Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Na Manaigh (ar leanamhaint)

Title
Éire - Na Manaigh (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Séamhadh Ceann Déag.



Na Manaigh.
(ar leanamhaint).



Le linn na manach do b'é tuairim uaisle na
hÉireann go mba scoirn d'aon aca a lámha do shail-
iughadh le ráinn ná le sluasaid mar do b'é sin gnó an
sclábhaidhe. Ní bhídís díomhaoin, ámhthach, mar bhí bheadh
meas ar aon aca ná beadh foghluim air, ná beadh cliste
chum claidheamh is sleagh do láimhseáil, ná beadh rith is
léim aige, taithighe ar mharcaidheacht aige, is fonn chum
fiadhaigh.



'Sé an teist is fearr ar mhúineadh an mhanaigh gur
theasbáin sé nár bh'éin-cheann fé d'éinne bheith aicillidhe
chum rómhair is grafaidh, cum buille féir do bhaint le
speil, coirce do leagadh le corrán, is an t-arbhar do
mheilt le bróin. Ba han-mhinic gur mhac duine uasail
é féin agus tabhairt suas maith air sul ar chuir sé uimis
culaidh gharbh an mhanaigh, acht chaith sé uaidh an claidheamh
agus rug sé ar an bpiocóid nó ar an ráinn agus theasbáin sé
dá dheascaibh sin gur measamhail an rud obair. Bhí an
manach foghlumanta leis. Bhí mórán aca ar
na scoláiríbh do b'feárr ar domhan an uair sin. Bhí
Laidin is Gréigis is Gaedhilg aca agus gach saghas
ealadhanta eile bhí le fágháil an uair sin. Tháinig
scoláirí as gach áird sa tsaoghal ag foghluim uatha.



Bhí trí mhíle mac léiginn i n-éinfheacht ar Árd-Scoil
Chluana Mhic Nóis agus suas leis an oiread gcéadna ar
scoileannaibh eile ar faid na tíre.



Do mhúintí as Gaedhilg is as Laidin iad siúd go
léir, agus bhíodh math-shluagh dheorata 'na measc d'fhuighbheadh
a gcuid bídh is léighinn i n-aisce — nós gan chéill ná
molfainnn i n-aon-chor mar ba mhór an costas ar
Éirinn é scata de dhaoinibh iasachta do chothughadh agus do
mhúineadh gan éin-nídh, agus is olc an cúiteamh do fuair
Éire as 'na dhiaidh siúd.



Ní féidir linn acht súil-fhéachaint do thabhairt ar na
haoisibh úd go raibh léigheann is saidhbhreas is síothcháin
i nÉirinn. Chuaidh na daoine i líonmhaireacht agus i
ndiadhaidheacht do mhúin is do léigh na manaigh, do
ghnídheadar macsamhla de leabhraibh luachmhara na
hÉireann, agus de leabhraibh naomhtha an Chreidimh.



Do ceapadh ins na mainistríbh úd cuma scríbhneoir-
eachta le peann nár sáruigheadh riamh ó shoin agus ná
sáróchar go deo arís. Do dheineadar féin a gcuid
duibh agus dathanna agus bhí a n-eolas ar dhathannaibh chomh
cruinn sin go seasuigheann na dathanna soin fós ar
bhilleogaibh na leabhar d'éis míle bliadhain do ghabháil
tharsa. Saoir cloch is adhmaid, saoir práis is umha is
iarainn do b'eadh na manaigh úd, agus bhí cuid aca 'na
gceárdaidhthibh chomh cliste le haon cheárdaidhe tuathach
gidh go raibh teist mhór ar cheárdaidhthibh Éireann i
gcomhnaidhe, ó'n nGobán Saor i leith agus leis na ciantaibh
roimh aimsir an Ghobáin Saoir, ins an seachtmhadh aois
dár dTighearna.



Cé go raibh aimsir chompórdach sa tír, mar sin féin,
ní rabhthas gan brón is trioblóid uaireannta.



Léightear ins na sean-leabhraibh gur leath taom
éagcruais nó pláighe thríd an dtír, dá ngairmthear an
Bhuidhe Chonaill, agus gur shlad sé leath mhuinntir na
hÉireann leis idir chléir is tuathaigh. Bhíodh droch-
earrach is droch-fhoghmhar aca do mheathadh an síol agus do
lobhadh an féar fá mar do bhíodh i dtíorthaibh eile, agus do
thárlóchadh dá dheascaibh sin go mbeadh biadh an duine agus
cothughadh an bheithidhigh gann ar feadh tamaill. Ar a
shon soin is eile ní áirighim go raibh aon ghorta sa tír
ná go bhfuair daoine bás leis an ocras i nÉirinn faid
do bhí sí fá n-a riaghail féin. Bhíodar na hÉireannaigh
fial le n-a gcomharsanaibh lasmuich leis, mar tá sé
curtha síos gur thugadar fóirithin ar Shasana nuair do
bhí a gábhatar go dian sa tír sin, agus gur líonadar
builg scuaintí ocracha na Sasana soin do sceinn chum
na hÉireann ag iarraidh déirce nuair do bhí an anacra
ag cur ortha.



Bhí na manaigh chomh fial leis na daoinibh eile, acht ní
thugaidís uatha a gcuid i gcomhair go mbeadh cách 'gá
moladh. Bheathaidís an duine bocht is an dílleachtaidhe
ar son an tSlánuightheora agus bhainidís adhbhar a dhéanta
as an dtalamh le saothar a lámh. Ní raibh aon ghábhadh
le “tigh na mbocht” le n-a linn siúd, mar bhíodh fáilte
aca roimh an easlán is an truaghán agus cé gur mhinic gur
mhac ríogh nó taoisigh uasail an bhráthair friothálaimh 'na
chulaidh ghairbh, is beag an cheist do bhíodh air an
duine bocht do chíoradh, do níghe, agus biadh d'ullmhughadh
dhó. Fuair an manach a lógh, acht ní ar an saoghal
so é.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services