Cúrsaí an tSaoghail
Lúith-Chleas Gaedheal
Bhuaidh togha iománaidhthe Laighse go
bog ar thogha an chonntae is lugha
againn, Dia Domhnaigh seo d'imthigh
thorainn, acht bhí a mhalairt díreach de
scéal ag sna conntaethibh céadna soin
ar bhualadh an pheile. Pé slighe é, is
beag 'e mhaith bheith a d'iarraidh
iománaidhthe fóghanta d'fhágháil i n-éan-
pháirt de'n ndúthaigh mar an rud é go
raibh cleacht ag muinntir na háite le
sna ciantaibh ar an imirt sin. I
gcathair Bhaile Átha Cliath féin 'sé an
braith gan lionn a bheith ag braith ar
dheigh-iománaidhthibh d'fhágháil acht daoine
ó cheanntrachaibh 'nar dual iománaidh-
eacht.
Bhí áirleoir éigin ó Chuige Mumhan
ag taisteal i gCo. Mhuigheo an
tseachtmhain seo caithte againn, agus bhí
muinntir an iarthair ag fiosrughadh dhe
cad é an sórt gaiscidheach na
Ciarraidhigh seo a bhí chun seasamh ina
gcoinnibh ar peil i Luimneach.
Dubhairt seisean nár b'fhiú prátaí is
salann muinntir Mhuigheo muna
bhfaighdís an lámh uachtair ortha. Acht
do rug fuireann na Ríoghachta an
chraobh leo agus beifear ag súil leis an
dtaistealaidhe úd arís!
Beidh trácht againn an tseachtmhain
seo chughainn ar théarmaíbh agus ar fhoclaibh
a bhaineann le faithche an imeartha agus le
imirt iomána, camóguidheachta agus
peile. Má théidheann dínn iad go
léir d'aimsiughadh i n-aon-iarracht
amháin, casfam ar an scéal.
Is clos dúinn gur gearr uainn go
mbeidh báire mór camóguidheachta ar
siubhal i mBaile Átha Cliath, ina
dtiocfaidh gach uile fhuireann camóige
sa cathair ag iomaidheacht le dream
eile féibh mar a bhíonn againn ar
iománaidheacht.
Oscar na Féinne.