maith air sul ar chuir sé uimis culaidh gharbh an mhanaigh, acht chaith sé uaidh an claidheamh agus rug sé ar an bpiocóid nó ar an ráinn agus theasbáin sé dá dheascaibh sin gur measamhail an rud obair. Bhí an manach foghlumanta leis. Bhí mórán aca ar na scoláiríbh do b'feárr ar domhan an uair sin. Bhí Laidin is Gréigis is Gaedhilg aca agus gach saghas ealadhanta eile bhí le fágháil an uair sin. Tháinig scoláirí as gach áird sa tsaoghal ag foghluim uatha. Bhí trí mhíle mac léiginn i n-éinfheacht ar Árd-Scoil Chluana Mhic Nóis agus suas leis an oiread gcéadna ar scoileannaibh eile ar faid na tíre. Do mhúintí as Gaedhilg is as Laidin iad siúd go léir, agus bhíodh math-shluagh dheorata 'na measc d'fhuighbheadh a gcuid bídh is léighinn i n-aisce — nós gan chéill ná molfainnn i n-aon-chor mar ba mhór an costas ar Éirinn é scata de dhaoinibh iasachta do chothughadh agus do mhúineadh gan éin-nídh, agus is olc an cúiteamh do fuair Éire as 'na dhiaidh siúd. Ní féidir linn acht súil-fhéachaint do thabhairt ar na haoisibh úd go raibh léigheann is saidhbhreas is síothcháin i nÉirinn. Chuaidh na daoine i líonmhaireacht agus i ndiadhaidheacht do mhúin is do léigh na manaigh, do ghnídheadar macsamhla de leabhraibh luachmhara na hÉireann, agus de leabhraibh naomhtha an Chreidimh. Do ceapadh ins na mainistríbh úd cuma scríbhneoir- eachta le peann nár sáruigheadh riamh ó shoin agus ná sáróchar go deo arís. Do dheineadar féin a gcuid duibh agus dathanna agus bhí a n-eolas ar dhathannaibh chomh cruinn sin go seasuigheann na dathanna soin fós ar bhilleogaibh na leabhar d'éis míle bliadhain do ghabháil tharsa. Saoir cloch is adhmaid, saoir práis is umha is iarainn do b'eadh na manaigh úd, agus bhí cuid aca 'na gceárdaidhthibh chomh cliste le haon cheárdaidhe tuathach gidh go raibh teist mhór ar cheárdaidhthibh Éireann i gcomhnaidhe, ó'n nGobán Saor i leith agus leis na ciantaibh roimh aimsir an Ghobáin Saoir, ins an seachtmhadh aois dár dTighearna. Cé go raibh aimsir chompórdach sa tír, mar sin féin, ní rabhthas gan brón is trioblóid uaireannta. Léightear ins na sean-leabhraibh gur leath taom éagcruais nó pláighe thríd an dtír, dá ngairmthear an Bhuidhe Chonaill, agus gur shlad sé leath mhuinntir na hÉireann leis idir chléir is tuathaigh. Bhíodh droch- earrach is droch-fhoghmhar aca do mheathadh an síol agus do lobhadh an féar fá mar do bhíodh i dtíorthaibh eile, agus do thárlóchadh dá dheascaibh sin go mbeadh biadh an duine agus cothughadh an bheithidhigh gann ar feadh tamaill. Ar a shon soin is eile ní áirighim go raibh aon ghorta sa tír ná go bhfuair daoine bás leis an ocras i nÉirinn faid do bhí sí fá n-a riaghail féin. Bhíodar na hÉireannaigh fial le n-a gcomharsanaibh lasmuich leis, mar tá sé curtha síos gur thugadar fóirithin ar Shasana nuair do bhí a gábhatar go dian sa tír sin, agus gur líonadar builg scuaintí ocracha na Sasana soin do sceinn chum na hÉireann ag iarraidh déirce nuair do bhí an anacra ag cur ortha. Bhí na manaigh chomh fial leis na daoinibh eile, acht ní thugaidís uatha a gcuid i gcomhair go mbeadh cách 'gá moladh. Bheathaidís an duine bocht is an dílleachtaidhe ar son an tSlánuightheora agus bhainidís adhbhar a dhéanta as an dtalamh le saothar a lámh. Ní raibh aon ghábhadh le “tigh na mbocht” le n-a linn siúd, mar bhíodh fáilte aca roimh an easlán is an truaghán agus cé gur mhinic gur mhac ríogh nó taoisigh uasail an bhráthair friothálaimh 'na chulaidh ghairbh, is beag an cheist do bhíodh air an duine bocht do chíoradh, do níghe, agus biadh d'ullmhughadh dhó. Fuair an manach a lógh, acht ní ar an saoghal so é. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services