Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Lúith-Chleas Gaedheal
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Lúith-Chleas Gaedheal
Author(s)
Oscar na Féinne,
Pen Name
Oscar na Féinne
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Lúith-Chleas Gaedheal Bhuaidh togha iománaidhthe Laighse go bog ar thogha an chonntae is lugha againn, Dia Domhnaigh seo d'imthigh thorainn, acht bhí a mhalairt díreach de scéal ag sna conntaethibh céadna soin ar bhualadh an pheile. Pé slighe é, is beag 'e mhaith bheith a d'iarraidh iománaidhthe fóghanta d'fhágháil i n-éan- pháirt de'n ndúthaigh mar an rud é go raibh cleacht ag muinntir na háite le sna ciantaibh ar an imirt sin. I gcathair Bhaile Átha Cliath féin 'sé an braith gan lionn a bheith ag braith ar dheigh-iománaidhthibh d'fhágháil acht daoine ó cheanntrachaibh 'nar dual iománaidh- eacht. Bhí áirleoir éigin ó Chuige Mumhan ag taisteal i gCo. Mhuigheo an tseachtmhain seo caithte againn, agus bhí muinntir an iarthair ag fiosrughadh dhe cad é an sórt gaiscidheach na Ciarraidhigh seo a bhí chun seasamh ina gcoinnibh ar peil i Luimneach. Dubhairt seisean nár b'fhiú prátaí is salann muinntir Mhuigheo muna bhfaighdís an lámh uachtair ortha. Acht do rug fuireann na Ríoghachta an chraobh leo agus beifear ag súil leis an dtaistealaidhe úd arís! Beidh trácht againn an tseachtmhain seo chughainn ar théarmaíbh agus ar fhoclaibh a bhaineann le faithche an imeartha agus le imirt iomána, camóguidheachta agus peile. Má théidheann dínn iad go léir d'aimsiughadh i n-aon-iarracht amháin, casfam ar an scéal. Is clos dúinn gur gearr uainn go mbeidh báire mór camóguidheachta ar siubhal i mBaile Átha Cliath, ina dtiocfaidh gach uile fhuireann camóige sa cathair ag iomaidheacht le dream eile féibh mar a bhíonn againn ar iománaidheacht. Oscar na Féinne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services